‘Níl forbairt ar bith á déanamh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta de bharr ciorruithe’ – Ó Cuív

Deir an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil ‘go n-aithneodh éinne atá ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta ar na saolta seo go bhfuil ciorruithe i ndiaidh ciorruithe á gcur i bhfeidhm’

‘Níl forbairt ar bith á déanamh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta de bharr ciorruithe’ – Ó Cuív

Deir an Teachta Dála agus iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív nach bhfuil “forbairt ar bith á dhéanamh” ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar na “ciorruithe i ndiaidh ciorruithe” atá á gcur i bhfeidhm air.

Agus ráitis á dtabhairt do Sheachtain na Gaeilge sa Dáil, dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil gur chóir don Rialtas an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a léamh arís agus aird a thabhairt ar a bhfuil ann faoi fhorbairt na meán agus cúrsaí oideachais go háirithe.

Mhaígh Ó Cuív nach raibh dóthain acmhainní ag TG4 ná ag RTÉ Raidió na Gaeltachta agus nach raibh “forbairt ar bith” á déanamh ar RnaG dá bharr.

“Ar an gcéad dul síos ó thaobh na meán cumarsáide, aithneoidh éinne atá ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta ar na saolta seo go bhfuil ciorruithe i ndiaidh ciorruithe á gcur i bhfeidhm. Níl forbairt ar bith á anamh air. Maidir le TG4, nuair a chuirtear an chistíocht atá ar fáil ag TG4 le hais RTÉ, atá ag craoladh i mórtheanga an domhain, feictear go bhfuil sé fágtha ar an ngannchuid,” a dúirt Ó Cuív.

Dúirt Ó Cuív gur chóir sciar níos mó d’airgead an cheadúnais teilifíse a thabhairt do TG4.

Mhol sé chomh maith, mar atá molta go minic cheana aige, go mbunófaí stáisiún raidió popcheoil “ar nós 2FM” a bheadh ag craoladh as Gaeilge. D’fhéadfaí é sin a dhéanamh, a dúirt sé “trí Raidió Rí-Rá” nó trí “bhealach nua” a thabhairt do Raidió na Gaeltachta.

Bhí Raidió na Gaeltachta thíos go mór leis na ciorruithe a raibh RTÉ iad a chur i bhfeidhm le linn bhlianta na géarchéime eacnamaíochta agus os cionn 20% níos lú sa bhuiséad ag an stáisiún Gaeilge anois ná mar a bhí in 2008.

Ina ráiteas Dála féin do Sheachtain na Gaeilge, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh go gcreideann sé  “go láidir” go bhfuil “féidearthachtaí móra ann cuidiú le cur chun cinn na Gaeilge tríd an teicneolaíocht”.

“Is cúis sásaimh agus dóchais é an chaoi go bhfuil an Ghaeilge le fáil go forleathan ar na meáin dhigiteacha agus go bhfuil obair cheannródaíoch ar bun san earnáil seo. Ba mhaith liom na hardáin éagsúla ilmheáin atá forbartha ag RTÉ, TG4 agus Raidió na Gaeltachta a lua mar shamplaí.

“Tá tábhacht ar leith le nuachtáin agus irisí Gaeilge ar nós Tuairisc.ie. Tá forbairtí móra déanta agus á ndéanamh ar chorpas na Gaeilge leis an bhfoclóir nua focloir.ie agus an suíomh tearma.ie,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta.

Fág freagra ar '‘Níl forbairt ar bith á déanamh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta de bharr ciorruithe’ – Ó Cuív'