Pictiúir nach bhfacthas riamh cheana ón gcogadh cathartha ar taispeáint 

Tá 39 ‘portráid phríosúin’ a rinne Alfred McGloughlin, nia le Pádraic agus Wille Pearse, le feiceáil i dtaispeántas nua i Músaem Phríosún Chill Mhaighneann

Pictiúir nach bhfacthas riamh cheana ón gcogadh cathartha ar taispeáint 

Tá tús curtha le taispeántas nua de phortráidí ón gCogadh Cathartha nach bhfacthas riamh cheana iad i Músaem Phríosún Chill Mhaighneann. Taispeántas é seo de phortráidí a rinne an príosúnach agus an t-ealaíontóir Alfred McGloughlin [1888-1932] de dhaoine a bhí ina gcimí le linn Chogadh na gCarad agus é féin ina chime ina dteannta.

Laistigh de chillín Alf

Tim McGloughlin, arbh é Alf McGloughlin a sheanathair, a d’eagraigh an taispeántas i gcomhar le hOifig na nOibreacha Poiblí. Dúirt Tim le Tuairisc gur in 2019 a thosaigh sé féin ag obair le hOifig na nOibreacha Poiblí ar an taispeántas ealaíne seo ach go raibh na líníochtaí aige ó na 1990idí. 

“Stóráil mé iad tar éis roinnt ama a chaitheamh ag iarraidh fáil amach cé na daoine a bhí sna portráidí (tá go leor gan ainm),” a dúirt sé.

Charlie Chaplin a thug an t-ealaíontóir féin ar an bpríosúnach seo! Seans gurb é seo Seán Lemass, dar le Fearghas Mac Lochlainn

“Shíl mé go mbeadh spéis ar leith ag daoine sa chnuasach do Dheich mBliana na gCuimhneachán agus mar sin phléigh mé taispeántas le mo chol ceathrair, an t-ealaíontóir, Eoin Mac Lochlainn agus Brian Crowley i gCill Mhaighneann.”

“Príosúnaigh le linn an chogaidh chathartha i 1922-23 a bhí sna pictiúir go léir agus sílim go léirítear mothúcháin na bpríosúnach go han-mhaith sna pictiúir. Bhí na hábhair líníochta teoranta freisin ag na coinníollacha [sa phríosún]. Tá na híomhánna den taobh istigh den phríosún an-suimiúil freisin.”

Frank Kelly

Ar an 21 Deireadh Fómhair 1922, agus an Cogadh Cathartha ar siúl le beagnach ceithre mhí, ghabh fórsaí an tSaorstáit Alfred McGloughlin ina theach cónaithe agus tugadh go Dún Wellington i mBaile Átha Cliath é. Chaith sé an bhliain dár gcionn ina phríosúnach polaitiúil, i mBeairic Wellington ar dtús, ansin i bPáirc an Ghiorria i gCurrach Chill Dara. I bPríosún Mhuinseo a bhí sé nuair a scaoileadh saor ar an 13 Deireadh Fómhair 1923, roinnt míonna tar éis dheireadh an chogaidh chathartha. 

D’fhulaing Alfred McGloughlin drochíde go leor ag tréimhsí áirithe den bhraighdeanas ach luaigh sé go mbíodh tréimhsí suaimhnis aige sa phríosún “ag sceitseáil in uiscedhathanna, agus ag líonadh punann le líníochtaí peann luaidhe dá chomrádaithe”. Ba as na tréimhsí beaga faoisimh sin a tháinig teideal an taispeántais ‘Intervals of Peace’.

Seosamh Ó Cléirigh

Beidh 39 portráid agus sceitse uiscedhatha a rinne Alfred McGloughlin i bPríosún Mhuinseo ar taispeáint go poiblí den chéad uair riamh sa taispeántas i bPríosún Chill Mhaighneann. Is cuid an taispeántas seo den chomóradh céad bliain ar an gCogadh Cathartha.

