Pianbhreith ar fionraí gearrtha ar iar-phríomhoide Gaelscoile a chuir ‘eolas bréagach’ ar fáil

Phléadáil Aileen Ní Cheallaigh ciontach as eolas bréagach a chur faoi bhráid na Roinne Oideachais. Dúirt an Breitheamh gur rud ‘neamhghnách’ é nár bhain Ní Cheallaigh leas pearsanta as an scéal

Pianbhreith ar fionraí gearrtha ar iar-phríomhoide Gaelscoile a chuir ‘eolas bréagach’ ar fáil

Tá pianbhreith bliana ar fionraí gearrtha ar iar-phríomhoide Gaelscoile i gCúirt Chuarda Chorcaí i ndiaidh di pléadáil ciontach as eolas bréagach a chur faoi bhráid na Roinne Oideachais. Íocadh beagnach €250,000 breise lena scoil de bharr na fianaise a cuireadh ar fáil.

Bhain an dallamullóg le heolas a bhain le cúrsaí rollaithe a chuir Aileen Ní Cheallaigh faoi bhráid na Roinne thar thréimse trí bliana. Bhí Ní Cheallaigh, 36, ina príomhoide ar Ghaelscoil Mhúscraí sa Bhlarna i gCorcaigh nuair a bhí an cur i gcéill ar bun.

Thug sí le fios go raibh ochtar daltaí breise sa scoil in 2006/2007, deichniúr breise inti in 2007/2008 agus ceathrar daltaí breise inti in 2008/2009. Bhí an scoil i dteideal múinteora breise agus maoinithe breise de bharr na bhfigiúirí míchruinne.

De thoradh na fianaise sin, bronnadh €78,000 breise ar an scoil in 2006/2007, €96,000 breise a bhí i gceist in 2007/2008 agus €69,000 breise a fuarthas in 2008/2009. Tá an t-airgead sin anois á íoc ar ais leis an Roinn Oideachais ag Gaelscoil Mhúscraí.

Dúirt abhcóide Ní Cheallaigh nach raibh aon rún aici gníomh coiriúil a dhéanamh nuair a chuir sí an dallamullóg ar an Roinn agus nár bhain sí leas pearsanta as an airgead breise a cuireadh ar fáil. Dúirt an t-abhcóide go raibh “an-aiféala” ar Ní Cheallaigh as an méid a rinne sí agus go raibh sé sí ag iarraidh go mbeadh “an t-oideachas a bhí tuillte” acu ag a daltaí.

Dúirt an Breitheamh Seán Ó Donnabháin go raibh sé “neamhghnách” nó fiú “urghnách” nár chuir Ní Cheallaigh pingin den airgead ina póca féin. Chuir sé san áireamh gur phléadáil sí ciontach, rud a shábháil triail fhadálach ar an Stát.

Mar sin féin, dúirt sé nach bhféadfaí an tAcht Promhaidh a chur i bhfeidhm sa chás seo mar gheall ar a shinsearaí is a bhí ról Ní Cheallaigh sa scoil agus mar gheall ar a fhad is a bhí an cur i gcéill ar bun.

Fág freagra ar 'Pianbhreith ar fionraí gearrtha ar iar-phríomhoide Gaelscoile a chuir ‘eolas bréagach’ ar fáil'

  • Braoin Ó Braoin

    Is ait agus is brónach an scéal é, gan dabht. Dochreidte ar bhealach!! Ba shuimiúil an rud é na cúiseanna atá taobh thiar den rud a rinne an bhean seo a thabhairt, má tá siad ar fáil ar chor ar bith… :(