‘Ospidéal na Gaillimhe caite sna fataí lofa ag an rialtas’ — Ó Clochartaigh

Tá éilithe ag an Seanadóir as Conamara go ndéanfaí staidéar féidearthachta faoi ospidéal nua i nGaillimh

‘Ospidéal na Gaillimhe caite sna fataí lofa ag an rialtas’ — Ó Clochartaigh

An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh

Tá éilithe ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh go dtabharfaidh an Rialtas aghaidh ar “na géarchéimeanna atá i seirbhísí sláinte na Gaillimhe”.

Dúirt Ó Clochartaigh, atá ina chónaí ar an gCeathrú Rua i gConamara, go bhfuil na seirbhísí sláinte sa chontae “ina gcíor thuathail” agus nach bhfuil an rialtas ag déanamh “aon cheo fiúntach” chun an scéal a leigheas.

“‘Dé hAoine seo caite bhí 46 duine ar thralaithe san ionad éigeandála. Tá os cionn 30,000 duine ag fanacht ar liostaí d’othair sheachtracha atá ag fanacht ar obráidí, 4,700 acu sin ag fanacht os cionn bliana. Tá bearnaí ollmhóra sna seirbhísí cúram leighis príomhúil. Tá gearradh déanta ar sheirbhísí fisiteiripe i gConamara Theas, atá ag cur iachall ar dhaoine anois dul do Gaillimh le cóir leighis bhunúsach a fháil.

“‘Tá easpa leapacha pobail orainn agus easpa tacaíochtaí do dhaoine gur mian leo fanacht ina dtithe féin. Tá an scéim ‘Fair Deal’ ag déanamh leatrom faoi leith ar theaghlaigh feirme, mar go bhfuiltear ag comhaireamh na feirme mar shócmhainn do cuid mhaith teaghlach tuaithe atá ar an ngannchuid agus a gcuid pacáistí ‘Fair Deal’ á ríomh agus in ainneoin geallúintí go stopfaí seo, nil tada déanta ag an rialtas ina leith go fóill,” a dúirt an Seanadóir ó Shinn Féin.

Ag labhairt dó sa Seanad an tseachtain seo, chuir Ó Clochartaigh ceisteanna ar an Aire Stáit sa Roinn Sláinte, Marcella Corcoran Kennedy, faoin ngéarchéim agus d’impigh ar an rialtas staidéar féidearthachta a dhéanamh chun an cás d’ospidéal nua i nGaillimh a mheas.

“Tá Gaillimh caite sna fataí lofa ar fad ag Teachtaí Dála an Rialtais maidir leis na hacmhainní riachtanacha a theastaíonn sna seirbhísí sláinte anseo a chur ar fáil,” a dúirt sé.

Idir an dá linn, mhaígh urlabhraí de chuid an Irish Association for Emergency Medicine go bhfaigheadh 350 duine bás gan údar maith le linn na bliana amach romhainn mura gcuirtear feabhas ar chúrsaí i seirbhísí sláinte na hÉireann.

Ag labhairt dó ar an gclár Morning Ireland ar RTÉ Radio One ar maidin, dúirt an dochtúir Fergal Hickey gurb í an easpa leapacha an fhadhb is mó atá ann agus nach bhfuiltear ag dul i ngleic leis an bhfadhb sin.

Tá tuairim an dochtúra bunaithe ar dhá staidéar a rinneadh thar lear deich mbliana ó shin, ach dúirt sé go bhfuil siad an-chruinn agus nár bréagnaíodh riamh iad.

Mhaígh sé go bhfaigheann suas le beirt bás gan údar maith gach uile bhliain san aonad éigeandála i Sligeach agus gur mar a chéile an scéal ar fud na tíre. D’éiligh sé go gcuirfí ar a laghad 2,000 leaba bhreise ar fáil in ospidéil na tíre.

Bhí 393 duine ar thralaithe inniu, 37 acu sin in Ospidéal na Gaillimhe.

Fág freagra ar '‘Ospidéal na Gaillimhe caite sna fataí lofa ag an rialtas’ — Ó Clochartaigh'