Ba í Emily Pearse máthair an ealaíontóra agus ba iad ceannairí na Cásca 1916, Pádraig agus Liam Mac Piarais, a uncailí. Ba i dteaghlach an Phiarsaigh a d’fhás Alfred aníos. Ina dhiaidh sin chuidigh sé leis an scoil a bhunaigh an Piarsach, Scoil Éanna, a reáchtáil. Bhí sé ina stiúrthóir ag Sinn Féin ar na toghcháin i ndeisceart Bhaile Átha Cliath do thoghcháin 1918 agus 1921 agus sheas sé mar iarrthóir é féin sna toghcháin áitiúla i 1920. 

Féinphortráid den ealaíontóir, Alf Mac Lochlainn

D’fhan sé gníomhach mar iriseoir polaitíochta, agus bhíodh sé ag scríobh go rialta leis an nuachtán poblachtach An Phoblacht. D’fhág a thréimhse sa phríosún lorg buan ar a shláinte agus ní raibh sé ach 44 bliain d’aois nuair a bhásaigh sé de bharr galar croí i 1932. 

Iníon Alfred McGloughlin, Charlotte Groarke, a sheol an  taispeántas i gCill Mhaighneann aréir. 

Beidh ‘Intervals of Peace’ ar siúl go dtí an 25 Deireadh Fómhair 2022.

Fág freagra ar 'Pictiúir nach bhfacthas riamh cheana ón gcogadh cathartha ar taispeáint '

  • Fearghas Mac Lochlainn

    Bhain mé an-sásamh go deo as an alt breá a scríobh Meadhbh Ní Eadhra faoin taispeántas a osclaíodh i Músaem Phríosún Chill Mhaighneann inné.
    Ba é mo sheanathair Alfred MgGloughlin a tharraing na pictiúir ar fad sa taispeántas seo i rith a thréimhse féin i ngéibheann i le linn Chogadh na gCarad. Is údar mór bróid dúinne, garchlann Alfred McGloughlin, na pictiúir seo ar fad a bheith le feiceáil ag an bpobal anois. D’fhulaing Alfred McGloughlin droch-splíontaíocht faoi lámha an tSaor Stáit sa bpríosún agus cailleadh go hóg é dá bharr agus gan é ach ceithre bliana le cois an dá fhichead. Ba í Emily Pearse (leasdeirfiúr Phádraic agus Liam Mhic Phiarais) máthair Alfred agus mo shin seanmháthair. Is i dteach na bPiarsach i Great Brunswick Street (Sráid an Phiarsaigh anois) a tógadh Alfred, nuair a chuaigh a athair féin ar imirce go Meiriceá. Ba iad Pádraig agus Liam a chuid uncailí, cé nach raibh siad mórán ní ba shine ná é fhéin.
    Tá mé an-bhuíoch de mo cholceathrar Tim Mac Lochlainn, de mo dheartháir an t-ealaíontóir Eoin Mac Lochlainn agus de Bhrian Crowley a thug an taispeántas seo chun críche.
    Is í m’aint Charlotte McGloughlin, iníon Alfred, a sheol an taispeántas. Cé go bhfuil sí os cionn deich mbliana agus ceithre fichid tá sí go breá breabhsach i gcónaí bail ó Dhia uirthi!
    Ba mhaith liom aird a tharraingt ar chúpla botún beag fánach maidir leis na pictiúir san alt seo.
    Os cionn an ailt tá féinphortráid d’Alf Mac Lochlainn (Alfred McGloughlin) ar chlé agus Seosamh Ó Cléirigh (Joe Clarke) ar dheis. Ní hé mo sheanathair atá sa gcéad phictiúr eile mar atá ráite. Seans gurb é seo Seán Lemass cé gurb é ‘Charlie Chaplin’ atá scríofa air aisteach go leor! Is e Proinsiad Ua Ceallaigh (Frank Kelly) atá sa gcéad phictiúr eile – tá an ceann seo ceart. Is é Seosamh Ó Cléirigh (Joe Clarke) arís atá sa gcéad phictiúr eile agus ní hé Seán Lemass mar atá ráite. Agus in íochtar uile arís tá féinphortráid mo sheanathar Alf Mac Lochlainn agus ní hé Joe Clarke mar atá ráite. Cén dochar!
    Míle buíochas le Meadhbh Ní Eadhra a scríobh an t-alt breá seo agus a tharraing ár n-aird ar an taispeántas spreagúil seo.