Pictiúir as Dún Chaoin, An Bun Beag agus ceantair Ghaeltachta eile díolta ar na mílte euro ar ceant

Bhain pictiúr a díoladh ar €105,000 le hiarthar na hÉireann chomh maith

Pictiúir as Dún Chaoin, An Bun Beag agus ceantair Ghaeltachta eile díolta ar na mílte euro ar ceant

Tá na mílte euro íoctha ar ceant ar phictiúir de cheantair Ghaeltachta ar fud na tíre. Reáchtáil an comhlacht ceantála Morgan O’Driscoll ceant speisialta ar líne an tseachtain seo agus saothair ealaíne ón tír seo agus ó thíortha eile ar díol acu.

Bhí scata pictiúr a bhain le ceantair Ghaeltachta san áireamh agus radharcanna as Dún Chaoin, Baile an Fheirtéaraigh, Inis Mór, Acaill, agus An Bun Beag ar fáil.

Bhain an pictiúr a díoladh ar an bpraghas is airde le hiarthar na hÉireann chomh maith. Íocadh €105,000 ar shaothar le Paul Henry, Celtic Cross in a West of Ireland Landscape.

Bhain pictiúr de mhná ag fanacht ar an gcé i gCill Rónáin ar Inis Mór an praghas is mó de na pictiúir Ghaeltachta. Díoladh The Bould One, Kilronan Quay, Aran a phéinteáil Cecil Maguire i 1971 ar €6,000.

Bhí suim ar leith ag an bpéintéir Maurice Canning Wilks in iarthar na hÉireann agus bhí dhá shaothar leis ar ceant.

Ceannaíodh ceann leis a bhain le Gaeltacht Dhún na nGall, Breezy Day, Bunbeg, Co. Donegal, ar €3,800 agus díoladh ceann eile, Thatched Cottages and Figures West of Ireland, ar €4,400.

Bhí tóir ar phictiúir de Chorca Dhuibhne a bhí déanta ag an ealaíontóir John Skelton chomh maith. Ceannaíodh Waiting for the Fog to Clear, Dunquin, Co. Kerry ar €2,800 agus bhain ceann eile le Skelton, Evening Light, Ballyferriter, Co. Kerry, praghas €4,000 amach.

Díoladh roinnt pictiúr as Acaill agus as Conamara chomh maith, Road to Achill (€3,200) le Markey Robinson agus Cows Grazing, Connemara (€1,700) le Eileen Meagher ina measc.

Fág freagra ar 'Pictiúir as Dún Chaoin, An Bun Beag agus ceantair Ghaeltachta eile díolta ar na mílte euro ar ceant'