‘Níl sé uaillmhianach agus tá easpa sonraí ann’ – díomá léirithe faoi ghealltanais Fhine Gael don Ghaeilge

Cé nach bhfuil Conradh na Gaeilge sásta leis an méid atá leagtha amach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i bhforógra toghcháin Fhine Gael, chuir an eagraíocht fáilte roimh na ngealltanas atá déanta ag Páirtí an Lucht Oibre

Tá díomá léirithe ag Conradh na Gaeilge faoin easpa uaillmhéine agus easpa sonraí maidir leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht atá i bhforógra toghcháin Fhine Gael.

Sheol an Taoiseach Simon Harris forógra a pháirtí ag an deireadh seachtaine ach deir an Conradh gur léir ó na bearnaí atá ann nach bhfuil Fine Gael ag éisteacht le héilimh phobal na Gaeilge.

“Ar nós forógra Fhianna Fáil, tá a lán ann nach bhfuil intomhaiste,” a deir Ard-Rúnaí an Chonartha, Julian de Spáinn, le Tuairisc. “Fiú nuair a deirtear go n-oibreoidh Fine Gael le hÚdarás na Gaeltachta agus na grúpaí uile atá luaite chun ‘soláthar suntasach’ tithe ar chur ar fáil sa Ghaeltacht, ní luaitear cé mhéad teach a thógfar nó cad is ciall leis sin. In áiteanna eile sa bhforógra, tá figiúirí sonracha luaite ach níl siad ann i gcás na Gaeltachta.”

I measc na rudaí atá geallta sa bhforógra, Securing Your Future, tá athbhreithniú ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, tuilleadh “neamhspleáchais” do TG4 agus tacaíocht bhreise do bhunú scoileanna lán-Ghaeilge, d’Údarás na Gaeltachta agus do líonraí Gaeilge.

Deir de Spáinn nach bhfuil dóthain sonraí maidir le céard a bheadh i gceist le cuid de na gealltanais agus go bhfuil neamhaird iomlán déanta ar éileamh eile.

“Tá sé luaite go mbeidh [Fine Gael] sásta athrú a dhéanamh ar an Ghaeilge don Ardteist ach níl aon rud sonrach luaite acu ach nuair a bhíonn siad ag caint ar Theanga Chomharthaíochta na hÉireann, mar shampla, tá siad ag rá go bhforbróidh siad curaclam.

“Lorgaíomar sin ó Fhine Gael. Bhí muid ag iarraidh go gcuirfeadh siad polasaí don Ghaeilge le chéile ó thús go deireadh sa chóras oideachais ach níl sé sin luaite in aon áit.”

Chuir de Spáinn fáilte roimh an scéala go gcuirfeadh Fine Gael tacaíocht bhreise ar fáil do na mná tí, beart atá luaite i bplean infheistíochta an Chonartha, An Plean Fáis 2024-2029, ach dúirt sé go raibh gníomh breise ag teastáil agus go bhfuil an Conradh fós ag lorg gealltanas breise ó Fhine Gael agus páirtithe eile.

Tá tacaíocht don Phlean Fáis, polasaí cuimsitheach don Ghaeilge sa chóras oideachais, beartais tithíochta don Ghaeltacht agus aire sinsearach Gaeltachta i measc na bpríomhéileamh atá ag an gConradh.

“Níl sé [an forógra] uaillmhianach agus níl sé ag teacht leis an méid a iarradh orthu,” arsa de Spáinn.

“Tá muid i dteagmháil [le Fine Gael] go fóill mar tá muid ag iarraidh go dtabharfadh siadna gealltanais a lorgaíodh agus tá muid ag cur gach brú gur féidir linn orthu na gealltanais sin a thabhairt roimh an toghchán agus tá muid ag súil go mbeidh pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ag déanamh an rud céanna agus brú a chur ar na hiarrthóirí a thagann chun dorais.”

Cé nach bhfuil aon ghealltanas déanta ag Páirtí an Lucht Oibre maidir le haire sinsearach don Ghaeltacht, tá cuid mhaith de phríomhéilimh an Chonartha luaite sa bhforógra a sheol an páirtí ar an Domhnach.

“Sílim go raibh Páirtí an Lucht Oibre ag éisteacht le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus tá sé sin le feiceáil sa bhforógra atá foilsithe acu,” arsa de Spáinn.

“Tá siad tar éis a rá go gcuirfeadh siad an maoiniú ar fáil don Phlean Fáis, cuireann muid an-fáilte roimhe sin. Chomh maith leis sin, tá siad ag caint faoi chumhachtaí tithíochta a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta, faoi Bheartas Náisiúnta um Phleanáil Tithíochta sa Ghaeltacht.

“Tá siad ag caint faoin deontas don scéim tithíochta Gaeltachta a thabhairt ar ais. Tá neart de na rudaí a bhí muid a lorg le feiceáil ann…Níl siad ar fad ann ach arís, mar a dúirt mé, tá muid i dteagmháil leo maidir le gealltanais atá uainn nach bhfuil san fhorógra.”

Cé go bhfuil Plean Fáis an Chonartha ag éileamh go gcaithfeadh an rialtas ó dheas beagnach €200 milliún breise, níl aon tagairt do chaiteachas ar an nGaeilge ná ar an nGaeltacht sna costais atá ag Páirtí an Lucht Oibre ag bun an fhorógra.

Cé go bhfuil €9.3 billiún de chaiteachas reatha breise geallta i bhforógra Fhine Gael, níl ach €1 milliún curtha ar leataobh do chúrsaí teanga sna costais.

“In aon cheann de na forógraí go dtí seo, fiú sna cinn nach bhfuil mórán iontu faoin nGaeilge, ní bhíonn an Ghaeilge ná an Ghaeltacht luaite sna costais ag an deireadh,” a dúirt de Spáinn.

Fág freagra ar '‘Níl sé uaillmhianach agus tá easpa sonraí ann’ – díomá léirithe faoi ghealltanais Fhine Gael don Ghaeilge'