‘Níl aon rud san áit thiar anois ach caid, caid, caid…’

22 bliain ó shin bhí Fergal Ó Sé agus Conall Ó Cruadlaoich leis an t-aon fhoireann ó Chumann Caide na Gaeltachta a bhain cluiche ceannais na hÉireann amach. Labhair siad le Tuairisc agus iad ag filleadh ar Pháirc an Chrócaigh lena gclub Dé Domhnaigh

‘Níl aon rud san áit thiar anois ach caid, caid, caid…’

Bhí Fergal Ó Sé, a bhí 53 an tseachtain seo, ina imreoir is bainisteoir ar fhoireann na Gaeltachta a chaill cluiche ceannais sinsir na hÉireann in aghaidh na Cealtraí in 2004.

Cé go maithfeá dó dá gceadódh sé dó féin cuimhneamh an tseachtain seo ar fhuascailt a fháil ar deireadh ón lá sin nach mór 22 bliain ó sin, is ar chluiche ceannais idirmheánach na bliana 2026 in aghaidh churaidh Dhoire amháin atá an bainisteoir dírithe.

“Gleann an Iolair agus an Ghaeltacht, tá siad i gcluiche ceannais Chraobh na hÉireann sa chomórtas idirmheánach. Rud iontach is ea é don dá chumann agus nuair a thagann tú chomh fada le cluiche ceannais is dócha gur cuma cé atá romhat ar shlí, caithfidh tú do dhícheall a dhéanamh,” a deir Ó Sé.

Géilleann sé go raibh slánú áirithe ag baint leis an mbua drámatúil a bhí ag an nGaeltacht ar na Solláin sna babhtaí leathcheannais i bPáirc Uí Chaoimh an tseachtain seo caite.

“Fé mar a dúirt Dara [Ó Cinnéide] ina dhiaidh, bhí slánú ag baint leis agus táimid ag fáil seans eile, tá ár gclub ag dul go dtí Páirc an Chrócaigh arís agus táimid ag súil go mór leis.”

Bhí triúr eile d’fhoireann bainistíochta na Gaeltachta ag imirt i gcluiche ceannais na hÉireann in 2004, Dara Ó Cinnéide, Aodhán Mac Gearailt agus Conall Ó Cruadhlaoich.

Deir Ó Cruadhlaoich nach ndéanfar dearmad ar an gcluiche sin is cuma cad a tharlaíonn, ach go dtuigeann sé anois an tábhacht a bhain le haistear na foirne sin.

“Dhera, beidh sé sin ag cur isteach orainn go deo. Tabharfaimid go dtí an uaigh an ceann san, ach féach, bogann tú ar aghaidh. Nach bhfuil sé go hiontach go bhfuil na scéalta san againn, na haistir sin a bhí againn thiar sna nóchaidí déanacha agus sna noughties, fé mar a thugtar orthu.

Conor Ó Corrduibh agus Brian Ó Beaglaoich. Pictiúr: ©INPHO/Nick Elliott

“Gan dabht bhíomar díomách ar an lá agus is dócha anois ag an bpointe seo de do shaol is féidir leat féachaint siar agus féachaint arís ar an méid a dhein sé don gcumann ag an am. Tugann sé daoine le chéile, na glúnta éagsúla.”

Agus an Daingean i gcluiche ceannais na sinsear an tseachtain seo chugainn ní haon údar iontais an t-ábhar cainte is mó atá ag muintir Chorca Dhuibhne na laethanta seo.

“Táimid ag féachaint romhainn anois age baile, idir sinn féin agus An Daingean, gan dabht, agus iad ag dul suas go Páirc an Chrócaigh an tseachtain seo chugainn chomh maith, níl aon rud san áit thiar anois ach caid, caid, caid.

“Is rud iontach é sin mar líonann sé bearna do dhaoine, tugann sé misneach do dhaoine. An cleas óg, mo leaids féin age baile, tá leaid amháin cúig bliana d’aois agus leaid eile ocht, is tá siad sin chomh sceitimíneach faoi seo.”

