Nollaig de Brún – James Dean na Cloiche Móire

Cothrom an lae seo 100 bliain ó shin a rugadh Nollaig de Brún, fear nach raibh aon ghlacadh aige le neamhshuim, tuirse, leisce ná lagbhrí

Noel Browne

Ba é Nollaig de Brún, a rugadh céad bliain ó shin, James Dean na Cloiche Móire agus mise i mo ghasúr. Gruaig fhada dhubh, bandana á coinneáil as a shúile, léinteacha ildaite, an díon bog ar an gcarr spóirt oscailte, madra ar an suíochán deiridh agus Phyllis fhionn lena seál ildaite suite lena ais agus é ag cur deannach in aer le deifir – réalta as Hollywood ní bheadh leath chomh spleodrach.

Na seantroscáin bhasctha a bhíodh ag teacht i bhfostú den charr sin aige agus scéalta iontacha faoi mhargaí na siopaí athláimhe – drisiúir, potaí, pictiúir agus plátaí. Díocas air ag caint faoin bhfarraige agus an tseoltóireacht, ag dul thart ag breathnú ar sheanbháid a bhí tite agus ag pleanáil saol nua do Chonamara.

Fear ildánach renaissance a thabharfaí anois air – suim aige san ealaín, sa gceardaíocht, sa gceol, sa ngarraíodóireacht, sa mbia, sa bhfíon agus in anam an duine. Ghoill sé go mór air ceardaithe agus ceoltóirí na tíre seo a bheith ag sclábhaíocht mar ‘coolies’ thar lear.

Ceoláras do Ghaillimh, ealaín ar an gcuraclam, boscadóirí agus amhránaithe na háite istigh sna scoileanna ag roinnt a gceirde, coláiste talmhaíochta d’fheilméaraí Chonamara a dhíreodh ar an talamh sléibhe, ar an gcladach agus ar ábhar orgánach agus nach ngabhfadh treo na dianfheirmeoireachta a bhí sa bhfaisean ag an am.

Campaí saoire do lucht na cathrach ar an gcriathrach a léireodh bunús an bhia a d’ithidís do ghasúir na n-árasán ard a d’fhág a máithreacha faoi chúram síciatraí a chreid gur bochtanas agus easpa cumhachta an tsiocair ba mhó le tinneas intinne agus colainne. Bhí árasáin Bhaile Munna (aimnnithe i ndiaidh throdairí na saoirse!) agus na hardaitheoirí briste ar cheann de na chéad phictiúir a tugadh dúinne faoi Bhaile Átha Cliath agus thagadh na deora leis féin agus mo Mhamó agus iad ag cíoradh an scéil.

Ba é an ceol anáil an spioraid aige agus ba mhinic a thiocfá air le claí  agus é ag iarraidh an ceol a bhí ina chroí a bhaint as an mbosca ceoil nó an fheadóg. D’ardaíodh a chroí nuair a chloiseadh sé gasúir ag gabháil fhoinn nó ag ceol agus thugadh sé éisteacht agus ugach dóibh i gcónaí. Ba mhaith é ar an trá freisin mar bhí sé an-fhoighdeach le comhairle snámha agus gnaíúil leis an snorcal agus na lapaí agus d’fhéadfá a ghabháil níos faide amach dá mbeadh seisean amuigh. Ba mhór é a phléisiúr nuair a bhainfeadh sé glasraí san iothlainn bheag ag binn an tí agus ní raibh aon tuiscint aige cén fáth ar éirigh daoine as bráca na curaíochta.

noel_browne

Mar dhuine fásta, an rud ba spéisiúla dom féin faoi ná an faobhar agus an díocas chun na córa nár chloígh an aois, an easláinte ná an seirfean. Nuair ba cháintí faoi ‘thír seo na pribhléide’ é, chreid sé go bhféadfadh duine amháin athrú a dhéanamh – ba mhinic a dúirt sé gurbh fhiú comhrialtas ar mhaithe le haidhm amháin a bhaint amach agus nach údar aiféala ná náire é sin. Ba bheag a thrua d’aon pholaiteoir a bhí thíos lena chuid scéiméireachta mar ‘tuigeann Tadhg Taidhgín’.

