Ó DHÚCHAS: Níor chuala aoinne sa Daingean trácht ar Thiarna Chnoc Bréanainn, bíodh gur mór an caidreamh a bhí acu le huaisle dá sórt

I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear míreanna ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo stiall de scéal as an mBaile Loiscthe i gCorca Dhuibhne atá againn…

Ó DHÚCHAS: Níor chuala aoinne sa Daingean trácht ar Thiarna Chnoc Bréanainn, bíodh gur mór an caidreamh a bhí acu le huaisle dá sórt

Lánú fhíorbhocht a bhí ina gcónaí thiar ar thaobh Chnoc Bréanainn uair. Ní raibh sa saol acu ach scata gabhar ar an gcnoc agus bothán beag chun cónaí. Mac amháin a bhí acu agus nuair a d’fhás sé suas ní raibh sé sásta bheith i dtaobh le cliathán cnoic mar shlí bheatha, agus d’imigh sé uathu ag lorg a fhoirtiúna síos amach.

Bhí uaigneas ar an tseanbheirt é a scaoileadh uathu ach ó bhraitheadar éirim ard fé, dúradar nárbh fhiú é a chosc ach a mbeannacht a chur leis, rud a dheineadar.

Cheannaigh sé culaith bhreá éadaigh sa Daingean, mar bhí fhios aige gurbh é an duine an t-éadach, agus d’fhonn is go mbeadh sé ina dhuine uasal ceart cheannaigh sé roinnt ciarsúirí síoda, agus chuir chuige ina phóca iad. Siúd leis ansan agus níor stad Dia leis gur bhain sé Baile Átha Cliath amach mar bhí fhios aige gurbh shin baile go mbeadh sé fuirist dó, le feabhas a ghothaí, do chur i bhfeidhm gur duine mór é féin.

Bhí sé lá ann agus é ag siúl sa tsráid agus é ag faire na foirtiúna a gheobhadh chuige nuair do chonaic sé bean uasal. Siúd leis ansan, agus ghabh roimpi amach agus imeacht scóipiúil an duine uasail fé agus ar dul thairsti dhó, thóg sé ciarsúir síoda as a phóca agus lig dó titim sa tsráid uaidh agus do lean dá shiúl. Nuair do chonaic sí sin an ciarsúir bhrostaigh sí ina dhiaidh, agus ar sí go mánla: “A dhuine uasail, chaillis do chiarsúir.” D’umhlaigh sé go talamh di.

“A bhean uasal, níor chailleas,” ar sé, “ach is amhlaidh a chaitheas uaim é. Ní dheinim úsáid de chiarsúirí an tarna huair, agus caithim uaim ansan iad. Acht táim buíoch ar fad díot, a bhean uasal,” agus d’umhlaigh aríst di.

“Ní foláir nó gur duine éigin thar barr é,” ar sise ina haigne féin agus d’fhiafraigh sí de cér díobh é. Dúirt seisean gurbh é mac Thiarna Chnoc Bréanainn é agus Iarla Chorca Dhuibhne. Chuir sé gothaí chomh scóipiúil uasal air féin, cad deirir ná gur thug sí géilleadh do gach rud a dúirt mo bhearránach léi, agus thit sí i síor agus i searcghrá leis ar fheabhas a phearsan is a mhéin.

D’inis sí dhó gurbh’ í féin iníon Dhiúc Laighean, agus thug sí cuireadh dinnéir dó i gcomhair an lae amáirigh. D’umhlaigh sé di fé mar a dhéanfadh mac Rí na Spáinne é, agus do ghaibh a bhuíochas mór léi agus do gheall go dtiocfadh.

Lá arna mhárach níorbh é a dhearmad gan tigh an diúic do bhaint amach. Bhí seirbhísigh fé pheiriúicí is fé phúdar ann chun an doras d’oscailt roimis, agus tháinig an óigbhean féin amach san halla chun fáiltiú roimh mhac Thiarna Chnoc Bhréanainn.

Do bheir sí chun a hathar é agus chuir sí in aithne dhó é. Dúirt an Diúc gur mór an gradam dó aithne do chur ar dhuine uasal chomh pearsantúil le Mac Tiarna Chnoc Bréanainn.

Sea! Bhí san go maith agus ní raibh go holc.

Bhí sé féin is an bhean uasal óg ag éirí an-mhór lena chéile, agus ó fuair sé ar an aigne sin í níorbh é siúd a scaoil an seans ar iarraidh, agus d’iarr sé uirthi é phósadh. Do gheall sí go bpósfadh dá mbeadh a hathair sásta. Do chuadar agus d’insíodar an scéal don athair.

