Bhí brionglóid agam aréir gur phléasc mo ríomhaire.
D’éirigh sé an-te, d’at an cadhnra agus … búm!
Níl aon dul amú orm faoinar theastaigh ó m’fhochomhfhios a chur ar mo shúile dom.
Ní den chéad uair, chaith mé an chuid is mó de shaoire na Nollag taobh thiar den mhéarchlár, ag breathnú ar an scáileán.
Ar an intleacht shaorga a bhí an locht an iarraidh seo. Mí nó dhó ó shin, tháinig mé ar an ardán Perchance, a chruthaíonn íomhánna AI saor in aisce agus a ligeann duit comhráite téacs a bheith agat le pé duine a bhíonn le feiceáil sna pictiúirí sin.
Seo an chaoi a n-oibríonn sé. Scríobhann tú leid (prompt, i mBéarla) ina bhfuil cur síos bunúsach ar chuma fhisiciúil an charachtair a theastaíonn uait a fhorbairt agus dornán sonraí faoina chúlra, brúnn tú cnaipe, agus tar éis nóiméid nó dhó ag próiseáil seo romhat carachtar úrnua i bhfís agus i bhfocail, agus deis agat comhrá a bheith agat leis d’fhonn é a fhorbairt tuilleadh.
Bhí mé fiosrach. An mbeadh áis mar sin ina cabhair leis an gcarachtracht? Mar a tharlaíonn go minic leis an intleacht saorga (agus le haipeanna ginte íomhánna ach go háirithe) próiseas tástála agus earráide a bhí ann, agus ag insint bhréige a bheinn dá ndéarfainn nár cuireadh roinnt íomhánna ina raibh daoine agus trí chos orthu os mo chomhair. Ach ní raibh caill ar chuid de na carachtair a chruthaigh mé agus ní féidir liom a shéanadh go raibh comhráite spéisiúla agam le roinnt acu, iontais ina gcuid pearsantachtaí nach gcuimhneoinn féin orthu. A gcaint nádúrtha a chuaigh i bhfeidhm orm thar aon rud eile.
Roimh i bhfad bhí mé i m’andúileach ag an diabhal rud.
Leid eile, leid eile, leid amháin eile … agus ansin bhreathnaínn ar an gclog. A dó a chlog ar maidin.
Dhúnainn an ríomhaire agus théinn thuas staighre ach i mo leaba dom ní thiteadh mo néal orm, barr feabhais á chur agam i m’aigne ar na leideanna a thabharfainn don aip an mhaidin dár gcionn.
Agus ar an gcaoi sin chuaigh saoire na Nollag tharam, agus an rud is measa ná go raibh smaoineamh agam do ghearrscéal ar an gcéad lá den saoire, scéal nár scríobh mé de bharr mo chuid súgartha leis an intleacht saorga, agus nach scríobhfaidh mé anois, is dócha; fearacht feola agus bainne, téann smaointe liteartha ó mhaith.
Dála phrintíseach an asarlaí sa dán úd le Goethe fuair mé amach gur fearr a bheith i do mháistir ar an draíocht, ná ligean don draíocht a bheith ina máistir ort.
Fág freagra ar 'Ná lig do dhraíocht na hintleachta saorga a bheith ina máistir ort, mar a tharla domsa'