Bhí cuid d’imreoirí na Gaeltachta a rachaidh chun páirce in aghaidh Ghleann an Iolair Dé Domhnaigh an aois chéanna nuair a bhain an fhoireann a raibh Ó Cruadhlaoich air cluiche ceannais na hÉireann amach.

“Sin é an t-aos a bhí cuid des na leaideanna so anois in 2004, an bhfuil a fhios agat? Is iontach a bheith ag féachaint ar an roth ag casadh. Tá an uair san imithe agus is dos na leaideanna atá anois ann an Domhnach. Tá súil agam go raghaimid céim amháin níos faide ná san.”

Ach oiread le mórán clubanna beaga tuaithe a mbíonn rath orthu bíonn an Ghaeltacht ag brath ar theaghlaigh atá láidir ó thaobh na peile. Deartháireacha a thagann in inmhe agus iad ag imirt le chéile ar chúl an tí.

Is maith a thuigeann Fergal Ó Sé, duine de mhuintir Shé Ard an Bhóthair, an tábhacht a bhaineann leis an teaghlach a sholáthraíonn beirt nó triúr nó níos mó imreoirí do chumann.

“Bhuel is dócha gur buntáiste is ea é ar shlí má bhíonn na deartháireacha san go maith,” a deir sé.

“Tóg an Daingean, mar shampla, táid ana-mhaith, agus tá siad againne leis. Bhíodar riamh sa chumann sa Ghaeltacht – muintir Chonchúir, na Gearaltaigh, na Sés agus anois tá muintir Bheaglaoich, an dá mhuintir Bheaglaoich, againn, mar shampla, agus is cabhair é gan dabht.

“Spreagann siad a chéile agus spreagann siad an fhoireann go léir. Gan dabht, painéal is ea sinn agus tá gach éinne tábhachtach ach cabhraíonn sé, cabhraíonn sé go mór le spiorad an chumainn chomh maith.”

Ní raibh cuid de laochra móra na Gaeltachta – an gaiscíoch idirchontae Brian Ó Beaglaoich ina measc – aclaí a ndóthain chun an cluiche leathcheannais na hÉireann in aghaidh na Sollán a thosú, ach léirigh scata imreoirí óga mianach agus ceannaireacht iontach an lá céanna.

Foireann bainistíochta An Ghaeltacht

Ní chuireann a gcumas ná a ndiongbháilteacht aon iontas ar a mbainisteoir.

“Bhíos ag súil leis mar le dhá bhliain anuas, na mionúirí a tháinig isteach chugainn, imreoirí óga, imreoirí láidre, imreoirí maithe ab ea iad agus tá siad tar éis úinéireacht a dh’fháil ar gheansaí na Gaeltachta.

“An rud maith mar gheall air ná go dtánadar isteach agus bhíodar sásta an fhoghlaim a dhéanamh, foghlaim agus a ngualainn a chur leis an roth.

“Bhíodar sásta pé rud a bhí le déanamh a dhéanamh i gcomhair an gheansaí, i gcomhair na foirne, i gcomhair an chumainn agus nuair atá leaideanna óga mar sin agat atá sásta foghlaim agus sásta aon rud a dhéanamh ar son na cúise, éiríonn leat.”

Tá feachtas fada trom curtha isteach ag an nGaeltacht chun tír tairngire Pháirc an Chrócaigh a bhaint amach.

“Thosnaigh an comórtas seo siar i mí Lúnasa, an 9 Lúnasa is dóigh liom. Is dóigh liom go n-imríomar sé chluiche i gCiarraí, trí chluiche a d’imríomar nuair a thánamar amach as Ciarraí – dhá cheann i gCúige Mumhan agus cluiche leathcheannais na hÉireann in aghaidh na Sollán.

