Níl leacht aon áit ar domhan a bheadh mór a dhóthain le cur síos ar oidhreacht Phádraic Uí Chonaire

Bhí baint mhór ag aisling a bhí ag Pádraic Ó Conaire ar athrú ó bhonn a chur ar scéal CLG i gConamara

Níl leacht aon áit ar domhan a bheadh mór a dhóthain le cur síos ar oidhreacht Phádraic Uí Chonaire

Pádraic Ó Conaire agus Mártan Ó Ciardha i bPáirc an Chrócaigh, Lá na Gaeltachta. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Agus muid óg aerach ba bheag duine againn nár chaith tamallacha ag aislingeacht agus ag leagan amach na gcosán agus na n-aistear a thabharfadh chomh fada muid le mianta ár gcroí.

Ba líonmhar agus b’éagsúil ár gcuid spriocanna. Is beag díobh nach raibh baint ag an rath leis agus, má tá muid le bheith ionraic faoin scéal, baint acu le maoin phearsanta, clú agus cáil.

Níor mhianta den chineál sin a bhí in intinn Phádraic Uí Chonaire.

Fós agus gan é ach beagán le cois bliain agus fiche d’aois bhí sé tugtha suas dó a bheith ar dhuine de na tosaithe ba sciliúla a bhí ag plé leis an bPeil Ghaelach i nGaillimh. Bhí sé ar fhoireann an chontae sin a bhuaigh Craobh na hÉireann i 1975, ar an gceann faoi 21 a bhuaigh Craobh Chonnacht trí bliana dár gcionn agus nuair a thug foireann shinsir na Gaillimhe corn na Sraithe Náisiúnta leo i 1981 bhí a ainm le feiceáil ar liosta na scórálaithe sa mbabhta leathcheannais in aghaidh Ard Mhacha i bPáirc an Chrócaigh, áit ar bhuaigh Gaillimh ar Ros Comáin sa gcluiche ceannais cúpla seachtain dár gcionn.

Faoin am sin bhí cúpla bliain caite ag peileadóir Thír an Fhia ar phainéal na sinsear. Ba é Liam O’ Neill an bainisteoir ba thúisce a thug áit dó, rinne Mattie McDonagh amhlaidh nuair a tháinig seisean i gceannas mar a rinne Tony Regan i 1984.

Bhí 100 bliain de stair Chumann Lúthchleas Gael le scríobh faoin tráth sin agus thug idir chontaetha agus chlubanna go fonnmhar faoi chuntas a thabhairt ar an bpáirt a bhí acu féin i mbunú na heagraíochta a tháinig ar an saol in Óstán Hayes i nDurlas Éile.

An t-iontas ba mhó a dhéanfadh duine a bheadh ag caitheamh súil don chéad uair ar chosán pheileadóirí na Gaillimhe in imeacht na gcéad bliain sin is ea go dtuigfí dó a laghad cainte agus a bhí ar imreoirí de chuid na Gaeltachta a bheith luaite ar fhoirne an chontae.

Ba in 1901 a imríodh Craobh Shinsear Peile Chonnacht den chéad uair – bhuaigh Maigh Eo ar Ghaillimh. D’fhéadfadh sé go bhfuil dul amú orm, ach de réir m’eolais ní raibh fear Gaeltachta ar cheachtar de na foirne a chuir Gaillimh chun páirce i gcluichí ceannais as sin go dtáinig 1933, nuair a bhí uncail de mo chuid féin as Carna, Hugo Carey, ar an bhfoireann a bhuaigh ar Mhaigh Eo. D’imir sé freisin i 1934,1935 agus 1936 agus thug bonn Chraobh na hÉireann leis an bhliain ba thúisce acu sin.

Tá seans ann go raibh Piaras Ó Droighneáin agus a dheartháir Seán as na Forbacha ar an gcéad dream eile a fuair áiteacha ar fhoireann na Gaillimhe. Chaith Pat Mór Mac Donnchadha as Ros a’ Mhíl, Pete Ó Sé as an gCeathrú Rua, Proinsias Ó Cadhain as Dúiche Sheoigeach agus Tomás Mac Fhlannchadha as Maigh Cuilinn an geansaí cróndearg anois agus arís sna 1950idí agus 1960idí, ach fiú nuair a tháinig Corn Mhig Guidhir cois Coiribe trí huaire as a chéile i 1964-1966 ba é Cóilín Mac Donnchadha an t-aon pheileadóir Gaeltachta a bhí ar na foirne, cé go mba sa gcathair a bhí sé curtha faoi ag an tráth sin.

Bhí cúiseanna go leor gur mar sin a bhí – an imirce ar an gceann ba mhó acu. Anuas ar sin go dtáinig na 1970idí féin ba bheag páirc imeartha a bhí i nGaeltacht Chonamara, ná go deimhin paistí oiriúnacha talún ina bhféadfaí a leithéid a chur. Ba ghiodán de thalamh portaigh an pháirc a bhí ag ógánaigh mo pharóiste féin, ach dóthain de thriomach a bheith tagtha air sin le teacht an tsamhraidh.

