D’fhéadfadh an polaiteoir aitheanta as Tír Chonaill, Pat ‘the Cope’ Ó Gallchóir (FF), a bheith sa tóir ar shuíochán Dála sa chéad olltoghchán eile agus tharlódh go mbeadh an tIar-Aire Stáit Gaeltachta, Dinny McGinley (FG) ina measc siúd a bheidh san iomaíocht leis i ndáilcheantar nua Dhún na nGall.
Nuair a labhair Tuairisc.ie leo, níor chuir ceachtar den bheirt pholaiteoirí as an áireamh go mbeidís ag lorg ainmniúcháin a bpáirtithe.
Dúirt Pat the Cope Ó Gallchóir nach bhfuil “rud ar bith deimhnithe go fóill”. Dúirt sé go mbeidh “coinbhinsiún ann ag tús mhí Dheireadh Fómhair” le hiarrthóirí Fhianna Fáil a roghnú don olltoghchán ach nach bhfuil “cinneadh ar bith glactha” aige “go fóill”.
Dúirt an Teachta Dála Dinny McGinley le Tuairisc.ie nach ndearna sé “aon fhógra go fóill” faoi dhul san iomaíocht agus go raibh “go leor ama ann” as seo go dtí aimsir choinbhinsiún a pháirtí lena raibh beartaithe aige “a shoiléiriú”. Beidh coinbhinsiún Fhine Gael ann ag deireadh mhí Mheán Fómhair nó ag tús mhí Dheireadh Fómhair.
Toghadh Pat ‘the Cope’ Ó Gallchóir chun na Dála den chéad uair i 1981, mar a raibh sé i mbun cúraimí go dtí 1997. Toghadh an athuair é in 2002 agus bhí sé ann go dtí 2009. Le linn na mblianta aige sa Dáil, chaith sé tréimhsí ina Aire Stáit i Roinn na Mara, Roinn na Gaeltachta, an Roinn Comhshaoil, an Roinn Sláinte agus an Roinn Iompair.
Bhain sé suíochán i bParlaimint na hEorpa amach i 1994 agus d’éirigh leis an suíochán sin a fháil i 1999 agus arís in 2009. Chaill sé a shuíochán sa Pharlaimint in 2014 ach lean sé den obair pholaitíochta ina dháilcheantar féin.
Toghadh Dinny McGinley chun na Dála den chéad uair i 1982, rud a fhágann go bhfuil sé ar dhuine de na Teachtaí Dála is faide seirbhís i nDáil Éireann. Cheap an Taoiseach, Enda Kenny, ina Aire Stáit Gaeltachta é i Márta na bliana 2011 agus fágadh i mbun an chúraim sin é ar feadh beagnach trí bliana. Ceapadh Joe McHugh, T.D., mar chomharba air ina dhiaidh sin i samhradh na bliana seo caite.
D’fhógair Dinny McGinley go raibh sé ag éirí as an bpolaitíocht sa bhliain 2006 ach tháinig athrú intinne air nuair a iarradh air dul san iomaíocht arís. Dúirt sé arís i mí Iúil na bliana anuraidh nach mbeadh sé san iomaíocht feasta do shuíochán Dála, tráth ar chaill sé a phost mar Aire Stáit, agus cé nach bhfuil fógra oifigiúil de chineál ar bith déanta ó shin aige, cuirfidh a thagairt do “go leor ama” a bheith ann roimh an gcoinbhinsiún sna míonna romhainn leis an tuairimíocht nach bhfuil slán fágtha go hiomlán aige fós le cúram na polaitíochta.
Faoi láthair, is dhá dháilcheantar ar leith atá i nDún na nGall; Dún na nGall Thiar-Theas agus Dún na nGall Thoir-Thuaidh, agus trí shuíochán acu araon. Ach is dáilcheantar amháin le cúig shuíochán a bheidh i gceist don chéad olltoghchán eile, rud a fhágann go mbeidh iomaíocht níos géire ann de bharr an laghdaithe ar líon na suíochán.
Is iad Dinny McGinley (FG), Pearse Ó Dochartaigh (SF) agus Thomas Pringle (Neamhspleách) atá ina n-ionadaithe i nDún na nGall Thiar-Theas. Joe McHugh (FG), Charlie McConalogue (FF) agus Pádraig Mac Lochlainn (SF) na Teachtaí Dála atá i nDún na nGall Thoir-Thuaidh.
Agus iomaíocht chomh géar sin ann, d’fhéadfadh nach mór an fháilte a bheadh ag Teachtaí tofa a bpáirtithe féin roimh Pat ‘the Cope’ Ó Gallchóir nó Dinny McGinley a bheith san iomaíocht sa dáilcheantar nua.
Séamas Mac Coitir
Bhí an méid a léigh mé fíorspéisiúil ón tús glo dtí an deireadh. Tá cúpla pointe anseo gur mhaith liom a phlé níos mó, ach faraor, cheal ama, níl caoi agam é sin a dhéanamh faoi láthair. Beidh lá eile ag an bPaorach! Treise libh!
Séamas Mac Coitir.