‘Ollscoil na Gaillimhe – University of Galway’ — ainm NUIG le hathrú

Thug Údarás na hOllscoile a mbeannacht inniu don phlean ainm nua a bhaisteadh ar an ollscoil, ainm dátheangach a thabharfaidh tús áite don Ghaeilge

‘Ollscoil na Gaillimhe – University of Galway’ — ainm NUIG le hathrú

Ollscoil na Gaillimhe – University of Galway a thabharfar feasta ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh nó NUI Galway.

Thug Údarás na hOllscoile a mbeannacht inniu don phlean ainm nua a bhaisteadh ar an ollscoil, ainm dátheangach a thabharfaidh tús áite don Ghaeilge.

Úsáidfear teideal dátheangach na hollscoile – Ollscoil na Gaillimhe – University of Galway – ar gach cáipéis oifigiúil feasta, a dúradh.

Tá dualgas de réir dlí ar an ollscoil a hainm a bheith i nGaeilge nó go dátheangach. Sa chás go roghnaítear ainm dátheangach ní foláir tús áite a thabhairt don leagan Gaeilge ar chomharthaíocht agus ar stáiseanóireacht na hollscoile.

Chuir Uachtarán na hOllscoile, Ciarán Ó hÓgartaigh, fáilte roimh an gcinneadh agus ghabh sé buíochas le hÚdarás na hOllscoile.

“Tá go leor machnaimh déanta againn ar an gcinneadh ár nOllscoil a athainmniú agus is cinneadh é atá á ghlacadh tar éis mionmheasúnú a dhéanamh ar na saincheisteanna chomh maith le comhairliúchán cuimsitheach agus plé inmheánach. Táimid thar a bheith buíoch de gach duine a thug faoin obair sin.

“Tá an ollscoil seo i nGaillimh agus is í ollscoil na Gaillimhe í ó lár an naoú haois déag. Tugann Ollscoil na Gaillimhe, University of Galway, léargas níos soiléire ar cé muid féin mar institiúid agus ar ár n-áit. Is áit tionsclaíochta agus cruthaitheachta í Gaillimh, áit saoránachta agus áit díospóireachta. Áit idir eatarthu, agus i lár líonra campas ó Shionainn go Dún na nGall, ar an imeall agus idir ilchríocha, bímid ag breathnú chun cinn anseo gach lá,” arsa  Uachtarán na hOllscoile, Ciarán Ó hÓgartaigh.

Fág freagra ar '‘Ollscoil na Gaillimhe – University of Galway’ — ainm NUIG le hathrú'