Os cionn 400,000 cás de Covid-19 deimhnithe ar fud an domhain

Tá 743 duine eile le Covid-19 básaithe san Iodáil, ardú mór eile i ndiaidh do mheath teacht ar líon na mbásanna dhá lá i ndiaidh a chéile

Os cionn 400,000 cás de Covid-19 deimhnithe ar fud an domhain

Tá os cionn 400,000 cás de Covid-19 deimhnithe ar fud an domhain, de réir an áirimh atá á dhéanmah ag líon na gcásanna ag Ollscoil Johns Hopkins.

Breis is 18,000 duine atá básaithe de thoradh an ghalair a bhfuil an saol curtha bunoscionn aige ar fud an domhain.

Nach mór 105,000 duine a bhí buailte ag an ngalar atá tagtha chucu féin ar fad de réir na bhfigiúirí is déanaí.

Tá 743 duine eile a bhí buailte ag Covid-19 básaithe san Iodáil, ardú mór eile i ndiaidh do mheath teacht ar líon na mbásanna dhá lá i ndiaidh a chéile.

San Iodáil an líon is airde marbh, 6,820 duine, agus bhíothas dóchasach go raibh an dianghlasáil náisiúnta anois ag imirt tionchair ar an ráta sin. Léas dóchais éigin é áfach go bhfuil líon na gcásanna nua de Covid-19 ag titim, más go mall féin é.

Is í an Spáinn an dara tír is measa faoi léigear an ghalair san Eoraip. Fuair 514 duine bás in imeacht aon lae amháin sa tír sin, rud a chiallaíonn go bhfuil 2,696 duine marbh sa tír de bharr an víris. Mhéadaigh líon na gcásanna ó 33,089 go 39,673.

Idir an dá linn, thiocfadh dó gurb iad Stáit Aontaithe Mheiriceá eipealár nua na paindéime domhanda, de réir na hEagraíochta Domhanda Sláinte (WHO). Thug siad le fios go raibh borradh mór faoi líon na gcásanna ansin bíodh is go raibh an tUachtarán Donald Trump ag caint aréir ar “athoscailt” na tíre “go luath”.

Tháinig 85 faoin gcéad de na cásanna nua ón Eoraip agus ó na Stáit Aontaithe le ceithre huaire is fiche anuas. Is óna Stáit Aontaithe a tháinig 40 faoin gcéad de na cásanna sin.

Nuair a fiafraíodh d’urlabhraí WHO, Margaret Harris, arbh amhlaidh go mbeadh na Stáit ina n-eipealár nua, dúirt sí le hiriseoirí go raibh “an fhéidearthacht sin ann”.

Ordaíodh do thuairim is 1.7 billiún duine ar fud na cruinne fanacht sa bhaile agus rialtais ag cur dianbhearta i bhfeidhm. Mar sin féin, dúradh leis na milliúin duine a bhfuil cónaí orthu i gcúige Hubei, lárcheantar bhriseadh amach na Síne, go mbeadh cead taistil acu ó mheán oíche  – ach amháin go cathair Wuhan.

Tugann údaráis na Síne le fios go bhfuil an ráig faoi smacht acu den chuid is mó. Tuairiscíonn siad gur as baile isteach a tháinig cásanna nua an víris agus gur beag in aon chor cás nua a bhí acu sa bhaile le roinnt laethanta.

D’fhógair príomh-aire na Seapáine, Shinzo Abe, inniu go raibh an Coiste Oilimpeach Idirnáisiúnta toilteanach Cluichí Oilimpeacha Thóiceo a chur ar an mhéar fhada go 2021. Beidh na cluichí ar siúl an samhradh seo chugainn ach tabharfar Cluichí Thóiceo 2020 orthu go fóill.

Fág freagra ar 'Os cionn 400,000 cás de Covid-19 deimhnithe ar fud an domhain'