Ollamh Taca an tsean-nóis!

Seosaimhín Ní Bheaglaoich le ceapadh mar Ollamh Taca le Ceol ag Ardscoil an Cheoil agus na Drámaíochta in DIT inniu

Seasamhin

Déanfar Ollamh Taca inniu den amhránaí cáiliúil Seosaimhín Ní Bheaglaoich ag ócáid speisialta in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.

Tá an Ciarraíoch, a bhfuil cáil uirthi i bhfad is i ngearr mar dhuine de mhóramhránaithe tradisiúnta na hÉireann, le ceapadh mar Ollamh Taca le Ceol ag Ardscoil an Cheoil agus na Drámaíochta san Institiúid.

Le deich mbliana anuas, tá an t-amhránaí ó Chorca Dhuibhne ag múineadh amhrán traidisiúnta do mhic léinn na hArdscoile in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.

Is é ceannasaí na hArdscoile, Gordon Munro, a bhronnfaidh a hOllúnacht ar Ní Bheaglaoich.

Tá an post onórach seo á fháil ag an amhránaí mar aitheantas don obair atá déanta aici ar mhaithe le cur chun cinn na hamhránaíochta tradisiúnta in DIT, áit a mbíonn sí ag múineadh an tsean-nóis.

Údar dóchais atá sa bhronnadh seo, dar le Ní Bheaglaoich, toisc go léiríonn sé go bhfuil athruithe tagtha ar chláir cheoil na n-ollscoileanna agus aitheantas á thabhairt anois don amhránaíocht thraidisiúnta.

“Ní bhíodh ceol ná amhráin thraidisiúnta mar chuid de chéim an cheoil fadó ach tá sin athraithe go mór,” a deir sí.

Beidh dualgais áirithe ar an amhránaí mar Ollamh Taca, dualgais a bhaineann leis an sean-nós a spreagadh i measc na mac léinn.

“Is mór an onóir dom an t-aitheantas seo a fháil. Bainim ana-shult as a bheith ag múineadh na n-amhrán agus ag mealladh daoine óga chun spéis a chur san ealaín seo agus meas a bheith acu air. Agus tá ana-mheas acu air.”

Cuireann Ní Bheaglaoich ina luí ar na mic léinn go bhfuil an sean-nós ar fáil don uile dhuine ar spéis leo é.

“Tá cúpla duine tar éis Corn Uí Riada a bhuachaint agus ní ón nGaeltacht iad. Ní gá go mbeadh Gaeilge ó dhúchas agat chun an sean-nós a fhoghlaim,” a deir sí.

Fág freagra ar 'Ollamh Taca an tsean-nóis!'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Agus ní ghá gurb í an tsean nós an stíl amhránaíochta atá agat, just mar gheall ar gur ón nGaeltacht thú!