“Beimid ag tabhairt ár n-aghaidh ar Pháirc an Chrócaigh ag imirt an deichiú cluiche agus, gan dabht, téimse i gcónaí siar go dtí an cluiche san thiar i nGallros, cluiche ceathrú ceannais an chontae in aghaidh Ghníomh Go Leith, nuair a bhíomar cúig phointe síos agus an réiteoir ag féachaint ar an bhfeadóg dheiridh a shéideadh.

“Thógamar an ceann san amach as an dtine agus is dóigh liom gur sheas sé sin linn. Sheas sé dúinn i gcaitheamh an chomórtais. Bhí beagáinín den ádh arís linn an lá deireanach agus chabhraigh sé go mór linn.”

Bhí Conall Ó Cruadhlaoich ar an bhfoireann bainistíochta chomh maith nuair a bhain an Ghaeltacht babhtaí leathcheannais chraobh idirmheánach na hÉireann amach in 2018 agus tá áthas air a bheith ar ais ar an dtaobhlíne i ndiaidh dó sos a thógáil.

“Is dócha tar éis tamaillín a bheith amuigh uaidh, amuigh ón gcluiche, thosnófá ag machnamh fé agus is rud ana-speisialta é a bheith páirteach le cumann agus bhraitheas uaim é chun a bheith fírinneach.

“Gan dabht, thuigeas, na leaideanna a bhí istigh ann, go rabhadar ag lorg duine éigin. N’fheadar an mé an chéad duine a bhí ar an liosta ach i gclub beag tuaithe mar sin téann sé timpeall agus bíonn tú thar n-ais.”

Tá sé ag súil go mór dul go Páirc an Chrócaigh lena chlub don dara huair Dé Domhnaigh.

“Is rud ana-speisialta é do chlub dul go Páirc an Chrócaigh agus is iad na haislingí is dócha a bhíodh agat riamh mar dhuine óg ná a bheith i bPáirc an Chrócaigh le do chumann nó le Ciarraí.

“Táim an-bhródúil as an bpainéal, as na leaideanna, as an obair ar fad atá curtha isteach, is dócha. Leagann tú amach spriocanna ag tús na bliana agus san sprioc a bhí againn ná a bheith iomaíoch i gCraobh an Chontae agus bhí an t-ádh linn go mbuafar é sin.

“Thángamar tríd feachtas dúshlánach, deacair, cruaidh in aghaidh foirne iontacha. Bhuamar ar fhoirne ó oirthear Chiarraí agus is dócha sin é an áit atá an treocht ag imeacht ó thaobh an daonra. Cosúil leis an gcuid eile den tír, sin mar atá.”

Éanna Ó Conchúir. Pictiúr: ©INPHO/Nick Elliott

Pé rud a tharlóidh, ní dóigh le Fergal Ó Sé go mbeidh mórán idir na foirne Dé Domhnaigh.

“Tá a fhios agamsa an dá fhoireann a bhfuil an cluiche ceannais sroichte acu, tá siad go maith. Braitheann sé ar an lá. Is foireann láidir aclaí iad Gleann an Iolair. Caithfimidne a bheith i mbarr ár réime lenár gcluiche féin agus gach éinne ar a mbarraicíní chun an cluiche a bhuachtaint.

“Ach má dheinimid na rudaí simplí i gceart agus má dheinimid níos lú dearúdaí ar an ngort ná iad agus má bhíonn beagáinín den ádh linn chomh maith, beimid ag súil go dtabharfaimid an svae linn ar an nDomhnach.”

Tá rud éigin speisialta faoina bheith ag tabhairt aghaidh ar chlubanna tuaithe eile, dar le Conall Ó Cruadhlaoich.

“Gleann an Iolair anois Dé Domhnaigh, tá an rud céanna acu féinig. Tuigim go bhfuil siad céad bliain ar an bhfód i mbliana ach tá súil againne an script san a shracadh as a chéile agus tá ár script féin againne. Agus sin é mar a bhíonn.”

Fág freagra ar '‘Níl aon rud san áit thiar anois ach caid, caid, caid…’'