Pauline Bewick, ealaíontóir spleodrach cumasach tréitheach ar shlí na fírinne

Thug pobal leathan daoine i gcéin is i gcóngar taitneamh do shaothar ildaite álainn Pauline Bewick a thug misneach d’aon bhean ná raibh meáite cloí leis an daorsmacht chultúrtha

Pauline Bewick, ealaíontóir spleodrach cumasach tréitheach ar shlí na fírinne

D’imigh an bhean uasal Pauline Bewick uainn ar shlí na fírinne ní fada ó shin. Na grásta uirthi.

Bean spleodrach chumasach thréitheach thallannach ghealgháireach cheannródaíoch a chuireadh ardú croí ar dhuine í a chlos ag caint, agus a saothar a fheiscint.

Bean í a thug cead a cinn di féin. Bean bhóihéamach. Ba tearc a leithéid de bhean in Éirinn sna caogaidí cúngaigeanta.

Cé gur saolaíodh i Sasana í, is in Éirinn a chaith sí formhór a saoil, nuair a thug a máthair anall í agus í an-óg. Spreag múinteoir í tabhairt fé phictiúirí a tharrac agus a dhathú, mar gur measadh go raibh sí disléicseach. Ba mhaith an chomhairle í.

Is ar an dtréith sin a dhein sí a saibhreas agus a slí bheatha, bail uirthi.

I nGleann Chárthaigh i gCiarraí láir a lonnaigh sí formhór a saoil.

Chuir sí spéis ar leith i léaráidí agus íomhánna de mhná agus gnéithe den nádúr, bláthanna, éanlaith agus ainmhithe.

Níor mhol na criticeoirí fireanna í ar an ábhar san. Cén tsuim a fhéadfadh a bheith ag éinne i rudaí neafaiseacha mar iad san.

Bhí dearúd orthu, ní nach ionadh.

Thug pobal leathan daoine i gcéin is i gcóngar taitneamh dá saothar ildaite álainn.

Chuir sí spéis mhór i scéalta miotaseolaíochta na hÉireann agus tharraing íomhánna dá réir.

Bhí sé de phribhléid agam féin agus mná ceolmhara an ghrúpa Macalla, agus ár gcéad cheirnín á dhéanamh againn le Gael Linn, gur roghnaigh Roibeard Uasal Mac Góráin, agus Bríona Nic Dhiarmada léaráid aoibhinn de Étaín, pearsa spéisiúil as scéalta Thuatha Dé Danann a dhein Pauline Bewick, a chur ar an gclúdach.

B’fhiú an ceirnín agus an dlúthdhiosca a cheannach ar an ábhar san amháin, an clúdach ildaite atá air! Is seod é, agus gan mé pioc claonta nuair a deirim é sin.

Chruthaigh sí íomhánna samhailteacha don dán Raibiléiseach Cúirt an Mheán-Oíche a bhí ar taispeáint i nDánlann i nDaingean Uí Chúis roinnt blianta ó shin agus saothar leis an údar Liam P Ó Murchú ar an ábhar céanna á sheoladh ag deartháir a chéile, ealaíontóir iomráiteach na Gráige, Tomáisín Ó Cíobháin.

Níl ansan agam ach samplaí beaga de mhórshaothar na mná seo a bhí ildánach, cróga agus spleodrach.

D’fhág sí mórchuid dá saothar le huacht ag muintir na hÉireann. Beart is gníomh fial flaithiúil. Téimis ar a dtóir láithreach!

Arís is beag sampla ná eiseamláir mar í a bhí ag mná na tíre seo an uair sin agus sinn ar thairseach na seascaidí réabhlóideacha, nuair a chéad chonaiceamar í ar scáileán ná nuair a chéad chualamar ar raidió í, gan trácht ar theilifís.

Mná rialta geanmnaí, fadfhulangach foighneach, sásta a saol is a mianta a chur i leataobh ar mhaithe le daoine eile, na tréithe a bhí molta do chailíní is do mhná ó ré Dev is na nEaspag i leith. Gan trácht ar leaba i measc na naomh i ndeireadh do shaoil dhearóil. Don mbantracht amháin tabhair fé ndeara a moladh a leithéid. Cead a gcinn is a gcos ag leábharaicí.

Thug Pauline Bewick misneach agus meanma d’aon bhean ná raibh meáite cloí le daorsmacht ná diansmacht chultúrtha na gcomharsan ná na cléire.

Braithimid uainn duine chomh héadromchroíoch le Pauline Bewick.

Guím suaimhneas síoraí i measc shióga na samhlaíochta aici.

Fág freagra ar 'Pauline Bewick, ealaíontóir spleodrach cumasach tréitheach ar shlí na fírinne'

  • Pat Butler

    Tá ráite ansin agat go fial is go fireannach.

  • Ailbhe

    Píosa báúil, tuisceanach mar is dual do Sheosaimhín. Is fiú go mór an leabhar ‘A Wild Taste’ le Harry Bewick, máthair Pauline a léamh. Tugtar léargas ann ar cad as a d’eascair meon neamhspleách Pauline.