Dúirt sé sin nár mhór dó féin fios agus eolas d’fháil i dtaobh tiarnas Thiarna Chnoc Bréanainn, agus go gcuirfeadh sé teachtaire ó dheas go Corca Dhuibhne chun tuairisc do bhreith thar n-ais chuige ar uaisleacht mhuintir an fhir óig a bhí ag iarraidh bheith ina chliamhain aige.

Sarar imigh an teachtaire áfach do chuir an iníon fios air, agus d’fhógair sí air, ar a chluais, gan aon scéal do bhreith abhaile leis ach gach scéal a b’fhearr ná a chéile, agus dá mbeadh sé de mhí-ádh air tuairisc nárbh fhónta do bheith ag teacht aige nárbh fhearrde é féin é an dá lá dhéag agus an fhaid a mhairfeadh sé.

Do mheabhraigh an teachtaire a cheacht go maith agus do ghléas sé leis agus níor stad sé nó gur bhain sé an Daingean amach. Do bhí sé ar fuaid an bhaile ansan ag cur tuairisce Thiarna Chnoc Bréanainn.

Níor chuala aoinne ar an mbaile sin trácht thairis siúd mar Thiarna riamh bíodh gur mór an caidreamh agus an bhaint a bhí acu le Tiarnaí agus le huaisle dá sórt. D’imigh an teachtaire leis siar gur bhain sé Cnoc Bréanainn amach.

Fuair sé an bothán go hard ar thaobh an chnoic agus an fharraige mhór ina báinté féna bhun síos agus loingeas an domhain mhóir ag trácht soir agus siar ann. Do chuir an bheirt aosta fáilte roimis an stróinséir agus chuireadar chun suite ar shuístín tuí cois na tine é.

Brighid an Choimín Uí Mhurchú as an mBaile Loiscthe

Do roinneadar leis an bia a b’fhearr a bhí sa tigh acu – bainne gabhair agus min choirce. Toisc ná raibh aon bhord acu sa tigh is ar a ghlúine a thugadar an béile bídh dó, agus nuair a bhí an chuid caite aige thugadar sop fionnáin dó chun a lámha do ghlanadh agus nuair a bhí an bia ite do ghlan an tseanbhean an t-urlár le scuab fraoigh, agus do nigh an seanduine na háraistí sa sruthán uisce a bhí i mbéal an dorais.

Nuair a tháinig an oíche agus aimsir chodlata thug an seanduine beart breá luachra leis agus do leath sé sa chúinne é, agus is air sin a chodail an teachtaire go maidin.

Ar maidin go luath do dúisíodh an duine uasal as a shuan leis an gcliseam ab aite dá gcuala sé riamh ó rugadh é. Nuair a chuir sé a cheann an doras is amhlaidh a bhí na scataí gabhar ina seasamh ar an bport ar aghaidh an tí, agus dá adharc ar gach aon cheann riamh acu, agus iad ag meigeallach ag feitheamh le hiad do chrú.

Nuair a bhí cuid na maidine caite ag an dteachtaire sheol leis thar n-ais go Baile Átha Cliath.

Ní túisce tagtha é ná é imithe go láthair an diúic agus a iníne; agus do bhí an t-ógánach leis ann agus ómós mór á fháil ón rí aige. Nuair a chonaic an ógbhean ag teacht é chuaigh sí laistiar den rí…

An tSr Máire sa Daingean a thóg an chuid seo den scéal ó Bhríd Uí Mhurchadha as an mBaile Loiscthe i gCorca Dhuibhne agus údar spéise an t-iarnóta a chur sí leis an scéal:

Tá brón orm ná féadaim deireadh an scéil sin d’fháil. D’fhanas fada go leor, ar ndóigh, ach níor éirigh liom breith ar an té ó shin i leith. Is dóigh liom, áfach, go bhféadfadh a hiníon, Eibhlín Ní Mhurchadha , an scéal do chríochnú.  Tá Eibhlín sa Státseirbhís – bhí sí in Oifig an Bhun-Oideachais i Roinn an Tuarastail, is ní dóigh liom go mbeadh aon deacracht í d’fháil.

Ar ndóigh is í sin an Eibhlín chlúiteach chumasach chéanna a bhíodh ar Leagan Cainte agus cláracha eile ar Raidió na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Níor chuala aoinne sa Daingean trácht ar Thiarna Chnoc Bréanainn, bíodh gur mór an caidreamh a bhí acu le huaisle dá sórt'