Paul Givan le teacht i gcomharbacht ar Arlene Foster mar Chéad-Aire

Tá ardú céime á thabhairt ag Edwin Poots do bheirt pholaiteoirí ar chothaigh a gcur chuige i leith na Gaeilge conspóid mhór cheana

Paul Givan le teacht i gcomharbacht ar Arlene Foster mar Chéad-Aire

Ewin Poots agus Paul Givan i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite. Pictiúr: Sam Boal / RollingNews.ie

Tá an té a rinne cinneadh faoin nGaeilge a raibh baint aige le titim Stormont le ceapadh mar Chéad-Aire Thuaisceart Éireann.

D’fhógair ceannaire an DUP Edwin Poots inniu gurb é Paul Givan, ball tionóil do Ghleann an Lagáin, atá le teacht i gcomharbacht ar Arlene Foster.

Bhí baint ag an gcinneadh a rinne Paul Givan deireadh a chur le scéim Gaeilge i mbéal na Nollag 2016 leis an aighneas idir Sinn Féin agus an DUP ba chúis le titim an fheidhmeannais i Stormont an bhliain dár gcionn.

Luaigh Martin McGuinness cinneadh Givan deireadh a chur leis an scéim líofa ina litir éirí as oifig in 2017.

Chuir an cinneadh deireadh a chur leis an sparánacht Ghaeltachta déistin ar phobal na Gaeilge.

D’fhógair Edwin Poots chomh maith inniu ardú céime do Michelle Mcllveen, polaiteoir eile ar spreag a cur chuige i leith na Gaeilge conspóid cheana. Tá an ball tionóil as Baile Loch Cuan á ceapadh ina hAire Oideachais.

Nuair a bhí sí ina hAire Talmhaíochta in 2016, d’athraigh Michelle Mcllveen ainm an bháid ‘Banríon Uladh’ go dtí an ‘Queen of Ulster’. Mhaígh sí go raibh “polasaí aon teanga” a Roinne á chur i bhfeidhm aici ar bháid.

Dúirt sí gur athainmníodh an bád toisc go raibh “féiniúlacht nua” ag an Roinn Talmhaíochta.

Fógraíodh chomh maith inniu go gceapfaí Paul Frew, ball tionóil d’Aontroim Thuaidh, ina Aire Eacnamaíochta in áit Diane Dodds.

Bhí imní ar roinnt daoine go gcuirfí Feidhmeannas Stormont i mbaol arís dá gceapfaí Paul Givan ina chéad-aire. Ach tá gealltanais tugtha ag ceannairí nua an DUP go dtabharfaidh siad isteach an reachtaíocht teanga a gealladh sa chomhaontú faoinar athbhunaíodh Stormont anuraidh, Ré Nua, Cur Chuige Nua.

Chosain Paul Givan an reachtaíocht teanga an tseachtain seo caite ó aontachtóirí a mhaígh gurb amhlaidh go raibh Edwin Poots agus an DUP ag géilleadh go bog don éileamh ar acht Gaeilge. Dúirt Givan nach acht neamhspleách don Ghaeilge amháin a bhí geallta sa chomhaontú agus “nach raibh sé cruinn a leithéid a mhaíomh”.

“Tá trí shnáithe ó thaobh an chultúir sa chreatlach atá leagtha amach i  New Decade, New Approach. Baineann ceann acu le hoifig a bhunú a bheidh ag plé le cúrsaí féiniúlachta. Ansin tá gné na Gaeilge ann, agus ansin tá gné na hUltaise agus féiniúlacht na Breataine ann.

“Ní bheidh aon acht ar leith don Ghaeilge amháin ann pé uair a éireoidh linn na hathruithe seo a chur dínn.”

Dúirt Paul Givan inniu gur bhain “freagracht mhór” le post an Chéad-Aire.

“Tá obair mhór le déanamh maidir le dul i ngleic lenár liostaí feithimh agus caithfimid tosú ag obair.”

“An rud a theastaíonn anois ná athrú éifeachtach an tseachtain seo chugainn ionas gur féidir linn dul i mbun rialtais gan aon stró.”

Tá Paul Givan ina bhall tionóil ó 2010, nuair a ceapadh é in áit Jeffrey Donaldson a toghadh ina fheisire parlaiminte.

Baineann sé  leis an eite choimeádach chéanna den DUP le Edwin Poots, ar chabhraigh Givan leis sa toghchán ceannaireachta sa pháirtí le déanaí. Thacaigh Givan cheana le múineadh an chruthaíochtachais i scoileanna.

In 2016, chinn Paul Givan deireadh a chur leis an sparánacht Ghaeltachta Líofa in ainneoin gur chuir oifigeach sinsearach ina Roinn ar a shúile dó go bhféadfadh a leithéid de chinneadh droch-cháil a tharraingt air sna meáin chumarsáide.

Rinne Givan an cinneadh in ainneoin gur ullmhaíodh cáipéis dó inar leagadh amach na himpleachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith leis. Dúradh go bhfágfadh a leithéid de chinneadh níos lú daoine óga agus fásta in acmhainn freastal ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht.

Rinne Tuairisc.ie iarratas faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise ag an am ar cháipéisí a bhain leis an gcinneadh conspóideach deireadh a chur leis an deontas Gaeltachta, ach dhiúltaigh an Roinn Pobal don iarratas sin.

Mhaígh an Roinn go “mba réasúnta a mheas go gcuirfí srian ar oifigigh tuairimí macánta, oscailte a chur in iúl” dá dtabharfaí an t-eolas faoi chinneadh Givan do Tuairisc.ie.

Ba í tuairim na Roinne faoin bhfaisnéis a bhaineann le cinneadh Givan maidir leis an scéim Líofa gur bhain an fhaisnéis sin “atá á coinneáil siar” le ceisteanna “íogaire, beo”.

Dúradh chomh maith go rabhthas ag diúltú don iarratas mar gur dócha go mbeadh ceist na Gaeilge ina cuid “ríthábhachtach” san idirbheartaíocht iarthoghcháin” i Márta 2017 agus “ina dhiaidh sin”.

Chinn an Coimisiún Comhionannais nár chloígh an Roinn Pobal ó thuaidh lena cuid gealltanas i dtaobh an chomhionannais nuair a cuireadh deireadh leis an scéim.

 

 

Fág freagra ar 'Paul Givan le teacht i gcomharbacht ar Arlene Foster mar Chéad-Aire'