Tuigimid anois go raibh an ceart aige faoi rudaí go leor – léiríonn na cáipéisí gurbh iad McQuaid agus Brown na Gaillimhe a bhí i gceannas dáiríre agus go raibh Costello ar róipín acu ar bhealach slítheánta. Tá a fhios againn go raibh mí-úsáid forleathan agus cos buailte air ag an státchóras; tá deireadh curtha leis an maide sa scoil agus sa teach, tá cúram pleanála clainne againn; cúram leighis do ghasúir óga agus tiocfaidh athrú ar an nginmhilleadh sna cásanna sin a bhí ón mBrúnach 70 bliain ó shin. Tá athrú intinne faoi chúrsaí talmhaíochta sa Bhruiséil agus tá borradh faoi na healaíona dúchais agus iad á gcur chun cinn go gairmiúil i Luimneach. Tá tionscal scannánaíochta agus meán againn sa nGaeltacht.

Faraor tá gnéithe áirithe den saol a bhí roimh an bpáiste óg an 20 Nollaig 1915 nár athraigh. Bhí ár is cogadh ar siúl sa domhan agus daoine a bhí idéalach nó dealbh ag fáil bháis ar chomhairle a máistrí. Bhí na boicht ar an ngannchuid agus iad i dtuilleamaí allas a gcnámh nó déirce. Ba iad na mná crann taca an teaghlaigh agus an chumhacht ag fir. Bhí náire ar na boicht faoin gcuid bochtanais agus ba go doicheallach a ghlacaidís déirce. Bhí drochmheas ar an lag agus ar an éalang, fiú i measc a muintire féin.

Cuireann Nollaig de Brún síos go truamhéalach fileata ar an saol sin i scéal a bheatha – áit ar thug sé leárgas ar an saol a chaith sé ag gabháil in aghaidh srutha. Mná ag díbirt francaigh mhóra ón teach le clocha, ag fuáil línéadaigh do mhonarchana faoi sholas an lampa deireanach san oíche; gasúir ag spraoi cluichí cogaíochta agus an cogadh  ar leic an dorais acu agus gan i bhfuil na marbh ach barr feabhais ar a scéal gaisce; tithe agus daoine foircthe le dreancaidí agus míola agus bás naíonáin ina ghnáthchuid den saol.

Casacht agus giorra anála na heitinne ceol téama an tsaoil sin agus gan an t-airgead ag daoine le ghabháil ag an dochtúir agus gan deis acu a scíth a ligean agus an teach lán le gasúir agus an mháthair go síoraí ag iompar clainne. Bhí an cumas ann, an misneach aige agus an t-ádh air deis a fháil troid in aghaidh an tsaoil sin. Rinne sé leas agus thuig an pobal sin agus is minic a bhuailim leo ó gach ceard den oileán seo ag cur paidir lena anam i Maíros.

Tá stól agus leacht ar a uaigh i reilig Mhaírois ach ní ansin atá spiorad an dochtúra. Má théann tú siar an Bóithrín Cam ar a lá breithe, gabh isteach i scailp éigin nó faoin gcloich mhóir ag Bóithrín na mBallaí más fút an fear cróga ceanndána a cheiliúradh, éist le séideán na gaoithe trí pholl an chlaí, lig do cheol na farraige d’intinn a shuaimhniú, cuimhnigh ar an dream a thóg na claíocha sin agus a díbríodh as na ballaí céanna suas ar an gcriathrach.

Éalú ón gcéasadh intinne agus ón bhfearg agus ón díomá a bhíodh ón dochtúir agus é ar foscadh ón doineann, ón ampla agus ón éadtrócaire a chonaic sé sa saol agus é neadaithe isteach faoi na scailpeanna sin. Cúrsaí reatha nó ceardaíochta agus ní mionchomhrá faoin aimsir an bhleid a bhuailfeadh sé ort agus níor leisc leis do fhreagracht a mheabhrú duit an saol a athrú.

Ní raibh aon ghlacadh aige le neamhshuim, tuirse, leisce ná lagbhrí. Níor thuig sé doicheall ná soiniciúlacht. Cas port dó agus bí buíoch gur rugadh a leithéid d’Éireannach agus go raibh d’ádh air Phyllis a bheith ina crann taca stuama aige.

Fág freagra ar 'Nollaig de Brún – James Dean na Cloiche Móire'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Maith thú, a Mháire. An phíosa scríbhneoireachta.