Ba é Cormac Mac Airt an rí a bhí in Éirinn san treas aois. Fán am sin bhí na Fianna i mbláth. Ba é Fionn Mac Cumhail an ceannaire a bhí ar na Fianna. Thug Cormac a iníon Aoife d’Fhionn mar bhean chéile. B’fhearr le Fionn Gráinne, an iníon ba dheise.
D’éalaigh sí le Diarmuid Ua Duibhne, ceannaire eile a bhí ar na Fianna. B’éigean do Dhiarmuid agus Gráinne a theitheadh agus is beag áit in Éirinn nár rinne siad stad agus mórchónaí ann. Nuair a bhí siad ar a dteitheadh chaith siad tamall i nGleann Eidhní, go dtí go bhfuair Diarmuid fios go raibh Fionn agus na Fianna ag tarraingt air. Chuaigh sé suas ansin go dtí Carnamhaoin, an áit a bhfuil leaba Dhiarmada agus Ghráinne go fóill.
Ach bhí a fhios go maith ag Diarmuid nach ndéanfadh sin cúis dó, nó go gcognódh Fionn a ordóg feasa agus go mb’eol dó ní ar bith ar mhian leis. Sula ndeachaigh Diarmuid suas an cnoc chuaigh sé síos go dtí an fharraige agus thug sé leis cúpla ualach de ghaineamh na trá agus luigh sé fhéin agus Gráinne air san oíche.
Ar chogaint a ordóige d’Fhionn chonacthas dó go raibh Diarmuid agus Gráinne ar ghaineamh na trá agus char fhág sé ardán nó ísleán thart fán trá nár chuardaigh sé ach theip air Diarmuid a fháil. Chuaigh Fionn agus na Fianna suas Gleann Eidhní ansin agus chomh luath is a fuair Diarmuid fios air sin tháinig seisean anuas go dtí Inbhear Náile agus thug sé leis ualach mór fraoigh agus rinne sé leaba dó fhéin agus do Ghráinne leis thíos ar a’ trá.
An chéad uair eile a chogain Fionn a ordóg ba léir dó go raibh Diarmuid agus Gráinne ina luí ar an fhraoch agus cha ndearna stad nó mórchónaí é fhéin nó na Fianna go dtí go raibh na sléibhte uilig cuardaithe acu, ach oiread le hamharc ar Dhiarmuid ní bhfuair siad.
Sin an dóigh a chuir Diarmuid dalladh ar Fhionn i bparóiste Inbhir in ainneoin a ordóige feasa.
– Seán Ó Ceallaigh a bhí i Scoil na bhFrosa i gContae Dhún na nGall a fuair an scéal seo ó Mhicheál Ó Gallchobhair (75) as na Ruadha
Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: An dóigh ar chuir Diarmuid dalladh ar Fhionn in ainneoin a ordóige feasa'