‘Nollaig Dhearg’ ag Stormont agus an Ghaeilge i lár an aonaigh i gcainteanna nua

Agus tús á chur inniu le cainteanna nua maidir leis an tsáinn pholaitiúil ó thuaidh, tá ceithre ‘líne dhearg’ leagtha síos ag lucht an fheachtais ar son achta Gaeilge agus imní ann go bhfuiltear ar tí a mbunéileamh a ghéilleadh

‘Nollaig Dhearg’ ag Stormont agus an Ghaeilge i lár an aonaigh i gcainteanna nua

Pictiúr: Caoimhe Archibald/Twitter

Beidh sé ina ‘Nollaig Dhearg’ ag Stormont inniu agus agóid á heagrú ann ag lucht an fheachtais ar son an achta Ghaeilge fad is atá tús á chur leis na cainteanna is déanaí maidir le athbhunú an fheidhmeannais.

Tá ceithre ‘líne dhearg’ leagtha síos ag lucht an fheachtais ar son an achta Ghaeilge agus iad buartha go bhfuiltear ar tí a mbunéileamh a ghéilleadh.

Tá sé ina imní i measc lucht an fheachtais faoina bhfuil i ndán dá n-éileamh ó d’fhógair Státrúnaí an Tuaiscirt Julian Smith roimh olltoghchán Westminster go raibh “plean réidh le cur san oigheann” ag na Tóraithe a thabharfadh “spreagadh as an nua” don déabhlóid.

Is iad na ceithre bhunchloch atá leagtha síos ag an Dream Dearg don acht Gaeilge; stádas oifigiúil don Ghaeilge; Coimisinéir Teanga a chinnteodh go gcloífí leis an reachtaíocht; comharthaíocht dhátheangach; agus seirbhísí Gaeilge don phobal.

Tá tús á chur inniu le cainteanna maidir le hathbhunú Stormont agus ceist na Gaeilge i lár an aonaigh i gcónaí.

Mar thús leis an iarracht is déanaí teacht ar réiteach ar an tsáinn pholaitiúil beidh cruinniú inniu ag an Tánaiste Simon Coveney agus Státrúnaí an Tuaiscirt Julian Smith leis an gcúig pháirtí is mó.

Thug an Tánaiste le fios do Chonradh na Gaeilge an tseachtain seo caite go bhfuil an Rialtais ag tacú i gcónaí leis an éileamh ar acht Gaeilge.

Dúirt Ard-Rúnaí Conradh na Gaeilge Julian de Spáinn inniu go gcaithfeadh na páirtithe “ceannaireacht” a thaispeáint maidir le ceist na Gaeilge agus acht láidir don Ghaeilge a thabhairt isteach.

I ráiteas a cuireadh amach inniu, dúirt an Dream Dearg gur gealladh Acht Gaeilge mar chuid de Chomhaontú Chill Rímhinn ach go raibh “leatrom leanúnach” á dhéanamh “i gcoinne na teanga” le “ciorruithe, ionsaithe agus cinntí maslacha ag polaiteoirí aontachtacha”.

Tá ceist an achta Ghaeilge agus an t-éileamh ar chearta teanga do phobal na Gaeilge ar cheann de na húdair aighnis is mó idir Sinn Féin agus an DUP.

Tá ráite ag ceannaire an DUP Arlene Foster go mbeadh sí sásta comhghéilleadh maidir leis an nGaeilge, ach tá lucht an fheachtais ar son achta Gaeilge ó thuaidh amhrasach faoina tairiscint –  acht ‘cultúir’ seachas acht teanga don Ghaeilge amháin.

Nuair a dhiúltaigh Sinn Féin a rá cheana cé acu an mbeadh nó nach mbeadh an páirtí sásta maolú a dhéanamh ar a n-éileamh ar acht teanga don Ghaeilge amháin, thug an grúpa feachtais an Dream Dearg rabhadh dóibh nach aon réiteach ar an scéal reachtaíocht ‘lag’.

Thángthas ar chomhréiteach faoi acht Gaeilge mí Feabhra na bliana seo caite ach cuireadh an margadh ó mhaith toisc gur theip ar lucht ceannais an DUP a chur ina luí ar chosmhuintir an pháirtí glacadh leis an socrú.

B’údar imní don Dream Dearg agus do Chonradh na Gaeilge a laige, dar leo, is a bhí an dréachtmhargadh sin.

Dúirt Conradh na Gaeilge agus an Dream Dearg nárbh aon socrú sásúil an reachtaíocht a bhí molta mí Feabhra seo caite agus gur chóir seasamh go diongbháilte leis an éileamh ar acht láidir don Ghaeilge amháin.

Dúirt An Dream Dearg nach raibh “seans ar bith” go nglacfadh siad leis an margadh ‘bog’ a rinne Sinn Féin mí Feabhra seo caite.

Táthar ag súil go bhfuil seans níos mó ann go n-éireoidh leis an mbabhta cainteanna is déanaí i bhfianaise thoradh thoghchán Westminster.

Tháinig laghdú ar vóta Shinn Féin agus an DUP i dtoghchán na seachtaine seo caite agus tuairiscítear go raibh go leor míshásta leis an dá pháirtí toisc gan aon fheidhmeannas a bheith ann le beagnach trí bliana anuas.

Lena chois sin, beidh níos lú cumhachta feasta ag an DUP in Westminster, rud, a mheastar, a thabharfaidh orthu aird níos mó a thabhairt ar Stormont.

Tá go dtí an 13 Eanáir ag na páirtithe teacht ar réiteach maidir le filleadh ar an bhfeidhmeannas. Tá ráite ag an Státrúnaí Julian Smith go mbeidh toghchán tionóil ann mura mbíonn rath ar na cainteanna faoin dáta sin.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, urlabhraí fheachtas An Dream Dearg:

“Agus tús á chur le babhta eile cainteanna, tá sé ráite ag achan pháirtí go bhfuil athruithe de dhíth más mian linn dul chun tosaigh; nach féidir linn dul siar chuig an socrú a bhí againn roimh 2017. Mura dtagann athrú ó bhun, ní féidir a bheith ag súil le Tionól buan, nó tiocfaidh na fadhbanna céanna chun cinn arís agus arís eile. Má tá an Tíonól le teacht ar ais arís, caithfidh an rialtas sin freastal ar iomlán an phobail, nó tá laethanta suaracha an imeallaithe agus an cos ar bolg thart.

“Agus muid ag tarraingt ar thús bliana nua, seo an t-am an Ghaeilge a aithint sa dlí mar theanga oifigiúil anseo. Ní féidir linn ár dteanga, ár scoileanna nó ár bpobal a fhágáil faoi mhíchúram aon pholaiteoirí aontachtacha dú-naimhdeacha agus gan aon chosaint sa dlí [ag an teanga]. Ní mór an chosaint sin a chinntiú le reachtaíocht; agus ní mór go mbeadh an reachtaíocht sin bunaithe ar an mhéid a gealladh roimhe seo; Acht Gaeilge neamhspleách a chinntíonn agus a éascaíonn cearta teanga do chách.”

 

Fág freagra ar '‘Nollaig Dhearg’ ag Stormont agus an Ghaeilge i lár an aonaigh i gcainteanna nua'

  • An Teanga Bheo

    Nollaig Green uaimse le do thoil.