Nimh sa chairdeas idir Éirinn agus an Nua-Shéalainn

Beidh an dá fhoireann bioraithe don choimhlint mhór san Aviva anocht idir Éirinn, atá rangnaithe sa chéad áit ar domhan agus an Nua-Shéalainn atá sa tríú háit

Nimh sa chairdeas idir Éirinn agus an Nua-Shéalainn

An féidir cairdeas agus nimh a lua san abairt chéanna agus tagairt á déanamh do chluiche rugbaí?

Sin go díreach an leagan amach a bheas ar chúrsaí i Staid Aviva anocht agus na hÉireannaigh ag cur fáilte roimh na hAll Blacks.

Tá an cairdeas idir an dá fhoireann seo bunaithe ar thaithí fhada sheacht gcinn déag is fiche de chluichí idirnáisiúnta. I 1905 a imríodh an chéad cheann acu sin. Ach idir sin agus seo níor éirigh leis na hÉireannaigh an ceann fearr a fháil ar iarchuraidh an domhain faoi thrí, ach cúig bhabhta. Bhí aon bhliain déag agus céad caite agus naoi gcluiche fichead imeartha sular éirigh linn ár gcairde ón limistéar theas a cheansú.

Sa Soldier Field in Chicago a rinne muid an t-éacht sin (40-29), toradh a chuir deireadh le haon chairdeas a bhí idir na foirne seo. Curtha i gcampa an namhad ag an Nua-Shéalainn atá muid ón lá cinniúnach sin in 2016. D’imir na foirne seo a chéile ocht mbabhta ó shin agus tá siad cothrom maidir le cluichí atá buaite acu, ceithre cinn an taobh. Mar sin féin, tá cúpla mórócáid agus toradh gur fiú a lua maidir le cuid de na cluichí ón lá sin i Soldier Field.

Tá an dá bhua a bhí againn ar an Nua-Shéalainn in Áth Cliath in 2018 agus arís in 2021, an babhta deiridh ar imir na hAll Blacks sa tír seo, san áireamh. Ní hamháin sin ach den chéad uair ariamh in 2022, d’éirigh le foireann na hÉireann an lámh in uachtar a fháil ar na hAll Blacks i dtástáil trí chluiche agus iad ar cuairt ar an Nua-Shéalainn.

Tuigeann tú anois céard is cúis leis an nimh atá idir na foirne, rud a tháinig chun suntais go láidir nuair a ruaig na hAll Blacks na hÉireannaigh ó Chorn an Domhain sa bhFrainc bliain ó shin. Ní raibh ach ceithre phointe (28-24) idir na foirne ag deireadh an chluiche sin ach tá nimh san aer ón lá sin i leith.

Is cinnte go mbeidh na hAll Blacks ag iarraidh a léiriú nach botún ná timpiste a bhí sa toradh sin. Filleadh ar ‘status quo’ rugbaí an domhain, dar leo.

Seans gur malairt poirt a bheas ag na hÉireannaigh atá fós ar bharr thábla rugbaí an domhain. Dála an scéil, is fiú a mheabhrú gur sa tríú háit ar an tábla céanna atá na hAll Blacks.

Maidir leis an gcluiche féin, seans gur buntáiste ar leith do na cuairteoirí gur imir agus gur bhuaigh siad cluiche crua i gcoinne na Sasanach an Satharn seo caite ach is míbhuntáiste nach bhfuil ach sé lá ullmhúcháin acu roimh chluiche na hoíche anocht. Mar sin féin, tá na hAll Blacks ag cur a gcéad rogha fórsaí chun páirce ón tús. Níl siad ag tógáil seans dá laghad. Teastaíonn bua sa gcluiche seo uathu.

Is ionann an cás ag foireann na hÉireann agus Andy Farrell, iad uilig bioraithe don choimhlint seo. Níl tada idir na himreoirí a bheas ag imirt anocht, seachas an dhá leathchúl amuigh b’fhéidir, áit a bhfuil Andy Farrell fós ar thóir uimhir 10 buan chun bróga Johnny Sexton a líonadh. Is cinnte go mbeidh na cuairteoirí ag iarraidh leas a bhaint as an laige seo.

Fág freagra ar 'Nimh sa chairdeas idir Éirinn agus an Nua-Shéalainn'