Oidhreacht na dTrioblóidí – ráiteas nár shásaigh éinne

Tá plean chun déileáil le hoidhreacht na dtrioblóidí ar liosta reachtaíochta atá geallta ag Rialtas na Breataine

Oidhreacht na dTrioblóidí – ráiteas nár shásaigh éinne

Cúig bliana fichead ón lá a mharaigh paraimíleataigh dhílseacha Sean Brown ghabh an PSNI leithscéal lena mhuintir faoin bhfiosrú easnamhach ar an dúnmharú.

Ar an 2 Bealtaine 1997, bhí Sean Brown ag cur glas ar gheataí chlub Chumann Lúthchleas Gael i mBaile Eachaidh i ndeisceart Dhoire nuair a d’fhuadaigh an mionghrúpa dílseach, an LVF é. Frítheadh a chorp a raibh sé philéar ann i mBaile Raghnaill i gcontae Aontroma le hais a ghluaisteáin a cuireadh trí thine. Níor cúisíodh éinne ariamh as an marú. In 2004 cháin Ombudsman na bPóilíní fiosrú lochtach, easnamhach an RUC agus rinne an Fhoireann Fiosrúchán Stairiúil [HET], foireann atá scortha anois, an rud céanna. Bhí feachtas fada ag an teaghlach sa tóir ar fhreagraí.

Déardaoin fógraíodh san Ard-Chúirt i mBéal Feirste go raibh Bridie, baintreach Shean Brown agus an PSNI tagtha ar réiteach sa chás a thóg sí ag cur mí-iompar in oifig phoiblí agus faillí ina dhualgas i leith an Phríomh-Chonstábla. Ghabh an PSNI leithscéal agus d’aontaigh socraíocht nár foilsíodh. Is féidir bogadh ar aghaidh leis an gcoiste cróinéara anois, agus súil ag an teaghlach go nochtfar faisnéis nár chuala siad go fóill.

Meabhrú ab ea an cás, má theastaigh a leithéid ó éinne, ar na cúiseanna nach raibh aon ghlacadh ag íobartaigh le plean rialtas na Breataine a fógraíodh anuraidh le bac a chur ar fhiosruithe, cúisimh, ionchoisní agus cásanna sibhialta maidir le heachtraí a tharla le linn na dTrioblóidí. Ba é mian Boris Johnson faoiseamh ó chúiseamh a thabhairt d’fhórsaí an stáit ach chaithfí an tsaoirse ó chúiseamh chéanna a cheadú do pharaimíleataigh. Dúirt a rialtas gur ghá “líne a tharraingt faoi na trioblóidí” ar mhaithe le gach duine. D’éirigh leis an Státrúnaí Brandon Lewis, a d’fhoilsigh an plean sin, gach éinne a aontú…ina choinne.

Seans gur éist rialtas na Breataine le freasúra na n-íobartach go léir abhus, polaiteoirí agus grúpaí cearta thuaidh, theas, san Eoraip agus i Meiriceá. Cibé cúis a bhí leis, nuair a fógraíodh an clár oibre do rialtas Boris Johnson don tréimhse seo romhainn sa Pharlaimint in Westminster Dé Máirt seo caite bhí leagan leasaithe den phlean chun déileáil le coireanna stairiúla ann. Ba é an t-athrú ba shuntasaí a fógraíodh nach mbeadh maithiúnas nó faoiseamh ginearálta ó chúiseamh á thairiscint. Bheadh an tsaoirse ó chúiseamh ag brath ar chomhoibriú le bord nó binse nó foras a bhunófaí chun faisnéis a bhailiú.

 

Tá na sonraí gann. Ni léir go beacht céard atá beartaithe nó an bhfuil plean críochnúil ullamh. D’eisigh Sráid Downing nóta mínithe a dúirt gurb é an múnla a cheadódh díolúine ó chúiseamh mar luach saothair as faisnéis an bealach is fearr chun freagraí a sholáthar d’íobartaigh agus chun an chinnteacht atá dlite dóibh a thabhairt d’iarbhaill de na fórsaí slándála. Faoin gcóras seo beifear in ann daoine a chúiseamh má dhéantar cinneadh nach bhfuil faoiseamh tuillte acu.

Níor léir go raibh an cur chuige nua aon bhlas níos so-ghlactha ná an seancheann. Ceilt cearta a thug Gráinne Teggart ó Amnesty air. Údar imní aici ab ea é go ligfeadh an scéim do na hamhrastaigh – idir fhórsaí stáit agus pharaimíleataigh – a bheith beag beann ar an dlí, agus nach mbeadh orthu a bheith freagrach, go poiblí, as a ngníomhartha. Chuirfeadh sé riar na córa as a riocht, dar léi.

Dúirt Mark Thompson ó Relatives for Justice dá gcuirfí an plean ar bhonn reachtúil go gceilfeadh sé fiosrú neamhspleách feidhmiúil agus an chóir ar íobartaigh. Bheadh rialtas na Breataine i gceannas ar phróiseas lochtach a cheadódh dóibh féin amháin cinneadh a dhéanamh cé air a mbeadh milleán, cé a thuillfeadh pionós agus cé nach n-ainmneofaí, a dúirt sé. Plean féinchúiseach é ar mhaithe le fórsaí stáit agus a ngníomhairí, arsa Thompson.

Ní léir go raibh teaghlaigh na n-iarshaighdiúirí go leir muiníneach. Dúirt mac le Denis Hutchings, nach maireann, a cúisíodh as iarracht chun John Pat Cunningham a mharú i gcontae Thír Eoghain nach raibh an plean ar bhonn reachtúil agus go raibh seans nach mbeadh choíche. Gealladh faoiseamh i gclár toghcháin na gCaomhach in 2019 ach níor tharla aon cheo go fóill, a dúirt sé.

Níl sé soiléir cathain a nochtfaidh rialtas na Breataine na sonraí. Fearacht plean na bliana anuraidh tagann an ceann seo salach ar chomhaontú Stormont House 2014 a d’aontaigh na páirtithe anseo agus an dá rialtas. Nil sé soiléir ar ndóigh cé chomh dáiríre is atá rialtas Boris Johnson faoi phlean ar bith, an ceann seo, reachtaíocht na Gaeilge nó sárú an phrótacail iarBhreatimeachta agus níl sé soiléir go bhfuiltear ag dul i gcomhairle le rialtas na hÉireann roimh ré faoi cheisteanna íogaire seachas fait accompli a fhógairt.

Tá sé soiléir, áfach, gurb iad na híobartaigh atá thíos leis na pleananna aontaobhacha, an mhoilleadóireacht agus an gheáitsíocht. Tá sé do-mhaite.

Fág freagra ar 'Oidhreacht na dTrioblóidí – ráiteas nár shásaigh éinne'