Níl sé i gceist an deontas Gaeltachta do mhúinteoirí Gaeltachta a thabhairt ar ais –Bruton

Dúirt an tAire Oideachais Richard Bruton gur €1.8 milliún a chosnódh sé in aghaidh na bliana an deontas d’ábhar oidí chun tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht a thabhairt ar ais

Níl sé i gceist an deontas Gaeltachta do mhúinteoirí Gaeltachta a thabhairt ar ais –Bruton

An tAire Oideachais Richard Bruton. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Tá sé curtha as an áireamh ag an Aire Oideachais agus Scileanna go dtabharfaí ar ais an deontas a d’íoctaí le múinteoirí faoi oiliúint chun tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht.

I bhfreagra ar cheist Dála, dúirt an tAire Richard Bruton gur cuireadh deireadh leis an deontas Gaeltachta d’ábhar oidí mar go rabhthas ag iarraidh cosaint a thabhairt do sheirbhísí oideachais “tús líne” le linn na géarchéime eacnamaíochta agus mhaígh sé go raibh “dúshlán mór” ag baint i gcónaí le cosaint na seirbhísí sin.

Bhí an scéal amhlaidh a dúirt sé mar gheall ar an ardú atá ag teacht ar líon na ndaltaí i scoileanna na tíre.

Dúirt an tAire Oideachais gur €1.8 milliún a chosnódh sé in aghaidh na bliana an deontas d’ábhar oidí chun tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht a thabhairt ar ais don 1,200 mac léinn a bheadh i gceist.

Tá polaiteoirí agus lucht an ghaeloideachais ag éileamh go dtabharfaí ar ais an deontas a d’íoctaí le hábhar oidí don tréimhse Ghaeltachta atá mar chuid dá gcúrsa.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív sa Dáil an tseachtain seo go raibh an cinneadh deireadh a chur leis an deontas in 2011 ag teacht salach ar chuspóirí na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge i dtaobh an oideachais.

“Ba cheart dúinn bheith macánta faoi – bhí an t-am ann nuair a chasfá le múinteoirí bunscoile agus d’fhéadfá comhrá a dhéanamh le chuile dhuine acu trí Ghaeilge. Ní hamhlaidh atá sé anois. Tá daoine ag iarraidh an Ghaeilge a mhúineadh agus níl sí acu féin.

“Bhí moltaí sonracha le déileáil leis an gceist sin sa Straitéis 20 Bliain – tréimhsí níos faide sa Ghaeltacht – ach céard atá déanta ag an Rialtas? Táthar tar éis táillí a ghearradh ar na hábhair oidí atá ag dul chun na Gaeltachta in ionad na táillí a íoc agus a rá leis na hábhair oidí tréimhsí fada a chaitheamh ann agus an teanga a thabhairt leo,” a dúirt Éamon Ó Cuív sa Dáil.

Ar na heagraíochtaí atá ag iarraidh go dtabharfaí ar ais an deontas d’ábhar oidí, tá an Chomhairle Um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. Chuir COGG aighneacht faoi bhráid Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán an tseachtain seo inar éilíodh go dtabharfaí ar ais an deontas.

Cuireadh deireadh leis an deontas Gaeltachta a d’íoctaí le hábhar oidí in 2011 toisc, a dúradh, go raibh acmhainní gann.

Tá an Teachta Dála de chuid Fhine Gael Brendan Griffin i measc na ndaoine a dúirt le Tuairisc.ie cheana go raibh sé “in am” an deontas d’ábhar oidí a thabhairt ar ais” i bhfianaise an fheabhais atá tagtha ar an ngeilleagar ón uair a cuireadh deireadh leis.

Fág freagra ar 'Níl sé i gceist an deontas Gaeltachta do mhúinteoirí Gaeltachta a thabhairt ar ais –Bruton'

  • Mánus

    Tá an ceart aige. Bronnadh an deontas “Gaeltachta” ar gach múinteoir; fiú urthu siúd a bhí i scoil lánBhéarla nó múinteoirí a bhí ag teagasc tré Bhéarla. B’fhearr deontas dos na múinteoirí a bhíonn ag teagasc tré mheán na Gaeilge do chur in a áit.

  • Seán Mac Gearailt

    Níl airgead ann don deontas Gaeltachta ach bíonn airgead ann i gcónaí nuair a fhaigheann na Teachtaí Dála ardú tuarastail agus do “spin unit” Leo. Ait an mac an saol.

  • Seán de Brún

    Le breith an B.Oid. ceithre bliana is modúil ar chomhsheasamh le gach modúl eile ar an gclár B.Oid. (bunmhúinteoireacht) iad na Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht) cosúil le Síceolaíocht, múineadh an Bhéarla, múineadh na Matamaitice srl. agus íocann an Stát na táillí teagaisc ar son na n-ábhar múinteoirí do gach modúl eile seachas na táillí teagaisc do na Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht. Anois, ní mór do gach mac léinn B.Oid. €1,500, mar thus, a íoc don dá mhodúl seo mar ní féidir B.Oid. a bhaint amach gan an dá Thréimhse Foghlama sa Ghaeltacht a bheith curtha díobh go sásúil – rud atá iomlán ceart. Glacann cuid den mic léinn B.Oid. na cúrsaí seo i rith a laethanta saoire! An dtarlódh a leithéid don Bhéarla, don Mhatamaitic, don Eolaíocht, don tSíceolaíocht? Ba chóir go n-íocfadh an Stát na táillí teagaisc do na modúil seo mar a dhéantar do gach modúl eile ar an gclár B.Oid. Táim ag caint ar tháillí teagaisc amháin agus tuigim go maith go bhfuil costas lóistín ann chomh maith. An bhfuil an cleachtas seo ceart, cóir nó fiú amháin dleathach?
    Seán de Bún