Níos mó airgid ag teastáil ó TG4 chun mórimeachtaí spóirt a chraoladh – Ardstiúrthóir

Bhí TG4 i measc na gcraoltóirí a bhí i láthair ag cruinniú den Choiste Oireachtais um Thurasóireacht, Cultúr, Ealaíona, Spórt agus Meáin inné chun plé a dhéanamh ar thodhchaí na craoltóireachta spóirt in Éirinn

Níos mó airgid ag teastáil ó TG4 chun mórimeachtaí spóirt a chraoladh – Ardstiúrthóir

Tá ráite ag TG4 go mbeadh maoiniú níos mó ag teastáil ón stáisiún Gaeilge chun tuilleadh mórimeachtaí spóirt, amhail cluichí craoibhe CLG, a chraoladh.

Bhí TG4 i measc na gcraoltóirí a bhí i láthair ag cruinniú den Choiste Oireachtais um Thurasóireacht, Cultúr, Ealaíona, Spórt agus Meáin inné chun plé a dhéanamh ar thodhchaí na craoltóireachta spóirt in Éirinn.

Dúirt Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont gur bhreá leis níos mó ócáidí móra spóirt a chraoladh agus go raibh spás ann chun tuilleadh spóirt shaorchraolta a thaispeáint ar an stáisiún ach nach raibh an buiséad ag TG4 i láthair na huaire chun a leithéid a dhéanamh.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Christopher O’Sullivan, go raibh deis ann aird mhór an tharraingt ar TG4 dá gcraolfaí mórimeachtaí spóirt ar an stáisiún.

“Chuirfeadh muid fáilte mhór roimhe,” a dúirt Esslemont. “Tá muid an-láidir i dtaobh na sraithe ach chuirfeadh muid fáilte mhór roimh chluichí ón gcraobh. An bac atá orainn faoi láthair ná níl an maoiniú againn agus is faoin Teach seo atá sé sin.”

Dúirt Esslemont go raibh obair le déanamh ag an stát chun dul i ngleic leis mbearna idir an t-airgead poiblí a fhaigheann RTÉ agus an buiséad a chuirtear ar fáil do TG4. D’éiligh sé arís go mbeadh an maoiniú a fhaigheann TG4 ar comhchéim le S4C, an stáisiún Breatnaise sa Bhreatain Bheag.

Thart ar €50 milliún sa bhliain a fhaigheann TG4 ón Rialtas, thart ar leath an méid a chuirtear ar fáil do S4C.

Thug Esslemont le fios go raibh TG4 ag iarraidh forbairt a dhéanamh ar an gcraoladh a dhéantar ar rugbaí na mban agus ar pheil na mban ach nach raibh an maoiniú ann faoi láthair. Dúirt sé go bhféadfaí “cuid mhaith níos mó” a dhéanamh i mbliana dá mbeadh €2 milliún breise ag an stáisiún.

Mhol an Teachta Dála Brendan Griffin ó Fhine Gael do TG4 iarratas a dhéanamh maidir le maoiniú breise a chur faoi bhráid an Rialtais mar gur “am mhaith a bhí ann chun tuilleadh a iarraidh”.

Mhol Griffin, O’Sullivan agus an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Thomas Gould, TG4 as clúdach spóirt an stáisiúin.

Dúirt Conradh na Gaeilge i ndiaidh an chruinnithe go raibh tábhacht ar leith le craoltóireacht i nGaeilge ar na mórócáidí spóirt agus mhol an eagraíocht gur cheart na mórócáidí spóirt ar fad ar fáil i nGaeilge.

“Tá sé de dhualgas ar RTÉ, an craoltóir náisiúnta seirbhíse poiblí, normalú a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge agus an Bhéarla ina gcuid craoltaí.

“Tá deis sa chraoltóireacht spóirt sin a dhéanamh trí níos mó de phríomhchluichí fhéilire na bliana ar chur ar fáil i nGaeilge,” a dúradh.

“Tá TG4 le moladh as an chlúdach a dhéanann siad ar imeachtaí spóirt, go háirithe ar spórt na mban.

“Chuala muid inniu gur easpa maoinithe an chúis nach féidir le TG4 dul san iomaíocht do mhórócáidí spóirt. Is gá níos mó a dhéanamh le hacmhainn a thabhairt do TG4 sa réimse seo.”

Scéal GAAGO a spreag formhór na díospóireachta ag an gcruinniú i dTeach Laighean inné le craoltóirí agus le forais rialaithe spóirt.

Shéan Ard-Stiúrthóir Chumann Lúthchleas Gael, Tom Ryan, agus Ceannasaí Spóirt RTÉ, Declan McBennett, gur roghnaíodh cuid de na cluichí is mó suim a thaispeáint ar GAAGO i mbliana díreach ar mhaithe le daoine a mhealladh chun síntiús a ghlacadh leis an tseirbhís.

Bhí conspóid mhór ann ag tús an tsamhraidh agus cáineadh déanta nach raibh cluichí móra i gCraobh Iomána na Mumhan le feiceáil ach ar GAAGO, cainéal íoc ar amharc CLG agus RTÉ.

Thug Tom Ryan le fios go mbeadh teacht isteach thart ar €4 milliún ag GAAGO i mbliana agus thug sé léargas freisin ar an lucht féachana a bhí ag an tseirbhís.

Dúirt sé gur 1.3 milliún duine san iomlán a d’fhéach ar an 42 cluiche a craoladh i mbliana. Bhí lucht féachana suas le 120,000 i gceist le cúpla ceann, a dúirt Ryan, an cluiche ceathrú ceannais peile idir Ciarraí agus Tír Eoghain ina measc, ach dúirt sé gur lucht féachana idir 1,000-1,500 a bhí i gceist le formhór na gcluichí.

D’admhaigh Declan McBennett nach raibh cead faighte ag GAAGO ón gCoimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí cluichí a chraoladh in Éirinn ach dúirt sé go raibh idirbheartaíocht ar bun idir na páirtithe leasmhara i láthair na huaire.

Fág freagra ar 'Níos mó airgid ag teastáil ó TG4 chun mórimeachtaí spóirt a chraoladh – Ardstiúrthóir'