Obair ghránna is ea an bhrocaireacht

Maraítear 2,000 broc go mídhleathach ó thuaidh chuile bhliain

Obair ghránna is ea an bhrocaireacht

Nach uafásach an bhail atá daoine brúidiúla a chur ar an ainmhí bocht sin an broc i dTuaisceart Éireann. Tá sé déanta amach ag Cumann an Tuaiscirt um Fhóirithint ar Ainmhithe go maraítear 2,000 broc go mídhleathach ó thuaidh chuile bhliain.

Obair ghránna ar a dtugtar brocaireacht is cúis leis. Is é an chaoi a gcuirtear gadhar isteach sa mbrocach agus tosaíonn an gadhar agus an broc ag stróiceadh a chéile.

Ní hiondúil go dtagann an broc slán ach is minic go mbíonn drochbhail ar an ngadhar freisin de bharr na coimhlinte.

Áirítear go bhfuil thart ar 150 duine ag cleachtadh an uafáis seo i dTuaisceart Éireann. Tá a fhios ag na húdaráis go maith go bhfuil ach is beag a dhéantar lena dtabhairt chun cúirte. Níor cúisíodh ach triúr as an gcoir seo le deich mbliana anuas.

Bhí meas ag Gaeil ar an mbroc chuile lá riamh. Ceapadh i gcónaí gur ainmhí meabhrach a bhí ann. Chreid cuid de na daoine gur ó na muca a thug na Lochlannaigh go hÉirinn a shíolraigh na broic.

Tá dhá chineál broic ann, an broc muice agus an broc madra.

Fadó d’itheadh na daoine bochta an broc muice. Bhíodh an-tóir ar a chuid feola in éineacht le cabáiste.

Ceapadh go dtéadh sé go mór chun sochair do bhean a bheadh tar éis páiste a thabhairt ar an saol agus a dteastaíodh cothú faoi leith uaithi lena neartú.

Bhaineadh na Ceiltigh leas as craicne na mbroc.

Is fada an lá ó tháinig an broc go hÉirinn i dtosach

De réir Dhlí na mBreithiún ba iad na trí ainmhí seilge – an fia, an mhuc fhiáin agus an broc.

Tá neart cainte sa mbéaloideas ar an mbroc. Insítear scéal faoi pháiste a rugadh taobh amuigh den phósadh. Chuir na tuismitheoirí sa mbrocach é le súil is go n-íosfadh na broic é. Níor ith. Is amhlaidh a thug ceann de na broic diúl dó.

Cúpla bliain dár gcionn fuair fear as an áit é. An Garlach Coileánach an leasainm a tugadh air.

Ba mhinic baint ag na naoimh leis na broic. Lá amháin ghoid sionnach ceann de chuaráin Naomh Ciarán. Níor lig an broc leis an sionnach é. Lean sé é agus bhain sé an cuarán de.

Tá neart tagairtí do na broic i litríocht na Gaeilge., Ba bhreá le Suibhne Geilt a bheith ag éisteacht leo ag sianaíl.

Sa scéal Oidheadh Chloinne Uisneach deir Déirdre gur ith sí saill bhroic.

“Iasc agus oiseoil agus saill bhroic

Ba hí mo chuid i nGleann na Lao.”

Ar ndóigh ní hí an bhrocaireacht an t-aon rud atá ag bagairt ar an mbroc. Ceaptar go bhfuil suas leis an gceathrú cuid de bhroic na hÉireann ag iompar ghalar na heitinne.

Tá beithígh feirme in ann an galar a thógáil uathu. Tá cead de réir dlí líon na mbroc a laghdú ar an gcúis sin.

Déarfadh cuid de na heolaithe gurbh fhearr go mór fada vacsaíniú in aghaidh na heitinne a dhéanamh ar na broic. Déantar é leis na sionnaigh in áiteanna eile san Eoraip. An confadh a bhítear a smachtú sa gcás sin.

Fág freagra ar 'Obair ghránna is ea an bhrocaireacht'