Peileadóirí Gaeltachta na Gaillimhe ag dul chun doirne – in aghaidh a chéile!

Imreoirí Gaeltachta na Gaillimhe ina measc siúd atá ag dul sa ghleo chun airgead a bhailiú anocht d'fhoireann an chontae

Na dornálaithe ar fad

Achrann arís i measc imreoirí sinsear na Gaillimhe, ach is na peileadóirí atá in adharca a chéile anois…

Le cúpla seachtain anuas tá conspóid agus ruaille buaille ag baint le hiománaithe na Gaillimhe, bainisteoir curtha as a phost acu agus iad i mbun scliúchais le hiománaithe Bhaile Átha Cliath i Fenway Park i mBostún an deireadh seachtaine seo caite.

Ach is iad peileadóirí a bheidh a rachaidh chun doirne an deireadh seachtaine seo.

Go hiondúil téann foirne ar sheisiúin aclaíochta thar lear le meanma foirne a chothú ach tá malairt plean ag foireann peile sinsear na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo.

Ag dul i mbun troda lena chéile sa bhfáinne a bheidh na peileadóirí.

Tá an ócáid ‘Galway GAA Fight Night’ á eagrú chun airgead a bhailiú don bhliain peile atá amach romhainn agus beidh sciar den phota ag dul chuig an charthanacht MS Ireland Galway.

“Eispéireas nua dúinn é agus dúshlán nach raibh déanta ag aon duine againn roimhe seo” a dúirt Fiontán Ó Curraoin ó Chumann Peile Mhicheál Breathnach, imreoir lár páirce foireann na Gaillimhe.

Tá fuil agus allas curtha ag na himreoirí agus ocht seachtaine dian curtha isteach acu san Black Dragon Gym i nGaillimh leis an gcóitseálaí Pete Foley.

“Bhí an traenáil an-deacair. Ag bualadh málaí a bhí muid ar dtús ach ansin cuireadh inár mbeirteanna muid ag speáráil. Fuair mo ghiall cúpla buille maith!” a dúirt Seán Denvir as na hAille, Indreabhán, atá ar phainéal an chontae chomh maith.

Ag breathnú ar na traenálaithe

Beidh seacht dtroid san iomlán ann anocht.

Is iad Damien Comer as Anach Cuain agus Declan Kyne, An Fhaiche, a chuirfidh tús leis an oíche ag a hocht a chlog leis an gcéad troid.

I ndiaidh don bheirt sin, atá imeasc na n-imreoirí is sciobtha i nGaillimh aghaidh a thabhairt ar a chéile rachaidh Paul Varley ó Chumann Seamróga Chartúin agus Seán Denvir ó chumann peile Mhicheál Breathnach sa ghleo.

Is é fear an chúinne na gcosa lúfara Danny Cummins as Baile Cláir na Gaillimhe a bheidh á fhéachaint le Eamon Brannigan ó chumann Naomh Micheál sa tríú troid e.

Is cosúil nach bhfuil aon duine faighte fós sásta fós dul sa bhfáinne leis an síceolaí spóirt Gerry Hussey sa cheathrú troid don oíche.

‘Cath Chonamara’ a bheidh sa chúigiú troid idir fear an Spidéil Maghnus Breathnach agus an fathach lár páirce Fiontán Ó Curraoin. Is cinnte go mbeidh mórtas ceantair i gceist leis an troid seo.

Beidh cosantóir i gcoinne tosaí ina dhiaidh sin i gcoimhlint ‘Iarthar in aghaidh Oirthir’. Beidh an cosantóir Gary O’Donnell ó Réalta Thuama ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar Enda Tierney ó Chumann Peile Shéamuis Uí Mháille , Uachtar Ard sa dara troid deiridh don oíche.

Is iad lucht na dtrom-mheáchan a bheidh sa troid deiridh don oíche. Beidh captaen na foirne ó chumann Naomh Séamus, Paul Conroy, ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar Eddie Hoare ó chumann Naomh Micheál.

Is cinnte go mbeidh an-oíche spóirt agus spraoi ag an ócáid, agus tá siúl ag na peileadóirí go mbeidh taispeántas maith dornálaíochta le feiceáil ag an lucht féachana, go háirithe agus an dornálaí Paddy Barnes i measc an tslua.

“Táim ag súil go mór le toradh na traenála ar fad, bhí sé taitneamhach ach crua agus ag deireadh an lae táimid ar fad ag déanamh rud nach ndearna muid ariamh ar son cúis mhaith,” a deir Fiontán Ó Curraoin.

Is anocht, Dé Sathairn, an 28 Samhain, ag 8 pm in Óstán an Clayton i mBaile an Bhriota a bheidh an ‘Galway GAA Fight Night’ ar siúl.

Is féidir ticéid a fháil ó na peileadóirí a bheidh sa bhfáinne ar an oíche.