Pictiúr ó oileán Gaeltachta le díol ar ceant an tseachtain seo chugainn

Táthar ag súil idir €6,000 agus €8,000 a fháil ar phictiúr de chuid James Dixon, an t-ealaíontóir iomráiteach ó Oileán Thoraí

Pictiúr ó oileán Gaeltachta le díol ar ceant an tseachtain seo chugainn

Cuirfear ar ceant an tseachtain seo chugainn, pictiúr atá bunaithe ar léaráid James Dixon ón bhliain 1967, den Wild Goose, bád an tseoltóra agus an údair Wallace Clark, agus é ag teacht i dtír ag an tseanchéibh ar oileán Thoraí, amach ó chósta Dhún na nGall.

De réir an eolais atá tugtha ag na ceantálaithe, Whyte’s, táthar ag súil idir €6,000 agus €8,000 a fháil ar an phictiúr.

Anuraidh, bhí ceantálaithe, Adams, ag súil idir €8,000 agus €12,000 a fháil ar shaothar eile de chuid Dixon, dar teideal Cutty Shark, ach díoladh an pictiúr sin ar €36,000.

Is pictiúr ola ar chanbhás é an saothar Wild Goose atá sínithe, dátaithe agus a bhfuil inscríbhinn i mBéarla air a deir, ‘An tUasal Clark ag teacht go hOileán Thoraí chun cuid dá chairde a fheiceáil’.

Sheol Clark timpeall na hÉireann den chéad uair sa bhliain 1951 agus aríst i 1954 agus é ag tabhairt cuairt ar oileáin na tíre chomh maith ar a thuras. Bhuail sé le James Dixon go luath sna 1950idí nuair a thug sé cuairt ar an chreag i lár na farraige ina bhád 36 troigh.

Rinne Clark cur síos ar a chuid ama ar bharr na dtonn ina leabhar Sailing Round Ireland agus taispeánann saothar Dixon, Clark ag tosach an bháid agus muintir na n-oileán réidh le fearadh fáilte a chur roimhe agus iad ag dúil lena chuid scéalta uilig a chluinstin.

Ba iascaire agus feirmeoir é James Dixon a rugadh agus a tógadh ar oileán Thoraí. Thosaigh sé ag péinteáil nuair a bhí sé sna seachtóidí agus ba é an t-ealaíontóir Derek Hill a spreag Dixon toiseacht ar an phéintéireacht.

Thug Derek Hill cuairt ar an oileán Gaeltachta sa bhliain 1959 agus bhunaigh sé scoil ealaíne ar an oileán dar teideal ‘Scoil Thoraí’.

Chuir Hill péint agus páipéar ar fáil do Dixon, ach dhiúltaigh sé scuaba a thógáil uaidh mar gurbh fhearr leis a chuid féin a dhéanamh as ribí fionnadh asail.

Fuair Dixon bás sa bhliain 1970 ach bhí a shaothair le feiceáil i mBéal Feirste, Londain, Baile Átha Cliath, agus Vín le linn na blianta deiridh dá shaol.

Fág freagra ar 'Pictiúr ó oileán Gaeltachta le díol ar ceant an tseachtain seo chugainn'