Peileadóirí Ghaelscoil an Mhuilinn ag ceiliúradh a mbua i gCorn Gael Linn

Reáchtáladh féile peile Laighean Ghael Linn i Ráth Chairn le cúpla lá anuas agus ba scoil as an Muileann gCearr a thug an lá leo, an ceathrú huair a bhfuil an comórtas buaite aici le cúig bliana anuas

Foireann bhuacach Ghaelscoil an Mhuilinn, An Mhuileann gCearr
Foireann bhuacach Ghaelscoil an Mhuilinn, An Mhuileann gCearr

Bhí peileadóirí Ghaelscoil an Mhuilinn ag ceiliúradh an tseachtain seo nuair a bhuaigh siad féile peile Laighean Ghael Linn i Ráth Chairn.

Is í scoil an Mhuilinn Chearr a thug an svae leo i ndiaidh dhá cluichí, nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Ghaelscoil Uí Riada, Cill Choca sa chluiche ceannais. Bua cuimsitheach a bhí acu i gcluiche ceannais na bliana seo, iad ag críochnú 7-4 in aghaidh 1-5 chun cinn ar fhoireann Chill Choca tráthnóna Dé Céadaoin. Ba ar na captaein, Dónal Ó Maoilmhichíl agus Niamh Raeside, a bronnadh an corn.

 gaisce ar leith déanta ag an scoil ag an scoil seo  chomórtas agus é buaite ceithre huaire acu le cúig bliana anuas.

Agus é ag tréaslú leis na buaiteoirí, dúirt riarthóir na féile, Jamie Ó Tuama ó Ghael Linn, “Is mian linn an deis a thabhairt do dhaltaí ó Ghaelscoileanna agus ó bhunscoileanna Gaeltachta bualadh le chéile ag imeachtaí spreagúla ar nós na bhféilte peile a eagraímid, ina mbíonn an Ghaeilge in uachtar mar theanga labhartha. Táimid i nGael Linn an-bhuíoch de Chomharchumann Ráth Chairn agus den chumann peile áitiúil as ucht a dtacaíocht leanúnach don ócáid bhliantúil seo.”

Bhronn riarthóir na gcluichí, Éanna Ó Conghaile (sa lár), an corn ar chaptaein Ghaelscoil an Mhuilinn, Dónal Ó Maoilmhichíl agus Niamh Raeside
Bhronn riarthóir na gcluichí, Éanna Ó Conghaile (sa lár), an corn ar chaptaein Ghaelscoil an Mhuilinn, Dónal Ó Maoilmhichíl agus Niamh Raeside

Breis agus 160 scoláire as ocht scoil a tháinig le chéile i Ráth Chairn don dá agus reáchtáladh quiz boird, ceolchoirm agus céilí mar chuid den fhéile freisin.

Páirteach sna himeachtaí chomh maith le Gaelscoil an Mhuilinn agus Gaelscoil Uí Riada, bhí Scoil na gCeithre Máistrí, Áth Luain, Gaelscoil Chill Dara, Gaelscoil Thulach na nÓg, Dún Búinne, Gaelscoil Phort Laoise, seaimpíní na bliana seo caite, Gaelscoil Eoghain Uí Thuairisc, Ceatharlach agus an fhoireann baile, Scoil Uí Ghramhnaigh, Ráth Chairn.

Cúig fhéile peile ar fad a bheidh á n-eagrú ag Gael Linn le linn na Bealtaine agus mhí an Meithimh. Beidh féile ar bun i gCúige Laighean, i gCúige Uladh agus i gCúige Chonnacht, agus dhá fhéile a bheidh ar siúl i gCúige Mumhan le freastal ar éileamh ó na scoileanna sa taobh sin tíre.

Fág freagra ar 'Peileadóirí Ghaelscoil an Mhuilinn ag ceiliúradh a mbua i gCorn Gael Linn'