Oifig an Phoist i Leitir Mealláin le dúnadh ‘mar nár bhain muintir na háite dóthain úsáide aisti’

Dúirt Caroline Uí Ráighne, máistreás phoist Leitir Mealláin gur geall le hobair dheonach é a bheith i bhfeighil ar an oifig toisc nach mbaineann muintir na háite úsáid ‘mar ba chóir’ as na seirbhísí atá á gcur ar fáil inti

Tá Oifig an Phoist i Leitir Mealláin i nGaeltacht Chonamara le dúnadh i mbliana.

Dúirt Caroline Uí Ráighne, máistreás phoist na hoifige i Leitir Mealláin go bhfuil fúithi glacadh le pacáiste ó An Post agus an oifig a dhúnadh mar nach mbíonn “dóthain daoine” sa cheantar ag úsáid na seirbhíse.

Ag labhairt di ar an chlár Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta ar maidin, dúirt Uí Ráighne gur cinneadh “an-deacair” a bhí ann oifig poist Leitir Mealláin a dhúnadh ach gur gá di a bheith “macánta” agus “réadúil” faoin scéal.

“Mura bhfuil gnó ag feidhmiú agus mura bhfuil sé inmharthana, is dóigh, caithfidh tú breathnú ar na páipéir agus a rá ‘bhuel, céard é an rud is fearr domsa agus do mo chlann’,” a dúirt sí.

Dúirt Caroline Uí Ráighne gur geall le hobair dheonach é a bheith i bhfeighil ar oifig an phoist Leitir Mealláin mar nach mbaineann muintir na háite úsáid as na seirbhísí atá á gcur ar fáil inti.

Dúirt sí gur cinneadh dá cuid féin a bhí ann an oifig poist, atá ar an fhód ó 1929, a dhúnadh i mbliana agus nach raibh An Post ag éileamh go ndúnfaí í.

“Níl siad (An Post) ag rá go gcaithfidh muid dúnadh ar chor ar bith, ach tá siad ag breathnú orainn mar ghnó nach bhfuil ag feidhmiú chomh gníomhach is go mba chóir dúinn a bheith,” a dúirt sí.

Cé go bhfuil an rogha ann an oifig a choinneáil oscailte, dúirt Uí Raighne go bhfuil sé  “le feiceáil ag asal ar bith” nach bhféadfadh sí na coinníollacha nua atá leagtha síos ag An Post d’oifigí poist a chomhlíonadh.

Ar cheann de na coinníollacha sin, tá sé ráite ag An Post gur gá d’oifigí poist fanacht oscailte idir 1-2pm.

Dúirt Ní Raighne nach bhféadfaí leithéid an choinníll sin a chur i bhfeidhm i gceantair thuaithe mura mbeadh an pobal ag úsáid na n-oifigí poist “mar ba chóir dóibh a bheith”.

“Níl mé ag cur locht ar an bpobal go bhfuil an Posta le himeacht ach níor chuidigh siad leis. Níor úsáid muintir an cheantair an Posta chomh minic is a d’fhéadfaidís,” a dúirt sí.

Dúirt sí go gcreideann sí “céad faoin gcéad go bhféadfaidís [muintir na háite] i bhfad níos mó gnó a chur fríd an bPosta” agus nach dtuigeann sí “cén sórt meoin atá ag daoine” a cheannaíonn ceadúnas teilifíse nó a bhíonn ag ceannach rudaí ar líne in áit a bheith ag úsáid na seirbhísí atá ar fáil sa cheantar.

“Dar ndóigh tá rogha ag na custaiméirí seo, tá siad in ann dul ar líne agus íocaíochtaí a fháil tríd an mbanc, rud atá an tír ag brú an t-uafás.

“Má tá sé níos áisiúla do chuid pinsin, do chuid dole nó allowance le haghaidh na ngasúr a fháil tríd an mbanc, seachas sa bPosta, tá tú ag marú an Phosta,” a dúirt Uí Ráighne ar Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. 

Dúirt Uí Ráighne go bhfuil sí “brónach” agus “croíbhriste” go bhfuil an oifig poist le dúnadh agus gur “buille tromchúiseach” é don cheantar.

Thug sí le fios gur dhiúltaigh sí glacadh le pacáiste “tarraingteach” ó An Post 18 bliain ó shin agus go ndearna sí a dícheall an gnó “a fhorbairt” agus “a láidriú” ó shin.

Faoin socrú nua atá déanta le An Post, beidh oifig poist Leitir Mealláin á dúnadh roimh mhí Mheán Fómhair seo chugainn.

Mhaígh Uí Raighne go mbeidh seirbhísí áitiúla eile i mbaol a ndúnta mura dtacaíonn muintir an cheantair leo agus d’impigh sí ar dhaoine úsáid a bhaint as seirbhísí áitiúla.

“Mura n-úsáidfidh tú iad, tógfar uait iad agus beidh sé ródheireanach le haghaidh petitions agus le bheith ag tabhairt amach.”

Dúirt urlabhraí de chuid An Post go ndéanfar cinneadh faoina bhfuil i ndán d’oifig poist Leitir Mealláin nuair a bheidh scéala oifigiúil faighte acu faoi chinneadh Caroline Uí Ráighne éirí as an tseirbhís.

Fág freagra ar 'Oifig an Phoist i Leitir Mealláin le dúnadh ‘mar nár bhain muintir na háite dóthain úsáide aisti’'