Ó DHÚCHAS… Nuair atá sioc ag teacht bíonn an ghrian dearg ag éirí ar maidin agus bíonn an ghealach dearg ag éirí fosta…

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol...

Ó DHÚCHAS… Nuair atá sioc ag teacht bíonn an ghrian dearg ag éirí ar maidin agus bíonn an ghealach dearg ag éirí fosta…

Tá lá bog ann. Tá lá olc ann. Tá lá géar ann. Tá lá fliuch ann. Tá lá ciothmhar ann. Tá bearradh fuar ar an lá seo. Tá an lá seo tugtha do cheathanna. Tá lá siocmhar ann. Tá lá bríomhar ann. Tá lá glórmhar ann. Tá lá grianmhar ann. Tá lá ciúin ann. Tá lá deas ann. Tá drochlá ann. Tá lá doineanta ann. Tá oíche bhreá ann. Tá cailleadh duine ar an oíche seo. Tá oíche olc ann. Tá oíche mhillteanach ann.

Comharthaí Seaca agus Sneachta ó ainmhithe

Nuair atá sioc ag teacht bíonn an ghrian dearg ag éirí ar maidin agus bíonn an ghealach dearg ag éirí fosta. Bíonn an ghrian i bhfolach nuair atá sneachta ag teacht. Bíonn an spéir dorcha agus bíonn néalta móra dubha ag rith go gasta trasna na spéire. Nuair a bhíonn sioc ag teacht, ní bhíonn néalta ar bith le feiceáil. Bíonn an spéir breá glan agus bíonn na réaltóga ag lonradh agus ag léimnigh ins an spéir.

Seo cuid de na hainmhithe a bheireann comharthaí dúinn nuair atá aimsir fhliuch ag teacht.

An Easóg: Bíonn an easóg le feiceáil ag amharc isteach san abhainn agus athraíonn sí ó áit go háit nuair a bhíonn tuile ag teacht.

An Luchóg: Nuair atá tuile ag teacht téann an luchóg go dtí na tithe agus meileann siad gach rud a bhfuil siad ábalta (a mheilt).

An Coinín: Bíonn an coinín le feiceáil ag rith thall agus abhus ag cuardach foscaidh.

Na Caoirigh: Cruinníonn na caoirigh le chéile i scaifte amháin ar thaobh an chnoic nuair atá stoirm ag teacht. Ach nuair atá aimsir mhaith ag teacht, ardaíonn siad go dtí barr an chnoic.

An Madadh: Itheann an madadh féar agus bíonn sé i gcónaí ina luí cóngarach don tine nuair atá sneachta ag teacht.

Na Ba: Fanann na ba mall ar an chnoc nuair atá aimsir fhliuch nó sneachta ag teacht.

An Cat: Suíonn an cat cóngarach don tine agus níonn sé a aghaidh gach lá nuair atá aimsir fhliuch ag teacht.

An Madadh Rua: Bíonn an madadh rua le feiceáil go minic nuair atá sneachta ann mar ní bhíonn bia ar bith le fáil aige agus itheann sé coiníní agus fianna agus giorriacha.

An Ghaoth: Nuair a bhíonn an ghaoth thoir theas againn is cinnte go bhfuil stoirm ag teacht. Nuair a bhíonn an ghaoth ag éirí ard agus fuar, sin comhartha go bhfuil sioc ag teacht. Nuair a bhíonn an ghaoth san aird thiar is cinnte go bhfuil aimsir mhaith ag teacht. Nuair a bhíonn an ghaoth san aird thuaidh agus é fuar sin comhartha go bhfuil stoirm sneachta chugainn.

Seán Ó Gallchobhair,
Ard-Bhaile,
Ard an Rátha,
Co. Dhún na nGall

Faisnéiseoir: Brighid Ní Ghallchobhair,
Ard-Bhaile.