Níl ann ach breith nó fág do PJ Mac Láimh agus foireann na Gaeltachta i bPáirc an Chrócaigh

Slánú a bhí sa bhua i gcluiche leathcheannais na hÉireann an tseachtain seo caite d’imreoirí na Gaeltachta a d’imir sa gcliseadh sa mbabhta céanna in 2018, PJ Mac Láimh ina measc

Níl ann ach breith nó fág do PJ Mac Láimh agus foireann na Gaeltachta i bPáirc an Chrócaigh

In ainneoin a bhfuil buaite ag peileadóirí Chumann Caide na Gaeltachta, craobhacha contae, Comórtais Peile na Gaeltachta agus boinn uile-Éireann, bhraithfeá uaireanta go bhfuil dhá lá dubh ann atá mar scamall anuas ar na laethanta órga uile a bhí acu thiar.

Ceann acu, ar ndóigh, an chailliúint in aghaidh na Cealtraí i gcluiche ceannais sinsir na hÉireann 2004. Is léir go bhfuil imreoirí na linne sin fós cráite ag an deis a chailleadar an lá sin agus is cinnte go mbeidh sé ar cheann de na céad rudaí a smaoineoidh Feargal Ó Sé, Conall Ó Cruadhlaoich, Dara Ó Cinnéide agus Aodhán Mac Gearailt air agus iad ag siúl amach i bPáirc an Chrócaigh amárach.

Do ghlúin níos óige, is ar lá geimhridh i Staid Semple a tharla a n-uafás.

Bhí an Ghaeltacht tri phointe chun tosaigh ar sheaimpíní Thír Eoghain, an Maigh, in am breise de chluiche leathcheannais idirmheánach na hÉireann in 2018 ach thit siad as a chéile sa chúpla nóiméad deireanach agus áit i gcluiche ceannais na hÉireann sleamhnaithe uathu.

Go luath i ndiaidh bhua na Gaeltachta ar na Solláin i gcluiche leathcheannais na hÉireann Dé Sathairn seo caite, labhair Dara Ó Cinneide ar shlánú agus athshlánú. Is ag trácht ar Éanna Ó Conchúir a bhí sé, fear a cuireadh den pháirc i nDurlas ocht mbliana roimhe, ach a bhí tar éis an Ghaeltacht a thabhairt ar ais go Páirc an Chrócaigh le cic saor dhá phointe agus an t-am caite i bPáirc Uí Chaoimh.

Slánú a bhí ann don dornán beag imreoirí eile atá fós ann ó 2018 chomh maith. Ar na himreoirí sin bhí PJ Mac Láimh, a raibh deis iontach aige ar scór an lá céanna. Agus an t-am beagnach istigh chuirfeadh pointe na foirne ar comhscór agus chuirfeadh cúl an Ghaeltacht chun tosaigh. Thug Mac Láimh faoin gcúl ach d’imigh a iarracht ar chlé agus ar fóraoil.

Nuair a tháinig an deis rudaí a chur ina gceart i gcoinne na Sollán, ní raibh Mac Láimh ná Ó Conchúir chun an deis a scaoileadh tharstu.

“Bhí mé fhéin agus Éanna cinnte [ag smaoineamh ar 2018]. Tháinig Éanna den ghort an lá san le cárta dearg agus bhíos óg agus bhí cic agam sa nóiméad deireanach i gcoinne an Mhaí agus theip orm leis an mbáide,” a deir sé.

I bPáirc Uí Chaoimh an tseachtain seo caite, bhí cinneadh le déanamh arís ag Mac Láimh in uair na cinniúna. Agus cic saor bronnta ar an nGaeltacht, bhí deis acu ar scór aon phointe amháin chun ciceanna éirice a chinntiú ach arís chinn Mac Láimh, atá ina chaptaen anois agus Franz Sauerland gortaithe, gur anois nó riamh aige é agus bheartaigh sé dul i muinín Uí Chonchúir chun an dá phointe a fháil.

“Bhí sé greannmhar, nuair a tharla an cic saor le hÉanna ag an deireadh [i gcoinne na Sollán] bhíos ag féachaint air. Dúirt Brian [Ó Beaglaoich] pointe amháin a thógaint ach dúras ‘no, féach, táimid chun imeacht i gcomhair an dá phointe’.

“Bhíos ag féachaint ar Éanna agus bhí a fhios agam, bhí 2018 ina aigne aige. Nuair a dúras leis tóg é, bhí sé fuarchúiseach, bhí a fhios agam go raibh an cic aige agus tá sé curtha i gceart anois againn.”

“Le cúnamh Dé anois, críochnóimid an jab Dé Domhnaigh agus beidh an Maigh críochnaithe ansan, ar deireadh thiar thall.”

Tá Mac Láimh, Ó Conchúir agus Ó Beaglaoich mar chuid den dornán beag imreoirí ó 2018 atá fós ag imirt. Idir imirce agus aois, d’imigh an chuid eile leo de réir a chéile agus bhí lag trá sa gcumann le blianta beaga anuas. Theip orthu teacht amach as an ngrúpa fiú i gcraobhacha 2023 agus 2024.

Tá grúpa imreoirí óga tar éis teacht isteach ar an bpainéal le cúpla bliain anuas, áfach, agus tionchar mór acu ar chúrsaí, a deir Mac Láimh.

“Tháinig an cleas óg isteach agus bhíodar nótálta ar fad. Thugadar spreagadh do na seanleaids atá againn. Leithéidí Aodhna Ó Beaglaoich, Conor Ó Corrduibh, Seán Ó Cuinn, tá siad ag tiomáint na traenála na haon oíche agus thug sé spreagadh maith dúinn agus is dócha gurb in é an difríocht mhór i mbliana. Tá painéal níos láidre againn, nílimid ag brath ar na seanleaids i gcónaí. Tá siad seo [na himreoirí óga] ag seasamh suas ar na laethanta móra,” ar sé.

“Ní gá duit mórán comhairle a thabhairt dóibh. Tá siad tar éis imirt le Ciarraí faoi aois, tá a fhios acu cad atá le déanamh. An ráta oibre atá acu, tá sé dochreidte agus tiomáineann sé sin sinne mar fhoireann, nuair a fheiceann tú na leaids óga ag seasamh suas na laethanta móra cosúil le Dé Sathairn seo caite.

“Sin é an rud a spreagann an fhoireann go léir, tá siad ag imeacht ana-mhaith.”

Bunaithe ar na cinntí sin a rinne sé i gcluichí leathcheannais na hÉireann 2018 agus 2026, shamhlófá gur ‘breith nó fág’ an chomhairle a bheadh ag Mac Láimh d’ógánaigh na Gaeltachta dá dtiocfadh siad chuige.

Fág freagra ar 'Níl ann ach breith nó fág do PJ Mac Láimh agus foireann na Gaeltachta i bPáirc an Chrócaigh'