Paddy Ó Gríofa ceaptha ina Eagarthóir Stiúrtha Nuachta ag RTÉ RnaG 

Tiocfaidh Paddy Ó Gríofa as Gaeltacht Chonamara i gcomharbacht ar Chiarán Ó Fatharta atá ag éirí as RTÉ Raidió na Gaeltachta tar éis dhá scór bliain a chaitheamh ag obair ann

Paddy Ó Gríofa ceaptha ina Eagarthóir Stiúrtha Nuachta ag RTÉ RnaG 

Tá Paddy Ó Gríofa ceaptha ina Eagarthóir Stiúrtha Nuachta ag RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Is as Na Mine in Indreabhán i nGaeltacht Chonamara do Phaddy Ó Gríofa  ó dhúchas, ach tá sé ag cur faoi le roinnt mhaith blianta i mBaile an Doirín, ar Eachréidh na Gaillimhe.

Thosaigh sé ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta in 2011 agus ceapadh ina Chlár-Reachtaire é in 2016.

Tiocfaidh sé i gcomharbacht ar Chiarán Ó Fatharta atá ag éirí as tar éis dhá scór bliain a chaitheamh ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Ag plé leis an gcraoltóireacht spóirt a bhíodh sé den chuid is mó roimhe seo agus fear mór CLG é. Tá sé ina Oifigeach Oiliúna le Coiste CLG na Gaillimhe ón mbliain 2022 agus bhí sé seal ina Leas-Rúnaí agus ina Oifigeach Caidrimh Phoiblí ar Choiste Peile an Chontae sna blianta roimhe sin. Chaith sé blianta ag imirt agus ag cóitseáil le Mícheál Breathnach.

Dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta go bhfuil “taithí léiritheoireachta, láithreoireachta, tuairisceoireachta agus tráchtaireachta” ag Paddy Ó Gríofa.

“Tá an-chur amach aige ar an ról atá ag an stáisiún seo, an tseirbhís a chuireann muid ar fáil agus is fear é a bhfuil neart taithí aige i réimsí eile. Níl aon amhras orm ach go ndéanfaidh sé an-jab sa tréimhse amach romhainn agus guíonn mé chuile rath air.”

Dúirt Mac Donncha go rabhthas “an-bhuíoch” don “obair ar fad” a rinne Ciarán Ó Fatharta le RnaG.

“Is iontach an tseirbhís atá tugtha aige d’éisteoirí an raidió mar chraoltóir agus is mór an méid a chuireann sé le hatmaisféar na háite mar chomhghleacaí agus cara.  Guíonn muid ar fad sa raidió sláinte agus sonas air féin agus a bhean Lucy sna blianta amach rompu,” arsa Garóid Mac Donncha.

Fág freagra ar 'Paddy Ó Gríofa ceaptha ina Eagarthóir Stiúrtha Nuachta ag RTÉ RnaG '