Paicéad brioscaí nach bhfuil ann ach ceithre bhriosca i mBrasaíl an bhoilscithe

A bhuíochas leis an ráta fostaíochta ard agus leasuithe cánach atá fabhrach don íseal- agus don mheánaicme tá níos mó airgid ná riamh ina gcuid pócaí ag cuid mhór Brasaíleach. Ach sa siopa dóibh …

Paicéad brioscaí nach bhfuil ann ach ceithre bhriosca i mBrasaíl an bhoilscithe

Leath mo bhéal orm nuair a chuaigh mé isteach in ollmhargadh sa Bhrasaíl an lá cheana, an chéad uair tar éis dom a bheith imithe le bliain agus trí ráithe as an tír ina raibh cónaí orm le sé bliana déag.

Leath mo bhéal orm agus b’éigean dom é a dhúnadh le mo lámh.

25 reais (4 euro) a bhí ar phaicéad den ghnáthchaife ollmhargaidh nach n-íocainn ach 12.50 reais (2 euro) air níos lú ná dhá bhliain ó shin. Bhí ardú tagtha freisin ar phraghsanna an aráin, glasraí, feola agus earraí déiríochta.

An scéal céanna taobh amuigh den ollmhargadh. An bus, an t-ionad aclaíochta, seastáin bhia sráide: áit ar bith a dtéim sa Bhrasaíl na laethanta seo, bíonn orm mo bhéal a dhúnadh le lámh amháin fad is a bhíonn an lámh eile ag tochailt i mo phóca, féachaint an bhfuil sóinseáil ar bith fágtha.

4.68 faoin gcéad an ráta boilscithe sa Bhrasaíl don 12 mhí dheireanach (2.9 faoin gcéad an ráta in Éirinn don tréimhse chéanna.)

Aisteach go leor, ní drochnuacht uilig atá sna cúiseanna atá leis an ráta boilscithe ard sin. Ní raibh an ráta dífhostaíochta (5.4 faoin gcéad) chomh híseal sin ó bhí 2012 ann, agus tuairiscítear freisin titim ar líon na ndaoine atá ag obair go neamhfhoirmeálta – rud a chiallaíonn go bhfuil feabhas mór tagtha ar choinníollacha oibre mhórchuid daoine.

Lena chois sin, tá go leor airgid á chaitheamh ag rialtas an uachtaráin Luiz Inácio da Silva (Lula), comhrialtas leathan atá rud beag ar chlé ón lár, agus tá leasú cánach díreach fógartha a chiallóidh nach n-íocfaidh bochtáin ná an chuid is mó den mheánaicme aon cháin ioncaim feasta.

Ciallaíonn na cúiseanna thuas go bhfuil an t-éileamh ard – fiú amháin ar leabhair, mar a fuair mé amach nuair ab’ éigean dom camchuairt na cathrach a dhéanamh chun teacht ar dhá shaothar nár foilsíodh ach trí mhí ó shin ach a bhí díolta amach i gcuid mhór siopaí cheana féin (dhá leabhar faoi na reiligiúin Afra-Bhrasaíleacha, creid é nó ná creid.)

Ach ní fhéadfaí dea-scéal a thabhairt ar chuid de na cúiseanna eile atá leis an mboilsciú ard.

Tá luach airgeadra na Brasaíle, an real, tar éis titim go suntasach le dhá bhliain anuas – rud atá go maith do chúrsaí easpórtála ach a fhágann go bhfuil earraí ón gcoigríoch a mbíonn dúil mhór ag muintir na Brasaíle iontu (ola olóige, trosc agus earraí leictreonacha) níos daoire ná mar a bhí riamh.

Tá eachtraí aeráide – triomach, tuilte – tar éis cur as d’fhómhar an chaife agus barr eile sa tír (agus sin é go deimhin an chúis go bhfuil ardú mór tagtha ar phraghas an chaife sa chuid eile den domhan freisin; sa Bhrasaíl a fhástar an tríú cuid de na pónairí caife ar domhan.)

Lena chois sin, fágann an drochbhail atá ar chuid mhaith de na bóithre agus an praghas ard ar bhreosla go mbíonn costas ard ag baint le cúrsaí iompair, agus ansin tá an feiniméan ar a dtugtar an custo Brasil ann, sin é ‘costas na Brasaíle’: cánacha breise ar go leor táirgí agus na costais arda a bhaineann leis an maorlathas casta, rud a fhágann chuile shórt níos daoire.

‘Réiteach’ atá faighte ar fhadhb an bhoilscithe ag cuid de na táirgeoirí sa Bhrasaíl ná an crapbhoilsciú (shrinkflation), is é sin gan praghas a gcuid earraí a ardú ach an pacáistiú a dhéanamh níos lú. Gáire agus deora araon a mheallfadh an réiteach sin asat uaireanta: sa bhácús an lá cheana, chonaic mé paicéad brioscaí nach raibh ann ach ceithre bhriosca.

Ar pháipéar, tá níos mó airgid ina bpócaí ag muintir na Brasaíle. Ach sa siopa dóibh …

Fág freagra ar 'Paicéad brioscaí nach bhfuil ann ach ceithre bhriosca i mBrasaíl an bhoilscithe'