Anuas air sin ba chosúil nár mhór do pheileadóir as Iarthar na Gaillimhe a bheith faoi dhó chomh maith lena leathbhádóir as an gcuid eile den chontae go bhfaigheadh sé seans ar an ngeansaí cróndearg. B’in a chreid an dream thiar ar aon nós agus ní mba gan údar a bhí sin amhlaidh.

Bhí baint mhór ag aisling a bhí ag Pádraic Ó Conaire ar athrú ó bhonn a chur ar an scéal sin – scéal a bhí feicthe lena dhá shúil chinn aige. Mar ba dhual don fhear ní mba i mbun cainte a chuaigh sé ach i mbun gnímh agus ba le chabhair a chumainn, Naomh Anna Leitir Móir, a thosaigh sin.

I lár na 1980idí bhí Scéim Fostaíochta Pobail tosaithe ag Údarás na Gaeltachta agus tar éis do Phádraic na cáilíochtaí cóitseála agus na teastais chuí a bhaint amach chuaigh sé i mbun oibre ag teagasc scileanna na gCluichí Gaelacha do na daltaí sna bunscoileanna a bhí i gCeantar na nOileán agus d’fhoirne faoi aois Naomh Anna ar an Satharn agus ar an Domhnach.

Bhí an chéad choisméig tógtha ar an aistear ba thábhachtaí ar thug Cumann Lúthchleas Gael faoi i gConamara ariamh, ceann faoina bhfuair na mílte agus na mílte buachaillí agus cailíní óga i nGaeltacht na Gaillimhe a mblaiseadh ba thúisce de chluichí ár sinsear.

Ní mór a rá anseo nach ndearna Pádraic aon idirdhealú idir an dá chineál ariamh – fuair cailíní an oiliúint chéanna leis na buachaillí. Bhí sé thar a bheith bródúil as buanna Naomh Anna i gCraobh Shinsir Peile na mBan i nGaillimh in 1994 agus 1995, bliain ar bhuaigh siad Craobh Idirmheánach na bhfear freisin. Tháinig go leor d’imreoirí na bhfoirne sin faoi thionchar Uí Chonaire.

De réir a chéile leath Scéim Oiliúna na gCluichí ar fud Chonamara agus ansin ar fud Ghaeltacht na Gaillimhe, Oileáin Árann san áireamh. Go fiú gur tosaíodh ag déanamh aithrise ar a leithéid i gcontaetha eile.

Ach bhí pleananna níos mó ná sin arís i gcloigeann Phádraic. Sa mbliain 2008, le cabhair ó Roinn na Gaeltachta, Comhairle Chonnacht CLG agus Coiste CLG na Gaillimhe bunaíodh Clár na gCluichí Gaelacha a leathnaigh an scéim amach ar bhealach a d’fhág teagascóirí ag freastal ar scoláirí dara leibhéal agus i mbun campaí samhraidh le linn shaoire an tséasúir sin.

Inniu tá 1,300 dalta in aghaidh na seachtaine á n-oiliúint ag an gClár sa bPeil Ghaelach, san Iománaíocht agus sa Liathróid Láimhe ag cóitseálaithe cáilithe.

Tá léiriú gléineach ar thionchar an chláir le feiceáil sna figiúirí seo.

In imeacht na n-ocht mbliana sular bunaíodh é (2000-2008) 14 peileadóir as Clubanna Gaeltachta Chonamara agus Árann a roghnaíodh ar fhoirne Sinsearacha, Faoi 21 agus Mionúir na Gaillimhe. Le linn na n-ocht mbliana a lean a bhunaithe (2008-2016) bhí 46 acu i gceist.

Tá cuid mhaith acu ar liostaí na n-imreoirí a bhfuil bonn Chraobh na hÉireann ina seilbh agus is iadsan féin is túisce a déarfadh go mba mhór an chabhair dóibh an bhunchloch a leagadh sna scoileanna faoi scéimeanna Phádraic.

Ní mba ar mhaithe le boinn ná buachaint a thug sé faoina shaothar. Dá bhfiafrófá dó cén t-ábhar sásaimh ba mhó a bhí aige, déarfadh sé ar ais leat go mba é an lá é ina bhfaigheadh daltaí na mbunscoileanna deis a dhul go Páirc an Chrócaigh agus ceathrú uaire imeartha a dhéanamh ansiúd. Ina measc siúd ab fhearr leis.

Faraor géar, tar éis dó a bheith tinn le cosamar bliana nó mar sin, chuaigh Pádraic Ó Conaire chun na Síoraíochta agus an Nollaig ar leic na tairsí againn.

Nil leac uaighe ná leacht aon áit ar domhan a bheadh mór a dhóthain le  cur síos a dhéanamh ar a oidhreacht.

Beannacht Dé leat a sheanchara.

Fág freagra ar 'Níl leacht aon áit ar domhan a bheadh mór a dhóthain le cur síos ar oidhreacht Phádraic Uí Chonaire'