Níos mó daltaí iarbhunscoile sa stát ná mar a bhí riamh, ach céatadán na ndaltaí i scoileanna lán-Ghaeilge ag titim

Nuair a chuirtear figiúirí nua do bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna le chéile,  5.9% de dhaltaí atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge, an céatadán is lú le breis is deich mbliana

Níos mó daltaí iarbhunscoile sa stát ná mar a bhí riamh, ach céatadán na ndaltaí i scoileanna lán-Ghaeilge ag titim

Cé go bhfuil líon na ndaltaí atá ag freastal ar iarbhunscoileanna an stáit níos airde ná mar a bhí riamh, tá céatadán na ndaltaí a bhíonn ag freastal ar iarbhunscoil lán-Ghaeilge níos ísle ná mar a bhí aon uair le deich mbliana anuas.

Léiríonn na figiúirí is déanaí ón Roinn Oideachais go bhfuil 425,433 dalta ar fad ag freastal ar scoileanna dara leibhéal in 2024-25, ardú 2.1% ón scoilbhliain seo caite.

Ach in ainneoin an ardaithe sin, tá líon na ndaltaí atá ag freastal ar ghaelcholáistí agus iarbhunscoileanna Gaeltachta tite le bliain anuas agus an céatadán daltaí a fhreastalaíonn ar iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge ag titim gach bliain le cúig bliana anuas.

14,199 dalta atá ag freastal ar an 50 iarbhunscoil lán-Ghaeilge sa stát in 2024-25, laghdú beag ón 14,236 a bhí i gceist an scoilbhliain roimhe sin. Fágann an laghdú sin agus an t-ardú ar an bhfigiúr iomlán gur thit céatadán na ndaltaí a fhreastalaíonn ar iarbhunscoil lán-Ghaeilge go dtí 3.3% den líon iomlán, an céatadán is ísle ó 2015-16.

Léiriú eile iad na figiúirí ar an easpa fáis atá ar earnáil an Ghaeloideachais le roinnt blianta anuas. Deir siadsan atá ag obair san earnáil nach easpa suime is cúis leis an gcúlú ach teip an stáit freastal ar an éileamh atá ann.

Dúirt an Coimisinéir Teanga mí Dheireadh Fómhair seo caite nach bhfuil “freastal cóir” á dhéanamh ar an éileamh atá ann don oideachas iarbhunscoile lán-Ghaeilge agus go bhfuil sé ag fiosrú an scéil leis an Roinn Oideachais faoi láthair.

Níl ach Gaelcholáiste nua amháin bunaithe ó 2020 nuair a rinneadh iarbhunscoil neamhspleách d’aonad Gaeilge a bhí ag feidhmiú i scoil Bhéarla.

Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley cheana gur dóigh gur dúbailt líon na ndaltaí a fhaigheann oideachas trí Ghaeilge an phríomhsprioc a bheadh ag an Polasaí don Oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, atá le foilsiú i mbliana.

Bhí sé mar sprioc ag an rialtas deireanach  líon na ndaltaí a fhaigheann oideachas lán-Ghaeilge a dhúbailt, idir bhunscoil agus iarbhunscoil, ach titim a bhí i gceist le linn a théarma.

Ba in 2020-21 a bhí an céatadán ab airde daltaí ag freastal ar iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge nuair a bhí 3.7% de dhaltaí an stáit cláraithe le scoil lán-Ghaeilge.

Ó shin, tá ardú os cionn 12% tagtha ar líon iomlán na ndaltaí iarbhunscoile sa stát, ó 379,184 go dtí 425,433.

Níl ach 2.4% d’ardú tagtha ar líon na ndaltaí a fhreastalaíonn ar iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge le linn na tréimhse céanna, ó 13,871 in 2020-21 go dtí 14,199 in 2024-25.

Tá cúrsaí níos seasmhaí ag leibhéal na bunscoile. Thit líon na ndaltaí atá cláraithe leis an 248 bunscoil lán-Ghaeilge sa stát ó 43,429 anuraidh go dtí 43,192 i mbliana ach tá lion iomlán na ndaltaí bunscoile sa stát ag titim de réir a chéile.

Tá 8% de dhaltaí bunscoile cláraithe le bunscoil lán-Ghaeilge do scoilbhliain 2024-25, ardú beag ón 7.9% a bhí i gceist anuraidh.

Mar sin féin tá an easpa fáis in earnáil an Ghaeloideachais le feiceáil ag leibhéal na bunscoile chomh maith. Bhí 7.9% de dhaltaí bunscoile ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge deich mbliana ó shin agus ní dheachaigh an céatadán níos airde ná 8.1% idir sin agus an lá atá inniu ann.

Fágann an líon íseal iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge sa stát gur minic nach mbíonn de rogha ag daltaí ach freastal ar iarbhunscoil lán-Bhéarla tar éis dóibh an bhunscoil Ghaeilge a fhágáil.

Nuair a chuirtear figiúirí na bunscoile agus na hiarbhunscoile le chéile, feictear go bhfuil 5.9% de dhaltaí an stáit ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge, an céatadán is lú le breis is deich mbliana. Tá an céatadán sin ag titim go seasta gach bliain le sé bliana anuas.

Fág freagra ar 'Níos mó daltaí iarbhunscoile sa stát ná mar a bhí riamh, ach céatadán na ndaltaí i scoileanna lán-Ghaeilge ag titim'

  • Siún

    Is brúghrúpaí tuismitheoirí (agus gníomhaithe teanga ag tacú leo) an t-aon bhealach chun líon na nGaelscoileanna agus Gaelcholáistí a mhéadú ins na ceantair éagsúla ina bhfuil géarghá dóibh.
    Ní mór comhairleoirí, seanadóirí agus teachtaí Dála a chéasadh le síorcheistiú agus le brú leanúnach faoin ngá atá le Gaelscoileanna agus Gaelcholáisti a bhunú sa cheantar.

    Ní mór iarraidh ar polaiteoirí ceisteanna Dála agus ceisteanna sa Seanad (idir scríofa agus labhartha) a chur ar an Aire Oideachais / Eolaíochta faoin easpa Ghaeloideachais sa cheantar. Ceisteanna ilchineálacha agus saincheisteanna a chuirfeadh brú ar maindiríní frithGhaelacha na Roinne Oideachais / Eolaíochta.

    Ní mór boird bainisitíochta, múinteoirí, tuismitheoirí agus príomhoidí a lorg a bheadh lánsásta scoil a thiontú ina Gaelscoile.