Pianbhreith gearrtha ar iar-aisteoir de chuid Ros na Rún as gan clárú le Clár na gCiontóirí Gnéis

Níor chláraigh Garrett Phillips, an t-iar-aisteoir de chuid Ros na Rún a ciontaíodh i mí Iúil as éigniú, le Clár na gCiontóirí Gnéis fad is a bhí sé ar bannaí sular gearradh pianbhreith air

Pianbhreith gearrtha ar iar-aisteoir de chuid Ros na Rún as gan clárú le Clár na gCiontóirí Gnéis

Gearradh téarma príosúin 11 mí sa chúirt inniu ar Garrett Phillips, an t-iar-aisteoir de chuid Ros na Rún a ciontaíodh i mí Iúil as éigniú, as gan clárú le Clár na gCiontóirí Gnéis fad is a bhí sé ar bannaí.

I mí Iúil, gearradh sé bliana príosúnachta ar Garrett Phillips, atá 47 bliain d’aois, sa Phríomh-Chúirt Choiriúil as éigniú a dhéanamh ar bhean óg ar bhuail sé léi i bpáirc i gcathair na Gaillimhe ar an 5 Samhain 2015.

Chualathas sa chúirt gur bhuail an t-aisteoir agus amhránaí leis an mbean óg, a bhí 20 bliain ag an am, tar éis di club oíche a fhágáil agus gur thug sé síob di sa veain a bhí á thiomáint aige.

Scaoileadh saor Phillips ar bannaí i mí Aibreáin nuair a ciontaíodh é ar an gcoinníoll go rachadh sé go stáisiún na nGardaí trí huaire sa tseachtain fad is a bhí sé ag fanacht ar phianbhreith i mí Iúil agus go gcláródh sé le Clár na gCiontóirí Gnéis.

Ó ciontaíodh é go dtí gur gearradh pianbhreith air, ní dheachaigh Phillips go stáisiún na nGardaí go gcuirfí ar Chlár na gCiontóirí Gnéis é.

Tugadh Phillips ó Phríosún Lár Tíre go dtí Cúirt Dúiche na Gaillimhe an mhí seo caite, mar ar phléadáil sé ciontach as cúis amháin a bhain le gan a ainm, a dháta breithe ná a sheoladh baile a chur faoi bhráid na nGardaí ar an 26 Aibreán, tráth ar dhuine ar bhain Acht na gCiontóirí Gnéis 2001 leis.

Dúirt an Sáirsint Finbarr Philpott gur threoraigh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí go ndéileálfaí leis an gcás sa chúirt dúiche. Dúirt an Garda John Horkan gur chúisigh sé Phillips ag Teach na Cúirte i nGaillimh an mhaidin sin agus go dúirt Phillips leis: “Ní raibh a fhios agam faoi”.

Ghlac an Breitheamh Fiona Lydon le pléadáil ciontachta Phillips agus chuir sí an cás ar athló go dtí an lá inniu.

Dúradh sa Phríomh-Chúirt Choiriúil inniu gur chloígh Phillips leis na coinníollacha bannaí a leagadh síos sa mhéid is go ndeachaigh sé go dtí stáisiún na nGardaí, ach nár thuig sé go raibh air clárú le Clár na gCiontóirí Gnéis.

Dúradh gur chláraigh Phillips i mí na Bealtaine nuair a tuigeadh dó gur gá dó a leithéid a dhéanamh fad is a bhí ag fanacht ar an bpianbhreith, a gearradh air ar an 9 Iúil. Dúirt an Sáirsint Finbarr Philpott sa chúirt inniu gur choir dhiandliteanais a bhí anseo a raibh fíneáil €5,000 ar a mhéid agus/nó téarma 12 mí ag baint léi.

Dúirt an Breitheamh Mary Fahy go raibh Phillips “mícheart” gan clárú le Clár na gCiontóirí Gnéis díreach i ndiaidh dó a bheith ciontaithe, ach go bhféadfaí a rá ar a shon go ndeachaigh sé go dtí stáisiún na nGardaí trí huaire sa tseachtain. “Níor chomhlíon sé é [na coinníollacha bannaí] ach ní d’aon turas a tharla an neamhchomhlíonadh,” a dúirt an Breitheamh.

Dúirt an Breitheamh Fahy gur chúis thromchúiseach a bhí sa chéad choir agus gur léiriú air sin an phianbhreith sé bliana a gearradh ar Phillips. Thagair an Breitheamh don scéala gur phléadáil Phillips ciontach as gan clárú le Clár na gCiontóirí Gnéis, agus ghearr sí téarma príosúin 11 mí air i gcomhthráth leis an bpianbhreith sé bliana a gearradh air i mí Iúil.

Agus an phianbhreith sin á gearradh ar Phillips i mí Iúil, dúirt an Breitheamh Eileen Creedon go raibh gné áirithe den réamhbheartú ‘creiche’ i gceist leis an “éigniú fuarchroíoch” a rinne sé ar an mbean óg.

Dúradh i dtuairisc phromhaidh a cuireadh ar fáil don bhreitheamh go raibh Phillips fós ag maíomh gur le comhthoil a rinneadh gach ar tharla ina veain an oíche sin. Agus í ag cur pianbhreith ar Phillips i mí Iúil, dúirt an Breitheamh Creedon gur tháinig sé i dtír ar “bhean óg ghoilliúnach a bhí ina haonar i bpáirc” agus é follasach go raibh sí trína chéile agus ól déanta aici.

Fág freagra ar 'Pianbhreith gearrtha ar iar-aisteoir de chuid Ros na Rún as gan clárú le Clár na gCiontóirí Gnéis'

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Hi Kevin,

    Bheadh se áisiúil do leitheoirí dá mbeadh gluais curtha leis na haltanna go mór mór do na focla nua cosúil le reamhbheartú `creiche`. Caithfidh tú caoineamh gur foghlaimeoirí cuid de leitheoirí tuairisc.ie.