Obair fós le déanamh ag na Muimhnigh, na hUltaigh agus na Connachtaigh

Faoi láthair Cúige Laighean amháin atá cinnte go mbeidh siad ar na hocht bhfoireann ag barr an tábla

Obair fós le déanamh ag na Muimhnigh, na hUltaigh agus na Connachtaigh

Imreoir chúige Uladh, Callum Reid. Pic: INPHO/Nick Elliott

Níl ach trí bhabhta fágtha ag na cúigí le háit i gcluichí ceathrú ceannais an URC agus níos tábhachtaí fós, b’fhéidir, áit i gCorn na gCuradh don séasúr seo chugainn a chinntiú. Ní mór dóibh a bheith san ochtú háit nó níos airde ar thábla an URC ag deireadh Bhabhta 18 den chomórtas le sin a dhéanamh.

Faoi láthair, Cúige Laighean amháin atá cinnte go mbeidh siad i measc na n-ocht bhfoireann sin. Tá amhras ann maidir le cumas na dtrí chúige eile an sprioc sin a aimsiú.

Cúige Mumhan atá sa seachtú háit ar an tábla. Chaill siad sa mbaile agus iad i gcoinne na Bulls an Satharn seo caite. Iadsan is túisce a bheas ag dul chun páirce anocht ach is ar an mBreatain Bheag atá a dtriall, iad i gcoinne Chaerdydd, foireann atá áit amháin agus pointe amháin chun cinn orthu. Is iondúil gur ag foireann an bhaile a bhíonn an buntáiste is mó sna cluichí seo ach tá deacrachtaí, idir chúrsaí bainistíochta agus chúrsaí airgeadais ag Caerdydd faoi láthair. Go deimhin, tá ráflaí sa timpeall go mbeidh an club faoi chúram glacadóra gan mhoill. Caithfidh Cúige Mumhan teacht i dtír ar na buntáistí seo.

Ag thalamh ard i Johannesburg a bheas na Connachtaigh amárach agus iad i gcoinne na Lions, foireann atá suite sa gceathrú háit déag, dhá áit agus ceithre phointe níos ísle ná iad. Má imríonn foireann na Gaillimhe mar a rinne siad i gcoinne na Stormers an Satharn seo caite, chaithfí seans a thabhairt dóibh. Cuimhnigh nach bhfuil ach cúig phointe fánach idir Cúige Chonnacht agus an t-ochtú háit. Ach cuimhnigh freisin go mbeidh na foirne eile ag cur lena stór pointí freisin!

Níl a fhios agam an fiú tagairt a dhéanamh do chuairt Chúige Laighean ar Scarlets na Breataine Bige amárach. Tá ocht n-áit idir na foirne seo ar an tábla agus fiú má chailleann Cúige Laighean, rud nach dtarlóidh, ní bheidh aon tionchar aige ar stádas Laighean ar bharr an tábla.

Beidh cluiche suimiúil againn i mBéal Feirste amárach idir Cúige Uladh atá dhá áit agus trí phointe ón sprioc, an t-ochtú háit, agus na Sharks ón Afraic Theas atá sa gceathrú háit. Deis iontach an cluiche seo d’fhoireann an bhaile a stádas a fheabhsú, ach an oiread le Cúige Mumhan agus Cúige Chonnacht beidh leathshúil acu ar thorthaí na gcluichí eile.

Fág freagra ar 'Obair fós le déanamh ag na Muimhnigh, na hUltaigh agus na Connachtaigh'