Pardún iarbháis an Uachtaráin do Mhaolra Seoighe a crochadh san éagóir i ndúnmharuithe Mhám Trasna

Tá pardún iarbháis le tabhairt ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn do Mhaolra Seoige ar crochadh san éagóir é as dúnmharuithe Mhám Trasna sa bhliain 1882. Seo an dara huair riamh ag Uachtarán de chuid na hÉireann pardún iarbháis a thabhairt

Pardún iarbháis an Uachtaráin do Mhaolra Seoighe a crochadh san éagóir i ndúnmharuithe Mhám Trasna

Tá pardún iarbháis le tabhairt ag an Uachtarán do Mhaolra Seoige ar crochadh san éagóir é as dúnmharuithe Mhám Trasna sa bhliain 1882.

D’fhógair an tAire Dlí agus Cirt Charlie Flanagan tráthnóna go mbeadh an Rialtas ag cur comhairle ar an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn pardún a thabhairt don Seoigheach ar ciontaíodh san éagóir é i gcás a aithnítear ar cheann de na samplaí is measa riamh d’iomrall ceartais sa tír seo.

Seo an dara huair riamh ag Uachtarán de chuid na hÉireann pardún iarbháis a thabhairt.

Ba é Uachtarán na hÉireann féin, agus é faoi agallamh i scannán faisnéise a chraolfar ar TG4 an tseachtain seo chugainn, a thug le fios go raibh saineolaí ceaptha ag an Rialtas le scrúdú a dhéanamh ar an gcás go dtabharfaí pardúin iarbháis do na daoine a ciontaíodh san éagóir i ndúnmharuithe Mhám Trasna sa bhliain 1882.

In agallamh don fhadscannán nua faisnéise Murdair Mhám Trasna, a choimisiúnaigh TG4, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn go raibh sé “ag súil le tuairim an tsaineolaí” atá ceaptha ag an Rialtas leis an gcás a mheas agus ag súil freisin “le tuairim an Rialtais”.

D’fhoilsigh an Rialtas tráthnóna an tuarascáil sin, a rinne an Dr. Niamh Howlin ó Scoil Dlí Sutherland, UCD, agus chomhairligh siad don Uachtarán pardún iarbháis a thabhairt do Mhaolra Seoighe.

Dúirt an tAire Dlí agus Cirt tráthnóna gur fíorannamh a thugtar pardún an Uachtaráin sa tír seo agus go mbíonn gá le hualach fianaise chun a leithéid a mholadh.

“Cás an-aitheanta é seo, go háirithe in iarthar na hÉireann, agus aithnítear é go forleathan mar chás ina raibh ciontú san éagóir agus iomrall ceartais i gceist ann go soiléir agus gan cheist. Agus cinneadh á dhéanamh agam faoi seo , rinne mé mionscagadh ar chomhairle dlí an Ard-Aighne agus ar an tuarascáil a choimisiúnaigh an t-iarThaoiseach [Enda Kenny].

“Ní raibh i Myles Joyce ach duine amháin, ach, agus an cinneadh seo á dhéanamh agam, thug mé aird ar leith ar an tábhacht shiombalach a bhaineann leis an bpardún seo. Tá an-suim go deo léirithe ag an Uachtarán Ó hUigínn féin sa chás seo agus is minic a phléamar beirt é le chéile. Tá cinneadh an Rialtais curtha in iúl don Uachtarán ag an Taoiseach, Leo Varadkar,” a dúirt an tAire Dlí agus Cirt Charlie Flanagan tráthnóna.

Pictiúr: Joe O’Shaughnessy

Maraíodh cúigear de mhuintir Sheoighe go brúidiúil ina dteach cónaithe i Mám Trasna ar an teorainn idir Gaillimh agus Maigh Eo in 1882. Ciontaíodh ochtar fear ón gceantar as na dúnmharuithe bunaithe ar thuairiscí ó bhrathadóirí agus ar fhianaise bhréige. Íocadh suimeanna móra airgid mar chúiteamh le finnéithe – £1,250 ar fad, nó €160,000 in airgead an lae inniu – ach níor cúisíodh riamh na daoine ba mhó a raibh baint acu leis an sléacht.

