Bhí fear an-láidir ins an áit seo uair amháin agus sé an t-ainm a bhí air ná Scorach Ghleannáin. Is ó mhuintir Neachtain a shíolraigh an scorach seo agus is i nGleannán {i gCois Fharraige} a rugadh é.
Nuair a bhí sé an-óg rinne sé teach beag istigh i scailp agus is ann a chaith sé cuid mhaith dá shaol in éineacht lena mháthair.
Is í an cheird a bhí aige ná ag goid, agus lá amháin ghoid sé cúpla caora ó Mhac Uí Chatháin i gCill an Ghaill agus nuair a fuair an Cathánach an seans chuaigh sé go dtí an scailp agus bhris sé pota mór a bhí ag an Scorach. ”Gread leat anois” a deir an mháthair ”nó más rud é go bhfaighidh an Scorach greim ort ní íosfaidh tú lán do bhéil arís go deo.”
Deirtear go raibh téad aige agus bata ceangailte air agus gach lá chuireadh sé píosa caoireola ar an téad go dtí go raibh píosa fada den chaoireoil seo ag rith amach sa loch chun í a choinneáil úr. Deirtear nár chuir sé riamh nó nár bhain sé riamh agus gur mhair sé go ríúil.
Lá amháin bhí an scorach ag goid caorach agus tháinig sé go dtí abhainn an Spidéil.
Céard a rinne sé ach fóid a chaitheamh amach san abhainn agus ansin léim sé orthu agus bhí sé chomh lúfar sin nach ndeachaigh an fód síos faoi.
Tar éis sin, chuaigh sé ins an ‘Regiment 62’, saighdiúirí coise, in Albain agus is éard a bhí aige ná druma. Bhí sé chomh láidir sin go raibh sé in ann na fuinneoga a bhriseadh leis an torann a bhí sé in ann a bhaint as an druma.
Lá dá raibh sé ag seinm ‘Lá Fhéile Pádraic’ ar shráideanna Ghlaschú, chuir fear a cheann amach as doras agus dúirt sé nach raibh mórán gus sna daoine san áit a bhí ag tabhairt cead a chinn d’Éireannach ar shráideanna Ghlaschú. Ní dhearna Scorach Ghleannáin faic ach an fear a chaitheamh amach ar an tsráid lena laidhricín agus a chloigeann a bhriseadh. Maraíodh an Scorach go luath ina dhiaidh sin le gunna mór {sna Dardanelles de réir an tseanchais}.
Tomás Ó Báin (60) a thug an seanchas seo do Thadhg Ó Réagáin as Droim Chonga, Maigh Cuilinn i gContae na Gaillimhe
Fág freagra ar 'Ní dhearna Scorach Ghleannáin faic ach an fear a chaitheamh amach ar an tsráid lena laidhricín'