Oícheanta ómóis do Liam Ó Muirthile agus Domhnall Mac Síthigh i measc na n-ócáidí ar chlár IMRAM 2018

Tá an clár seolta d’IMRAM 2018 an fhéile litríochta Gaeilge a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath an mhí seo chugainn

Oícheanta ómóis do Liam Ó Muirthile agus Domhnall Mac Síthigh i measc na n-ócáidí ar chlár IMRAM 2018

Tá oícheanta ómóis do na scríbhneoirí Liam Ó Muirthile agus Domhnall Mac Síthigh i measc na n-ócáidí ar chlár IMRAM na bliana seo a seoladh inniu.

Déanfar ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar Liam Uí Mhuirthile, a bhásaigh i mbliana, ag an ócáid ‘Ceardaí focal’ le linn na féile litríochta Gaeilge a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath idir an 15-27 Deireadh Fómhair.

I measc na scríbhneoirí a léifidh sleachta as saothar Uí Mhuirthile, tá Gabriel Rosenstock, Greg Delanty, Louis de Paor agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus casfaidh Peadar Ó Riada agus Cormac Breathnach píosaí nua ceoil bunaithe ar dhánta an fhile iomráitigh.

‘Saighdiúir Farraige’ is teideal don oíche ómóis a dhéanfaidh ceiliúradh ar an údar, file, fear seanchais agus fear farraige Domhnall Mac Síthigh, a cailleadh anuraidh. Beidh scoth na scríbhneoirí, na gceoltóirí agus na gcraoltóirí ó Chorca Dhuibhne i láthair ag an ócáid chun Danny an tSíthigh a thabhairt chun cuimhne.

I measc na n-ócáidí eile a bheidh ar siúl ag IMRAM na bliana seo, tá Buail na Cloig/Ring them Bells: Tionscadal Gaspal Dylan ceolchoirm ag a gcloisfear leaganacha nua Gaeilge d’amhráin ó na ‘blianta Críostaíochta’ ag Bob Dylan.

An file Gabriel Rosenstock a chuir Gaeilge ar liricí Dylan agus gealltar “ceol gaspal funcaí…ag cur thar maoil le ‘tine is bromastún’” ó na hamhránaithe Liam Ó Maonlaí, Emma Garnett, Esosa Ighodaro agus Zeenat Sarumi agus a mbanna ceoil.

Beidh béim mhór ag féile na bliana seo chomh maith ar shaol agus ar shaothar an fhile Máirtín Ó Direáin, a bhfuil 30 bliain a bháis á chomóradh i mbliana. Seolfar le linn na féile An Chuid Eile Díom Féin: Aistí Próis le Máirtín Ó Direáin, in eagar ag Síobhra Aiken, agus  beidh ceolchoirm ann le Liam Ó Maonlaí agus Johnny Óg Connolly, ‘An tEarrach Thiar’, ina bhfuil cóiriú déanta ar 12 dán leis an bhfile as Árainn.

Pléifear an t-aistriúchán liteartha Gaeilge in Éirinn agus thar lear ag ‘Doras Isteach don Domhan’ agus seó ilmheánach filíochta le Rody Gorman é ‘Ar Ais go Rí na Mara’.

Is iad na ceoltóirí Thatchters of the Acropolis agus Árchú agus na scríbhneoirí Simon Ó Faoláin, Dave Duggan agus Alan Titley a chuirfidh an tsiamsaíocht ar fáil i mbliana ag “Móroíche cheoil agus litríochta’ IMRAM agus is é an Dr Liam Mac Amhlaigh a thabharfaidh ‘Léacht Uí Chadhain’ i mbliana.

Beidh an fhéile deireadh seachtaine IMRAM na nÓg ar siúl roimh thús na féile IMRAM, ón 11-13 Deireadh Fómhair agus neart ceardlainne, taispeántas agus ócáidí eile beartaithe don aos óg.

Is féidir gach eolas a fháil faoi chlár IMRAM agus IMRAM na nÓg a fháil anseo.

Fág freagra ar 'Oícheanta ómóis do Liam Ó Muirthile agus Domhnall Mac Síthigh i measc na n-ócáidí ar chlár IMRAM 2018'