Tá ráite ag Teachta Dála de chuid na nDaonlathaithe Sóisialta gur cheart ranganna Gaeilge a chur ar fáil do dhaoine atá ag fáil liúntas leasa shóisialaigh chun cur lena ndeiseanna fostaíochta agus chun an teanga a chur chun cinn.
Agus é leagtha síos sa dlí go gcaithfidh gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh nua na hearnála poiblí faoi 2030, deir an Teachta Dála Cian O’Callaghan gur “no-brainer” a bheadh ann cúrsaí Gaeilge a chur ar fáil dóibh siúd nach bhfuil ag obair i láthair na huaire.
Mar fhreagra ar mholadh O’Callaghan, tá ráite ag an Aire Stáit sa Roinn Breisoideachais go bhféadfadh a Roinn an moladh a fhiosrú leis an Roinn Coimirce Sóisialaí agus le SOLAS, a chuireann cúrsaí breisoideachais agus oiliúna ar fáil.
Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt O’Callaghan go gcuirfeadh a leithéid de chúrsaí deiseanna fostaíochta breise ar fáil do dhaoine atá ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh, go háirithe agus an tAcht Teanga leasaithe á chur i bhfeidhm. Dúirt sé freisin go gcuirfeadh sé le líon na gcainteoirí Gaeilge atá sa stát.
“Is ríthábhachtach go ndéanfaimis ár míle dícheall cuidiú leis an teanga agus a chinntiú go mbeidh forás uirthi.
“Caithfidh Gaeilge a bheith ag 20% de na hearcaigh nua sa tseirbhís phoiblí faoin mbliain 2030. Níl amhras ar bith ach gur mhaith an rud seans a thabhairt do dhaoine, atá as obair agus deiseanna nua á lorg acu, feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.
“Chuirfeadh sé leis an líon daoine a bhfuil Gaeilge líofa acu agus thabharfadh sé deiseanna breise do dhaoine ar mhaith leo tabhairt faoi shlí bheatha eile.”
Ba é príomhsprioc an Achta Teanga leasaithe go mbeadh 20% d’earcaigh nua na hearnála poiblí ina gcainteoirí Gaeilge faoi 2030 chun tacú le seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge do lucht labhartha na teanga.
Dúirt an tAire Stáit Niall Collins go gcuirtear ranganna Gaeilge saor in aisce nó ranganna dá n-íoctar fóirdheontas suntasach ar fáil san earnáil Breisoideachais agus Oiliúna a d’fhéadfadh a bheith ar fáil do dhaoine atá ag fáil liúntas leasa shóisialaigh ach dúirt sé go bhféadfaí moladh sonrach O’Callaghan a phlé amach anseo leis na páirtithe leasmhara.
An Sléibhteoir
Sa Bhreatain Bheag tá ranganna Breatnaise ar fáil saor in aisce do chách.
Sna ETB’s in Éirinn is féidir ranganna Béarla a fháil saor in aisce go bhfios dom.
Tá ár ndóthain daoine oilte mar mhúinteoirí Gaeilge sa stát chun ranganna oíche a sholáthar.