‘People in this country wants all the dollars in the States’ – ceacht staire do Noel Grealish

Is cosúil go bhfuil púicín éigin ar leithéidí an Teachta Dála Noel Grealish faoi stair a mhuintire féin

‘People in this country wants all the dollars in the States’ – ceacht staire do Noel Grealish

Noel Grealish TD. Pictiúr: RollingNews.ie

Bhí naonúr muirir ar mo shin-seana-thuismitheoirí, Pádraig ‘Deibhinn’ de Mórdha agus Céit Nóra Ní Chatháin i mBaile an Ghleanna i nDún Chaoin ag tús an chéid seo caite. Éinne amháin acu, m’athair críonna, nár chuaigh ar imirce (cé gur fhill a dheartháir Jack ar Dhún Chaoin tar éis trí ráithe a chaitheamh i Meiriceá).

B’amhlaidh a bhí i bhformhór gach tigh ar an mbaile, sa pharóiste, ar an leithinis agus ar chósta thiar na hÉireann ar feadh formhór an chéid seo caite, agus leath an chéid roimhe sin. Go hAmerica siar sea do chuadar, agus go Londain is Leeds is Liverpool is Glaschú is gach áit idir eatarthu, agus nuair a chuireadar ancaire síos sna tíortha nua, thosnaíodar ag seoladh puint agus dollaeirí abhaile ’dtí’n tseana-mhuintir. Ní gá dom é sin a mhíniú d’éinne go bhfuil aon ní in aon chor idir an dá chluas acu, nó aon tuiscint acu ar stair na tíre seo, ach is cosúil go gcaithfear é sin a mheabhrú do Theachta Dála na Gaillimhe, Noel Grealish.

N’fheadar an raimhre nó ciníochas (nó an dá rud) ba chúis le caint Grealish sa Dáil an lá eile, ach is cosúil go bhfuil púicín éigin air maidir le stair a mhuintire féin agus faoi shochaí na hÉireann sa lá inniu.

Nuair a cháin sé an méid airgid a bhí á sheoladh thar n-ais chun na Nigéire (d’úsáid sé figiúirí a bhí bunaithe ar eolas míchruinn), agus nuair a léirigh sé droch-amhras ar cad as a bhí an t-airgead sin ag teacht, bhí sé ag tabhairt le fios go raibh rud éigin amhrasach fén bpobal imirceánach ar fad ón dtír áirithe sin.

B’fhéidir go bhfuil sé d’ádh ar Grealish nach mbíonn sé coitianta san ospidéal, ach aon uair a bhíos-sa in Ospidéal na hOllscoile Ciarraí i dTrá Lí ón Nigéir ba ea scata de na haltraí agus na dochtúirí a bhí ann. Aon uair a chaitheas seal le mic agus iníonacha léinn i gcoláiste na hollscoile Corcaigh, bhí scata ón Nigéir ina measc siúd chomh maith. 

Ach ní oiriúnaíonn fíricí mar sin Grealish ná a leithéid. Is é a bhí á rá aige, idir na línte mar dhea, ná nach féidir aon iontaoibh bheith againn as muintir na Nigéire.

Sceartáin ar an eacnamaíocht is ea iad, dar leis, ag sú airgid ón dtír seo agus á sheoladh thar lear. Caint ana-dhainséarach í sin, go háirithe i bpríomhfhóram cainte na tíre seo, Dáil  Éireann, agus bhrisfeadh sé do chroí an méid daoine a bhí ag tacú leis arlíne agus ar chláracha raidió áitiúla.

Nuair a chífeá an bhuíon a bhí bailithe timpeall ar Grealish agus cuid acu ag seasamh lena cheart an cheist a chur, b’ait leat  nár séideadh an ceann den Dáil le racht fimíneachta.

Bhí Michael Collins TD ann ó Iarthar Chorcaí. Choimeád airgead a sheol mianadóirí abhaile go Béarra ó mhianaigh Butte Montana agus scata áiteanna eile an leithinis sin ar barra ar feadh i bhfad. Bhí cíoná Chill Garbhán ann, Michael Healy-Rae. An mó post i Sasana a chruthaigh leithéidí na ndeartháireacha Murphy nó Danny Tim O’Sullivan ó chontae dúchais Mhichael, agus an mó pingin agus punt a sheol na hoibrithe sin abhaile go Ciarraí? Sin gan trácht ar chontae na Gaillimhe. An bhfuil aon chontae in Éirinn a bhí ag brath chomh mór ar airgead na n-imirceánach chun éirí tríd an saol?

Murach na litreacha ó Mheiriceá ina raibh cúpla dollaeir, ní bheadh faic i gConamara inniu ach faoileáin, crothóga agus carraigeacha.

Sin mar a bhí agus sin mar atá i measc aon ghrúpa imirceánach ar fud an domhain.

Fágann daoine a dtíortha dúchais mar go mbíonn saol níos fearr le fáil acu i dtír éigin eile. Dá bhrí sin, agus ní haon rocket science é seo (sarraí a Sheosaimh Uí Chuaig), seolann siad airgead abhaile nuair is mó speilp orthusan ná ar a ndaoine muinteartha aige baile.

I litir a scríobh Tomás Dhónaill Criomhthain ’dtína mhac Tomás i 1932, dhein sé cur síos ar an gclais airgid a bhí ag teacht ó Mheiriceá ’dtí’n mBlascaod:

People in this country want’s all the dollars in the state’s themselves whatever way ye are getting on there. If you would see all the green ribbons [i.e dollaeirí] that the post bag lately, you couldent say that there is a famine in Springfield or in Hardford either.

Níor chás é sin a thaispeáint do Noel Grealish.

Ní faide gob na gé ná gob an ghandail, ach is cosúil nach mar a chéile sinne, náisiún imirceánach, agus na hinimircigh atá tagtha abhus chughainne, dar leis an dTeachta Dála Noel Grealish. Is ar éigean a chreidfeá nach bunaithe ar dhath craicinn nó ar theanga labhartha atá a thuairimí bunaithe.

Fág freagra ar '‘People in this country wants all the dollars in the States’ – ceacht staire do Noel Grealish'

  • Darren Ó Riagáin

    Sách ráití. Má dhearcann tú ar aon chontae taobh thiar na sionnaine cuirfidh mé geall go bhfuil lorg eicint dhon t-airgead sin a sheoladh aniar nó anall ábhaillí le feiceáil ann. I gcás mo mhuintir fhéin, chomh beag is gurb éigean dófa a goil anonn go Sasanaí níor chasadh ar a chéilí iad is ní raibh an méid seo scríofaí a’msa. Tá dualgas orainn uilig a ‘seáint dá leithéidí Noelín bocht nach bhfuil in a chuid smaointí ach cacamas ní ghlacfar leis.

  • Larry Phelan

    Dia leat, a Dhaithí, is ait liom a laghad cainte atá á dhéanamh air seo, mar adeir tú, príomhfhóram na hÉireann in úsáid ag Noel Grealish leis an gciníochas sin a chraobhscaoileadh, rí-bhocht an cás é, is gearr go mbeidh deis ag vótóirí na Gaillimhe fáil réidh leis, agus ba mhaith an mhaise don tír trí chéile dá ndéanfaidís amhlaidh.