‘Our MC doesn’t speak Irish and neither do I, so this will happen again’ – raic faoi ‘dhrochmheas’ ar an nGaeilge ag searmanas bronnta

Bhí lucht Chonradh na Gaeilge agus daoine eile gonta go mór faoin ‘drochmheas’ don Ghaeilge a deir siad a léiríodh ag searmanas bronnta na Sockies, gradaim do na meáin shóisialta, san RDS an tseachtain seo

‘Our MC doesn’t speak Irish and neither do I, so this will happen again’ – raic faoi ‘dhrochmheas’ ar an nGaeilge ag searmanas bronnta

Tá raic ann ar líne mar gheall ar an “drochmheas” ar an Ghaeilge a deirtear a léiríodh ag searmanas bronnta na Sockies, gradaim do na meáin shóisialta a bhí ar siúl san RDS i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo.

Agus na hainmniúcháin agus an buaiteoir i rannóg na Gaeilge sa chomórtas á bhfógairt aige d’iarr an craoltóir aitheanta agus MC na hoíche, Rick O’Shea, ar dhuine ón lucht féachana teacht ar an ardán agus na hainmniúcháin Ghaeilge a léamh amach mar nach raibh sé in ann iad a rá.


Chuir roinnt daoine in iúl ar na meáin shóisialta ó shin gur ghoill sé orthu go gcaithfí mar sin leis an Ghaeilge agus bhí míshástacht ann freisin nár taispeánadh físeán faoi na hiomaitheoirí Gaeilge, mar a rinneadh i gcás na rannóga eile go léir.

Mar fhreagra ar na gearáin, dúirt Rick O’Shea go raibh Darach Ó Seaghdha, údar Motherfoclóir, in ainm is an duais a bhronnadh ach nach raibh sé in ann a bheith i láthair. Dúirt Rick O’Shea go raibh sé socraithe go dtiocfadh duine ó Lorg Media chun na hainmniúcháin a fhógairt.

Dúirt Orlaith Nic Gearailt ó Chonradh na Gaeilge go raibh na deacrachtaí céanna i dtaobh na n-ainmniúchán Gaeilge ag searmanas bronnta na Sockies anuraidh agus gur thairg Conradh na Gaeilge cúnamh leis an fhoghraíocht dóibh  ionas nach dtarlódh an rud céanna i mbliana.

Séideadh faoin chonspóid, nuair a d’fhoilsigh Orlaith Nic Gearailt an freagra a fuair an Conradh ó Damien Mulley, fear eagair an chomórtais.

I measc na ndaoine nach raibh sásta faoi dhearcadh lucht na Sockies bhí Orla O’Donnell, iriseoir agus comhghleacaí de chuid Rick O’Shea in RTÉ, a dúirt gur “inexcusable bullshit” a bhí i gceist leis an fhreagra a thug lucht eagraithe an chomórtais ar thairiscint Chonradh na Gaeilge.

Chuir Rick O’Shea roinnt tvuíteanna eile amach ó shin ag moladh na Sockies agus Damien Mulley as rannóg Gaeilge a bheith ann.

Dúirt O’Shea nár labhair sé Gaeilge ó bhí sé ina ghasúr agus nach dtuigeann sé roinnt dá raibh ráite faoi ar líne dá bharr.

Fág freagra ar '‘Our MC doesn’t speak Irish and neither do I, so this will happen again’ – raic faoi ‘dhrochmheas’ ar an nGaeilge ag searmanas bronnta'

  • Maolíosa Ní Chléirigh

    Very unprofessional attitude by Rick O’Shea. Disappointing. Díomách

  • Chris Mooney

    Wow! Shoneeen-ism alive and well in 2018!

    Chris Mooney
    Melbourne

  • Mánus

    Tarlaíonn rudaí mar sin agus is maith an scéal an Ghaeilge do bheith ann mar rannóg. Amaideach do beith ag déanamh ionsaí ar dream a rinne iarracht go deonach aitheantas a thabhairt don Ghaeilge. Cén uair a raibh Cónra na Gaeilge ag clamhsán faoin Rotary Club, faoi Lions, faoin GAA, faoin IRFU, faoin FAI, faoi Joyce Museum, faoin Chestr Beatty museum, faoi na gnónna agus na monarchain sa “Gaeltacht Oifigiúil a bhíonn á reachtáil tré Bhéarla?