Tá séanta ag Ard-Stiúrthóir TG4 go mbíonn “carte blanche” i réim maidir leis an méid Béarla a cheadaítear ar chláir a choimisiúnaíonn an stáisiún.
Bhí Ard-Stiúrthóir an chraoltóra Alan Esslemont ag freagairt ceisteanna faoi alt a foilsíodh ar Tuairisc.ie ar maidin faoi dhá chlár sa tsraith Laochra Gael ina raibh na hagallaimh go léir i mBéarla.
Ag labhairt dó ar an gclár Nuacht a hAon ar RTÉ RnaG inniu, dúirt Esslemont go raibh ceann de na cláir sin, faoin iarpheileadóir Séamus Darby, “lán le Gaeilge”.
An reacaireacht amháin a bhí i nGaeilge sa chlár sin rud a d’fhág go raibh thart ar 11 nóiméad de i nGaeilge.
Tugadh suntas chomh maith san alt don scéala go raibh daoine a bhfuil Gaeilge faoi agallamh i mBéarla sna cláir cé go bhfuil Gaeilge acu.
“Ní ceist carte blanche ar chor ar bith é agus ní Gaeilgeoirí a chur ag labhairt Béarla atáimid…D’iarr muid cead ar Rena [Buckley] a scéal a insint agus bhí sí sásta é sin a dhéanamh dá bhféadfadh sí sin a dhéanamh ina teanga féin agus chuir muid comhthéacs Gaeilge timpeall an rud sin uilig.”
Dúirt Esslemont nárbh fhíor gur beagán Gaeilge a bhí sa chlár.
“Má bhreathnaíonn tú ar an gclár mar chlár feicfidh tú gur clár Gaeilge a bhí ann…ó thús go deireadh bhí Gaeilge ann… agus is clár náisiúnta a bhí ann agus mheall sé lucht féachana náisiúnta. Tugadh daoine isteach go dtí na meáin Ghaeilge ar bhealach nach bhfuil aon mheán Gaeilge eile – agus cuirim i gcás na meáin chlóite Ghaeilge – ag iarraidh a dhéanamh faoi láthair,” a dúirt Alan Esslemont.
Dúirt sé go raibh TG4 ag “iarraidh treisiú a dhéanamh ar an gclúdach atáimid ag déanamh ar an nGaeltacht ach ag an am céanna táimid ag iarraidh doras a choinneáil oscailte don tír seo, tír atá ag athrú i dtreo na Gaeilge. Go leor de na daoine sa tír ní bhíonn fiú taithí saoil acu ar an nGaeilge. Osclaíonn TG4 doirse, ní dhúnann muid iad.”
I ráiteas a chuir TG4 ar fáil do Tuairisc.ie dúradh go bhfuil an tsraith Laochra Gael “ag iarraidh scéalta pearsanta spóirt a insint” le dhá bhliain anuas.
“Scéalta ina bhfaigheann muid mothúchán agus brí an duine atá faoi agallamh. Scéalta ina dtagann muid ar fhéinaitheantas an duine. Scéalta ina nochtann an duine a chroí féin don náisiún. Agus le scéalta pearsanta a insint ar an teilifís, caithfidh muid an deis a thabhairt do na daoine iad féin a chur in iúl sa bhealach a roghnaíonn siad féin.
“Cé go bhfuil Gaeilge aici, roghnaigh Rena Béarla a háite dúchais féin a chleachtadh chun a scéal pearsanta a insint le muinín, le macántacht agus le fuinneamh, ar chainéal teilifíse náisiúnta.”
Dúradh gurb amhlaidh gur roghnaigh an t-iarbhainisteoir ar Chorcaigh Éamonn Ryan, ar cainteoir líofa Gaeilge é, agallamh a dhéanamh i mBéarla chomh maith.
Dúradh chomh maith gur Straitéis Dhébheannach “atá á leanúint ag TG4 maidir leis an lucht féachana a fhorbairt”.
“’Sé sin go bhfuil muid ag léiriú cláir faoi leith dírithe go príomha ar an gcroí-lucht féachana a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu agus cláir eile atá dírithe go sonrach ar an lucht féachana ‘náisiúnta’. Tá an cur chuige sin mínithe go poiblí roimhe seo go minic againn agus eolas faoi sa Cháipéis Straitéise a d’fhoilsigh muid anuraidh.”
Dúradh go raibh “cláir den scoth ag TG4 a thugann spreagadh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht mar Bailte, Bádóirí, Ár gClub, Lár Stáitse, Ár Scéal, nó an tsraith nua do pháistí, Is mise….”
Maíodh chomh maith go raibh an stáisiún Gaeilge ag freastal “níos doimhne ná riamh” ar phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge “ag gach aois” leis na “cainéil nua” ar líne ‘Molscéal’ agus ‘BLOC’ agus le líon na gclár a choimisiúnaítear do pháistí.
“Ag croí straitéis ‘twin-pole’ TG4, tá treisiú ar an bhfreastal ar na pobail a labhraíonn Gaeilge, ach freisin, cruthaíonn muid bealach isteach chuig an nGaeilge don náisiún ar fad. Osclaíonn muid doirse, ní dhúnann muid iad,” a dúradh i ráiteas TG4.
AnRógaire
Tá cónaí ar Esslemont agus TG4 i saol eile má chreideann siad gur stáisiún gaeilge stáisiún a chraolann furmhór na gcláracha i mbéarla agus go mbíonn béarla le cloisteáil i gcláracha atá ceaptha a bheith mar chláracha gaeilge.