Thosaigh Siobhán Ní Thuairisg ag dubáil cartúin go Gaeilge agus í fós sa mbunscoil, is beag a cheap sí go mbeadh sí fós ag obair san earnáil sin nuair a bheadh sí fásta suas.
“Spraoi a bhí ann domsa ag an am. Thosaigh mé ag obair le Telegael nuair a bhí mé ocht mbliana d’aois, ní raibh a fhios agam fiú go raibh mé do m’íoc!”
Ach thit sí i ngrá leis an obair agus í ina glóraisteoir ar chláir ar nós Wonderpets agus Chloe’s Closet. Oibríonn sí anois le Telegael ar chúrsaí réamhléiriúcháin, scéalchláraithe agus dearadh. Tá ról cruthaitheach aimsithe aici in earnáil na beochana trí Ghaeilge.
“Aon rud a fheicfidh tú ar an scáileán, caithfear é a dhearadh agus a cheapadh ar dtús. Nuair a d’fhág mé an coláiste fuair mé jab le Telegael, ag dearadh ar dtús agus bhog mé ar aghaidh go rudaí eile ansin. Bíonn go leor ullmhúcháin le déanamh sula dtagann muid go dtí an léiriúchán féin, bíonn éagsúlacht mhór sna obair.”
As Indreabhán i gConamara ó dhúchas, tá a saol oibre caite ag Siobhán trí Ghaeilge agus tá sí tiomanta don Ghaeilge in earnáil na beochana. Níor cheap sí riamh go dtabharfadh a cuid oibre trasna go dtí an taobh eile den domhan í go dtí an Nua-Shéalainn, áit a raibh deis aici oibriú leis an bpobal Maorach [Māori] ansin. An rud a chuir iontas uirthi ná nach raibh an oiread sin difir idir an pobal ansin agus an pobal ar fhás sí féin aníos ann sa mbaile i gConamara.
Ba í Siobhán an chéad rannpháirtí i scéim nua a bunaíodh i mbliana le nascanna a chothú idir pobal na Gaeilge agusna Maoraise. Is í an aidhm atá ag an scéim, Malartú Scannán Beochana na Gaillimhe – Chathair Wellington, ná cruthaitheoirí Gaeilge agus Māori a thabhairt le chéile trí scéalaíocht, meantóireacht agus comhrá idirchultúrtha.
Scéim de chuid na gcathracha scannán UNESCO, Gaillimh agus Wellington, a bhí ann le tacaíocht ó TG4, Ardán, WRAP agus Māoriland, i measc eagraíochtaí eile in Éirinn agus sa Nua-Shéalainn. Táthar ag súil go gcuirfidh an scéim ar chumas cruthaitheoirí sna teangacha dúchais dul chun cinn a dhéanamh ina gcuid oibre.
Tugann an malartú beirt ealaíontóirí le chéile, duine as chaon tír. Thaistil Siobhán go Wellington agus Ōtaki le comhoibriú leis an Māoriland Tech Creative Hub (MATCH) agus cur i láthair a dhéanamh ag imeachtaí éagsúla thall. Tháinig a comhpháirtí anseo, Seth Parata Steward, is thug cuairt ar stiúideonna in Éirinn, le foghlaim faoi chúrsaí léiriúcháin trí Ghaeilge.
Tá an togra seo tagtha chun cinn tráth a bhfuil ardáin idirnáisiúnta ag méadú ar an éileamh atá acu ar ábhar i dteangacha nach Béarla iad. Deir Siobhán go bhfuil réimse deiseanna ar fáil anois in earnáil na beochana trí Ghaeilge, chomh maith le mionteangacha eile.
Cuireadh fáilte mhór roimpi ón uair a leaindeáil sí thall. Ní túisce tagtha den eitleán í ná scuabadh go dtí Ambasáid na hÉireann í áit ar cuireadh fáilte thraidisiúnta Māori roimpi. Chas an pobal amhrán traidisiúnta di agus bhí iontas uirthi nuair a thug sí faoi deara gur aithin sí an fonn a chuaigh leis an amhrán.
“Bhí an fonn céanna leis an amhrán agus atá ag an amhrán againne sa mbaile Ó Mhuire Mháthair. Chas mise cúpla véarsa de sin agus is gearr go raibh muid ar fad ag casadh le chéile.”
Sna laethanta ina dhiaidh sin d’oibrigh sí le cruthaitheoirí óga Māori ag MATCH, roinn sí eolas maidir leis na teicnící a bhíonn in úsáid aici ina cuid oibre le Telegael agus chas sí le go leor daoine éagsúla sa bpobal sin. Chuaigh gairmiúlacht na gcruthaitheoirí óga agus a gcumas agus a ndúthracht don teanga Māori go mór i bhfeidhm uirthi.
“Bhí siad uilig sna luathfhichidí agus bhí siad ag labhairt Māori lena chéile gan éinne a bheith ag seasamh in aice leo ná ag faire orthu. B’iontach an bród a bhí orthu a dteanga féin a fheiceáil agus an tsuim a bhí acu inti. Labhraíonn muide Gaeilge lena chéile an t-am ar fad i gConamara agus chonaic mé go leor cosúlachtaí eadrainn.”
D’inis siad di faoi ghluaiseacht athbheochana na teanga Māori agus deir Siobhán go raibh sí an-tógtha leis an dul chun cinn is an tiomantas atá le feiceáil sa bpobal sin i measc na ndaoine óga. Cuireadh tús le togra athbheochana sna 1980idí leis an teanga dhúchais a chur chun cinn i measc an phobail.
“Baineann sí le chuile shórt anois, an scoil, an saol agus an pobal. Ní raibh scoileanna Māori acu an uair sin, ach anois tá agus nuair a mhúintear Māori sa scoil tá i bhfad níos mó ábhair ar fáil dóibh. Is iontach é a fheiceáil.”
Fuair Siobhán an-spreagadh ón turas agus tá sí ag súil anois le breathnú ar thograí cruthaitheacha a d’fhéadfaí a fhorbairt idir an dá thír.
“Nuair a d’fhág mé bhí an oiread inspioráide faighte agam. Rinne mé cinneadh cur isteach ar an scéim Spreag le gearrscannán a dhéanamh as Gaeilge, sin ceann de na rudaí a thug mé liom ón turas.”
Feiceann Siobhán go bhfuil go leor deiseanna ann do chainteoirí óga Gaeilge agus do chruthaitheoirí Gaeilge a bheith ag obair san earnáil ina dteanga dúchais. Go fadtéarmach ba mhaith léi comhléiriú idir Éirinn agus an Nua-Shéalainn a fheiceáil a thabharfadh na teangacha, na healaíontóirí, agus na pobail le chéile trí shraith beochana.
Tá Siobhán lán le dóchas don earnáil sna blianta amach romhainn. Ceann de na deiseanna móra atá ann anois, a deir sí nach gá do dhaoine cead a fháil ó stiúideo mór sula dtosóidh siad ag obair ar rud éigin. Tá na hacmhainní ann trí na meáin dhigiteacha inar féidir le daoine tosú ag cruthú a gcuid tograí féin agus á bhfoilsiú.
“Is trí stuif neamhspleách a thagann na stiúrthóirí is cáiliúla agus is spéisiúla. Caithfidh tú é a dhéanamh agus leanúint ort á dhéanamh!”
Fág freagra ar 'Ó Wonderpets go Wellington, Siobhán Ní Thuairisg agus na beochana '