Beidh ócáid spéisiúil ag Cumann Béaloidis Chonamara in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua oíche Déardaoin. ‘An Dr Elsie Murphy: ón gCeathrú Rua go Príosún Chill Mhaighneann’ teideal na cainte a bheidh ag an an Dr Clíodhna Ní Mhurchú don chomhluadar.
Chaith Elsie Murphy seal ina dochtúir teaghlaigh i mBéal an Daingin i gConamara le linn Chogadh na gCarad, an chéad bhean a d’oibrigh mar dhochtúir sa gceantar. Bhí cúlra láidir poblachtánach ag Elsie agus bhí sí gníomhach i gCumann na mBan. Mar gheall ar a cuid polaitíochta, gabhadh í ar an gCeathrú Rua i 1923 agus chaith sí sé mhí sa bpríosún i mBaile Átha Cliath.
Is dochtúir teaghlaigh as Cois Fharraige í Clíodhna Ní Mhurchú a bhfuil BA sa tseandálaíocht agus sa nGaeilge aici, chomh maith le MA seandálaíochta san oisté-eolaíocht. Tá spéis aici sa stair áitiúil agus sna scéalta atá fós á n-inseacht. Déanann sí taighde ginealaigh agus taighde staire mar chaitheamh aimsire.
Beidh an chaint spéisiúil seo ag tosú ag a 8.00in oíche Déardaoin an lá deiridh den mhí agus fáilte roimh an bpobal ar fad.
Fág freagra ar 'Ón gCeathrú Rua go Príosún Chill Mhaighneann'