Os cionn €1.3 milliún ceadaithe ag an BAI do thograí Gaeilge

I measc na dtograí Gaeilge a bhfuil maoiniú fógartha ag an BAI dóibh, tá an chéad dá fhadscannán Gaeilge a dhéanfar faoi scéim Cine4 TG4

Os cionn €1.3 milliún ceadaithe ag an BAI do thograí Gaeilge

Tá os cionn €1.3 milliún ceadaithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann do thograí Gaeilge, ina measc an chéad dá fhadscannán Gaeilge a dhéanfar faoi scéim Cine4 TG4 agus an dara sraith de GAA Nua, clár RTÉ faoi fhorbairt na heolaíochta agus na teicneolaíochta i gCLG.

Is iad an dá fhadscannán Gaeilge, ar fhógair an BAI maoiniú dóibh inné ná Finky le Abú Media, comhlacht léiriúchán atá lonnaithe i gCois Fharraige i gConamara, agus Arracht, togra de chuid an chomhlachta Macalla Teoranta atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. €400,000 an ceann a ceadaíodh don dá scannán a dhéanfar faoin scéim Cine4 agus €1.2 milliún an ceann an buiséad iomlán a bheidh acu.

D’éirigh le Macalla Teoranta €167,000 eile a fháil ón BAI do Mo shaol, do shaol, sraith do dhaoine óga a chraolfar ar TG4.

Beidh an dara sraith de GAA Nua, an tsraith spóirt a chuir Dara Ó Cinnéide i láthair anuraidh, á thaispeáint arís ar RTÉ One agus €160,000 faighte ag Meangadh Fíbín chun tabhairt athuair faoin saothar a stiúir Pat Comer.

Chomh maith leis sin, tá €150,000 faighte ag Iris Pictures Limited chun LURGAN 2K18, sraith eile ceoil le TG Lurgan Choláiste Lurgan, a léiriú.

I measc na gclár eile a chraolfar ar TG4 agus a fuair maoiniú sa bhabhta is déanaí de scéim Fís & Fuaim an BAI, tá The Irish Derby – Níos Mó ná Rása  le Bankos Tales Productions Limited a fuair €80,000 agus Saol an Mhadra Bháin/ The Secret World of Working Dogs le Midas Productions ar éirigh leo €125,000 a fháil dá dtogra.

D’fhógair an BAI roinnt maoinithe chomh maith inné do chláracha faisnéise raidió, ina measc sraith faoi deichniúr údar Gaeilge a dhéanfaidh Mairéad Uí Dhomhnaill do RTÉ Raidió na Gaeltachta, sraith ar ceadaíodh €15,000 di.

Fógraíodh maoiniú €5,000 d’Aonghus Ó Lochlainn agus Raidió na Life chun clár faisnéise a dhéanamh faoi stair Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus €8,000 a fuair Raidió na Life do shraith faisnéise a bhfuil an teideal oibre ‘Idirbhliain’ air.

Fuair Macalla Teoranta beagnach €17,000 chun sraith dar teideal Bígí ag ceol a léiriú do RTÉ Junior/Chill.

Maoiniú €5.991 milliún a d’fhógair an BAI inné do 126 tionscnamh raidió agus teilifíse. Rachaidh €5.368m den mhaoinú sin chuig 33 tionscnamh teilifíse agus íocfar an €622,000 eile le 93 tionscnamh raidió.

Fág freagra ar 'Os cionn €1.3 milliún ceadaithe ag an BAI do thograí Gaeilge'