‘Oidhreacht an Rialtais i leith na Gaeilge: easpa físe, easpa tacaíochta, easpa ceannaireachta agus easpa maoirseachta’ – Ó Snodaigh

Tá an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh tar éis cáineadh láidir a dhéanamh ar an Rialtas inniu maidir lena gcur chuige i leith na Gaeilge agus a 'dteip' maidir le cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla

29/1/2014. Sinn Fein Political Reforms

Is “masla amach is amach” é an scéal nach bhfuil scéim teanga aontaithe ag Córas Iompair Éireann, dar leis an Teachta Dála, Aengus Ó Snodaigh (SF).

Cháin an Teachta Dála an Rialtas go láidir inniu maidir lena gcur chuige i leith na Gaeilge agus a “dteip” maidir le cur i bhfeidhm Acht na Teangacha Oifigiúla 2003.

Chuir Ó Snodaigh ceist sa Dáil Dé Máirt ar an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta liosta a chur ar fáil de na comhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth an Achta nach bhfuil scéim teanga aontaithe ag an Roinn go fóill. Tá tuairim is 400 comhlacht poiblí le háireamh faoi scáth an Achta i láthair na huaire.

Thug an tAire Stáit Joe McHugh le fios ina fhreagra ar an gceist go raibh 107 scéim teanga i bhfeidhm a chlúdaíonn 115 comhlacht poiblí san iomlán. Dúirt sé freisin go bhfuil plé ar siúl le 129 comhlacht poiblí eile chun scéimeanna teanga a aontú leo.

“Tháinig sé chun solais ón bhfreagra a fuair mé ón Aire Stáit nach bhfuil Córas Iompair Éireann, Iarnród Éireann, Bus Éireann agus Bus Átha Cliath san áireamh, ag comhlíonadh a ndualgas maidir leis an nGaeilge.

“Masla amach is amach is ea an scéal seo a léiríonn go soiléir an drochmheas atá ag an Rialtas seo ar Shaoránaigh na hÉireann a dteastaíonn uathu maireachtáil trí Ghaeilge,” a dúirt Ó Snodaigh inniu.

Dúirt sé go raibh sé suntasach nach bhfuil ach 115 comhlacht a bhfuil scéim teanga curtha i bhfeidhm acu dhá bhliain déag i ndiaidh achtú na reachtaíochta.

“Sin thart ar 70% de na comhlachtaí poiblí nach bhfuil ag feidhmiú de réir an Achta, 2003. Is í oidhreacht an Rialtais reatha i leith na Gaeilge ná easpa físe, easpa tacaíochta, easpa ceannaireachta agus easpa maoirseachta. Tá níos fearr ná sin tuillte ag muintir na hÉireann agus ag ár dteanga ársa,” a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Oidhreacht an Rialtais i leith na Gaeilge: easpa físe, easpa tacaíochta, easpa ceannaireachta agus easpa maoirseachta’ – Ó Snodaigh'

  • Feardorcha

    Wow wee, nach diabhal an bleachtaire é an Snodach. Thóg sé dhá bhliain déag air an masla a thabhairt faoi deara.
    Á, sin é, tá toghchán eile chugainn.

  • R ua Ruairc

    “Tháinig sé chun solais ón bhfreagra a fuair mé ón Aire Stáit nach bhfuil Córas Iompair Éireann, Iarnród Éireann, Bus Éireann agus Bus Átha Cliath san áireamh, ag comhlíonadh a ndualgas maidir leis an nGaeilge.

    Chuir Iarnród Éireann dhá chomhartha leictreonach as Béarla amháin in airde i stáisiún traenach na hInse, Co an Chláir sa bhliain 2009. D’iarr mé ar CIÉ ag an am cén fáth nach raibh na comharthaí nua acu dátheangach. Níor fhreagrair sé. Ansin chuir mé an cheist faoi bhráid Oifig an Choimisinéara Teanga. An bhliain dar gcionn 2010 sheol an Coimisinéir Imscrúdú ar an ábhar. Rinne an tImscrúdú sin moladh i dtaobh na gcomharthaí úd. Níor chuir CIÉ an moladh céanna i bhfeidhm riamh. Bhí ansin ar an an gCoimisinéar Teanga Tuarascáil a leagan faoi bhráid dá Thithe an Oireachtais Mí na Nollag 2013.

    Tugadh le tuiscint dom Mí Iúil 2015 go raibh plé le déanamh ar an gceist ag Chomhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha, an Fómhair seo caite.

    Faraoir, tá fós dhá chomhartha leictreonach as Béarla amháin i stáisiún na hInse. Stay tuned.