Níl síodúlacht James Bond ag baint le Andy Farrell, ach tá sé chomh maith leis ag cur an namhad de dhroim seoil

Tá muintir na hÉireann ag dul i dtaithí ar Wiganese Andy Farrell ach ar ndóigh ní hé an crot a bhíonn ar na focail a thagann as a bhéal amháin a léiríonn a mhianach

Níl síodúlacht James Bond ag baint le Andy Farrell, ach tá sé chomh maith leis ag cur an namhad de dhroim seoil

Ar thug tú faoi deara riamh go mbíonn sé de nós atá ag ceardaithe, ag ealaíontóirí agus ag saoir seasamh siar ó phíosa oibre a bhíonn déanta acu? B’fhéidir go gcaithfidís cúig nó deich nóiméad gan corraí agus iad ag baint lán a dhá súl as a saothar.

Moladh beag dóibh féin as a máistreacht ar a gceard is cúis le cuid mhaith den chleachtas agus cé a thógfadh orthu é. Ach bíonn níos mó ná sin i gceist. Tuigeann fiú an duine is oilte acu nach dtiocfaidh an lá go deo lá nach féidir leo feabhas a chur orthu féin. Fágann sin go bhfuil siad de shíor ag scrúdú na hoibre atá déanta acu féin agus go deimhin ag a leathbhádóirí.

Bheadh iontas orm murar ar an gcuma sin a chaith Andy Farrell cuid mhaith de na laethanta seo caite. Agus Corn an Domhain ar leic na tairsí, níl de thriáil aige ná ag an bhfoireann rugbaí atá faoina chúram mórán bolg le gréin a dhéanamh. Fós is ceadmhach dóibh sásamh a bhaint as ar tharla le linn Séasúr na Sé Náisiún atá díreach críochnaithe. Is leo an churadhmhír.

Lena linn bhuaigh siad ar an Iodáil, ar an mBreatain Bheag, ar an bhFrainc, ar Albain agus an meall mór ar deireadh – barr buaice tagtha ar ár bhfód féin agus an namhaid curtha faoi chois. Is beag a bhfuil blas níos milse air ná bua ar Shasana os comhair do mhuintire féin.

Sasanach ar ndóigh é Andy Farrell. Sasanach a d’imir dá thír 45 uair (idir Rugbaí Sraithe agus Aontais). Ní hionann agus go leor eile a chuaigh ó chód amháin go cód eile acu sin, ba leis an gceann sraithe agus le Wigan a thosaigh Andy. Ansin d’athraigh sé go dtí an taobh eile nuair a chuaigh sé le Saracens in 2005. Sa ró deiridh ba ghnách leis imirt leo siúd agus cóitseálaí Shasana Dé Sathairn seo caite, Steve Borthwick, sa ró amach roimhe. Ba sa líne trí cheathrú a d’imríodh sé le Sasana.

Ba é a mhac Owen a bhí mar leathchúlaí amuigh ar fhoireann Shasana ar Pháirc Bhóthair Lansdúin an lá faoi dheireadh. Le Saracens a imríonn seisean freisin. Bhí a athair fós ag imirt leis an gclub nuair a shínigh Owen conradh leis an acadamh ansiúd in 2008.

Ach ní raibh an bheirt riamh ar pháirc na himeartha le chéile i gcluiche iomaíochta. Ba bheag nár tharla sin i dtús 2009 nuair a d’imir Saracens cluiche dúshláin in aghaidh Western Force agus iad ar thuras chun na hAstráile. Bhí Andy istigh ón tús agus Eoin ar bhinse na n-ionadaithe. Fuair seisean glaoch chun imeartha sa dara leath nuair a bhain gortú do dhuine dá chomhghleacaithe – a athair! Ní fada ina dhiaidh sin gur éirigh Andy as an imirt ar fad.

Sé Andy Farrell an t-ochtú príomhchóitseálaí ar fhoireann idirnáisiúnta na hÉireann ón mbliain 1995 i leith. Triúr Corcaíoch – Eddie O’Sullivan (2001-2008), Michael Bradley (2008) agus Declan Kidney (2008-2013); triúr Nua-Shéalannach – Murray Kidd (1995-1997), Warren Gatland (1998-2001) agus Joe Schmidt (2013-2019); mar aon le beirt Shasanach – Brian Ashton (1997-1998) agus Farrell (2019 -).

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil éagsúlachtaí go leor idir an Fearghaíleach agus na daoine eile atá luaite agam agus ní ar an stíl imeartha atá leagtha amach aige amháin atá mé ag caint.

De réir traidisiúin is cultacha éadaigh a bhíonn á gcaitheamh ag foirne idirnáisiúnta rugbaí faoi bhealach chuig ionaid na himeartha. Ón gcéad chluiche a imríodh faoi cheannas Farrell is cultacha spóirt a chaitheann foirne na hÉireann, an feisteas céanna a chaitheann sé féin lena linn.

Is é atá le léamh as sin go bhfuil sé féin agus a chuid imreoirí dírithe ar a bhfuil rompu ó ghléasadar iad féin ar maidin. A n-intinn dírithe ar an sprioc i bhfad sula mbaineann siad an seomra feistis amach beag ná mór. Ullmhaithe chun catha ó bhreacadh an lae.

De bhunadh an lucht oibre é Farrell. Seacht míle bóthair atá idir an teach inar tógadh Farrell, in Wigan, agus Leigh, an áit ar tógadh an bainisteoir Sasanach eile a bhí ar Éirinn, Brian Ashton. Tá ceithre chanúint sa gcuid sin de Shasana – ‘Manc’, ‘Lancashire’, ‘Wigan’ or ‘Posh’, mar a deir siad féin.

Idir an ‘Manc’ agus an Lancashire an chanúint atá ag Ashton. ‘Wigan’ a thagann as béal Andy Farrell, sin cinnte. Suimiúil go leor, deir teangeolaithe go bhfuil blas de chanúint na hÉireann le haithneachtáil ar an ‘Wiganese’ de bharr an líon de mhuintir na tíre seo a chuir fúthu sa gceantar nuair ba thréine an imirce.

Dála Farrell, ba é an Rugbaí Sraithe a bhí i dteaghlach Brian Ashton freisin agus é ag éirí aníos – d’imir a athair an cluiche chomh maith le bheith ina mhianadóir. Fiú gur tairgeadh conarthaí imeartha dá mhac, ach shiúil seisean an cosán traidisiúnta a bhain le Rugbaí an Aontais agus chuaigh ag obair i mbanc.

Ar ndóigh ní hé an crot a bhíonn ar na focail a thagann as béal Andy Farrell amháin a léiríonn a mhianach. Cóitseálaí thar a bheith cumasach is ea é, cóitseálaí a bhfuil an t-ómós atá á fháil aige uathu siúd ar fud an domhain ar suim leo cluiche an rugbaí tuillte go maith aige.

Ach is cinnte nach dochar dá íomhá nach bhfuil aon mhóiréis ina chanúint, gur minic a cheapfá óna chrot agus óna chuma go mbíonn cantal air.

Sin agus a shrón gheancach bhriste.

B’fhéidir nach bhfuil síodúlacht James Bond ag baint leis, ach tá sé chuile orlach chomh héifeachtach leis agus é ag cur an namhad de dhroim seoil.

Fág freagra ar 'Níl síodúlacht James Bond ag baint le Andy Farrell, ach tá sé chomh maith leis ag cur an namhad de dhroim seoil'