Trí Bhéarla a cuireadh ar a dtriail na fir a cúisíodh sa chás cé gur beag eolas a bhí ag a bhformhór ar an teanga sin ó tharla gur chainteoirí dúchais Gaeilge iad.  Crochadh triúr acu agus gearradh príosún saoil ar an gcúigear eile; bhásaigh beirt acusan sa phríosún agus níor saoradh an triúr eile go dtí go raibh scór bliain caite i ngéibheann acu. Níor cúisíodh riamh an triúr fear ón gceantar céanna a phleanáil na dúnmharuithe agus a bhí páirteach iontu.

Diúltaíodh fiosrúchán poiblí a chur ar bun faoi chás Mhám Trasna agus bhí baint ag an diúltú sin le titim Rialtas Gladstone sa bhliain 1885.

Maidir leo siúd a ciontíodh i gcás Mhám Trasna tá an méid seo le rá ag an Uachtarán Ó hUigínn i Murdair Mhám Trasna, a bheidh le feiceáil ar TG4 den chéad uair Dé Céadaoin seo chugainn.

“Gach rud a tharla ar leibhéal an Stáit bhí sé go dona. Bhí breabaireacht i gceist. Níor tugadh seans ceart do na daoine a bhí cúisithe iad féin a chosaint. Ní raibh atmaisféar na cothromaíochta ann agus ní raibh an chothromaíocht ann nuair a bhí tú ag caint faoin bpróiseas dlí ag an am,” a deir an tUachtarán.

Maidir le riar an dlí agus an chirt sa tréimhse inar tharla na dúnmharuithe, deir an tUachtarán sa scannán gurbh é an dearcadh a bhí ag údaráis na Breataine faoi mhuintir na hÉireann ag an am ná nach raibh cothrom na Féinne ag dul dóibh beag nó mór. “Cheap siad gur daoine ar leith iad seo nach raibh ar comhchéim le ‘gnáthdhaoine sibhialta’,” a deir an tUachtarán san fhadscannán faisnéise nua.

Sa scannán nua, deir Johnny Joyce, duine de shliocht an teaghlaigh a dúnmharóidh i Mám Trasna go maitheann sé é don bhuíon a rinne na dúnmharuithe ach gur mhaith leis go n-aithneofaí an t-iomrall ceartais a tharla dá bharr.

“I wish something could be done for Myles Joyce – his sentence should be commuted – the same with the other Joyces who served their sentences, 20 years hard labour.”

Colm Bairéad a stiúir Murdair Mhám Trasna agus Ciaran Ó Cofaigh agus Seán Ó Cuirreáin a léirigh é. Tá an scannán bunaithe ar Éagóir le Seán Ó Cuirreáin, leabhar faoi dhúnmharuithe Mhám Trasna a d’fhoilsigh Cois Life.

Fág freagra ar 'Pardún iarbháis an Uachtaráin do Mhaolra Seoighe a crochadh san éagóir i ndúnmharuithe Mhám Trasna'

  • Carraig

    Tuige nach n-ainmníonn Tuairisc.ie ‘an triúr a phleanáil na dúnmharuithe agus a bhí páirteach iontu’? Is ráiteas fíor-neamhbhalbh é sin. Léigh mé an leabhar agus ní hainmnítear ansin ach oiread iad.

    • Seán Tadhg Ó Gairbhí

      Seán Mór Ó Cathasaigh, a mhac Seán Óg agus Pádraig Ó Loideáin. Tá siad ainmnithe sa leabhar ‘Éagóir’ ar leathanach 268.

  • Carraig

    MM agat as an meid sin.

    • Seán Tadhg Ó Gairbhí

      Fáilte romhat, a chara.

  • Aonghus

    D’fhógair Maolra Seoighe, agus é ar tí a chrochta, go raibh sé neamhchiontach agus nach gcrochadh aon rópa é. Agus níor chroch, thug sé na haenna leis óna chrochta ach sheas an crochadóir ar a ghuaillí gur thacht sé é.

  • Art

    Nár chóir go ndéanfadh Rialtas na Breataine a leithscéal a ghabháil leis na páirtithe cuí as an éagóir mhór seo a rinneadh orthu?