Cogaíocht Hibrideach
Le bliain anuas tá cibirionsaithe, ionsaithe ar an gcóras suite domhanda (GPS), ionsaithe ar bhonneagar, ionsaithe coirloiscthe agus eachtraí le córais taistil i dtíortha éagsúla tar éis teacht chun cinn fud fad na hEorpa.
Cé go raibh na heachtraí agus na cibirionsaithe níos déine níos luaithe sa bhliain, tá siad fós ag tarlú.
Ó thús na bliana rinneadh cibirionsaithe ar Pharlaimint na hEorpa, ar ranna rialtais na Fraince, ar ghníomhaireachtaí rialtais sa Liotuáin, sa tSualainn, agus sa tSeicia, ar pháirtí polaitíochta atá mar chuid de rialtas na Gearmáine agus ar chóras uisce na Polainne. Dar le hurlabhraí de chuid seirbhísí slándála na Gearmáine bhí aonaid d’arm na Rúise taobh thiar den chuid is mó de na hionsaithe seo.
Bhí ionsaithe ar an gcóras suite domhanda in oirthear agus i dtuaisceart na hEorpa, go háirithe sna Stáit Bhaltacha, rud a chuir isteach go mór ar eitiltí sa réigiún. Cuireadh stop le heitiltí idir aerfoirt san Fhionlainn agus an Eastóin ar feadh tamaill agus tuairiscíodh gur cuireadh isteach ar sheirbhísí éigeandála san Iorua mar gheall ar na hionsaithe sin. Gan aon stát ar leith á lua aige, dúirt urlabhraí ón bhFionlainn nach mbeadh na hacmhainní ach amháin ag stát cumhachtach chun cur isteach ar an gcóras suite domhanda.
I mí an Mhárta tuairiscíodh go ndearnadh ionsaí leictreonach ar eitilt ina raibh aire cosanta na Breataine ag taisteal ag an am.
Bhí eachtraí leis na córais traenach sa Ghearmáin, sa Pholainn agus sa tSualainn ina ndearnadh iarrachtaí traenacha a chur de na ráillí. Rinneadh ionsaithe coirloiscthe ar bhusanna sa Liotuáin, sa tSeicia agus sa Pholainn chomh maith, ionsaithe a mhaígh príomh-aire na Seicia go raibh na Rúisigh freagrach astu.
Rinneadh ionsaithe coirloiscthe ar ghnólacht Úcránach sa Bhreatain agus ar mhonarcha arm sa Ghearmáin agus gabhadh beirt agus iad i mbun pléascán a chur gar do bhunáit mhíleata sa Bhaváir.
Gabhadh beirt eile sa Pholainn tar éis ionsaí foréigneach a bheith déanta ar dhuine den fhreasúra Rúiseach sa Liotuáin i mí Aibreáin. Ghabh na Gearmánaigh beirt Ghearmánach-Rúiseach sa samhradh agus cuireadh ina leith go raibh sé beartaithe acu príomhfheidhmeannach Rheinmetall, déantóir mór arm, a mharú.
Bliain ó shin ghearr long Shíneach, a raibh ceadúnas aici ón Rúis, cábla sonraí agus píblíne gháis faoin Mhuir Bhailt idir an Fhionlainn agus an Eastóin.
Anuas ar na heachtraí agus na hionsaithe sin ar fad, mhaígh údaráis slándála sa Ghearmáin, sa Pholainn agus sa Bhreatain go raibh siad tar éis dronga spiaireachta na Rúise a nochtadh agus mhaígh údaráis na Beilge go raibh drong spiaireachta ag feidhmiú i bParlaimint na hEorpa mar chuid de na hiarrachtaí tionchar a imirt ar thoghcháin na hEorpa.
Is deacair a shamhlú nach raibh na heachtraí agus na hionsaithe seo mar chuid d’fheachtas comhordaithe na Rúise.
Glactar le cibirionsaithe mar chuid de choimhlintí idirnáisiúnta le fada agus tá siad á n-úsáid ag an Rúis ar thíortha in oirthear na hEorpa le blianta, amhail iad siúd a rinneadh ar an Eastóin in 2007 a chuir isteach go mór ar bheagnach gach gné de shaol laethúil na tíre sin ar feadh míosa.
Impleachtaí d’Éirinn
Agus an cogadh san Úcráin ag leanúint ar aghaidh ar leibhéal níos déine ná mar a bhí ag aon am eile sa chéad dhá bhliain go leith den ionradh, gach seans go leanfaidh na hionsaithe hibrideacha ar thíortha na hEorpa ar aghaidh chomh maith, ach an mbeidh Éire i mbaol?
De réir Institiúid Kiel sa Ghearmáin, tugann Éire níos lú cúnaimh don Úcráin ná aon tír eile san Aontas Eorpach. Anuas air sin, ní chuireann Éire airm ar fáil agus níl sí mar chuid den chóras soláthair arm don Úcráin.
Mar gheall air seo is féidir talamh slán a dhéanamh de nach bhfuil Éire ar bharr aon liosta targaidí a d’fhéadfadh a bheith ann ná i mbaol ionsaithe mar iad siúd thuasluaite, faoi láthair.
Ach is féidir léamh eile a bheith ar chúrsaí freisin. Toisc go bhfuil Éire ina ballstát den Aontas Eorpach agus mar chuid de chóras polaitíochta an Iarthair, d’fhéadfaí glacadh leis go mbeidh sí ina targaid i gcónaí, cé go mbeidh an baol sin níos lú ná tíortha eile.
Dar le ceannaire aonad faisnéise agus slándála an Gharda Síochána, tá an Rúis ar cheann de na tíortha atá ag spiaireacht ar an tír faoi láthair. Ina theannta sin, dúirt an Tánaiste le déanaí go gcaithfimid glacadh leis go bhfuil cogaíocht hibrideach ag tarlú agus go bhféadfadh na cáblaí sonraí ar ghrinneall na farraige amach ó chósta na hÉireann a bheith mar thargaidí luachmhara.
Tar éis cibirionsaí coiriúil ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) in 2021 d’fhógair an Rialtas go raibh siad chun níos mó infheistíochta a chur ar fáil don Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála. Mar chuid d’iarrachtaí eile ghlac an Lárionad agus Óglaigh na hÉireann páirt i gcleachtaí a d’eagraigh lárionad cibearchosanta NATO i mbliana.
Anuas air seo, tá an tír mar chuid de chomhaontú le NATO chun níos mó tacaíochta a fháil chun cáblaí sonraí a chosaint agus chun cibearchosaintí a neartú. Tá tíortha eile san Eorpa, nach ballstáit NATO iad, lena n-áirítear Málta, an Ostair agus an Eilvéis, mar chuid den chomhaontú céanna. Mar chuid den chomhaontú gheobhaidh na tíortha níos mó faisnéise maidir leis na bagairtí agus cuirfear comhairle ar fáil chun dul i ngleic leo.
Tá an chuma air nach bhfuil aon laghdú ar an teannas idirnáisiúnta ar na bacáin. Má tharlaíonn ionsaithe hibrideacha nó fiú mura dtarlaíonn, ba chóir a bheith ag súil go ndéanfaidh an Rialtas an infheistíocht agus na hullmhúcháin chuí chun a fhreagrachtaí, maidir le háiseanna agus muintir na tíre a chosaint, a chomhlíonadh.
Fág freagra ar 'Níl Éire ar bharr an liosta ach glac leis go mbeidh sí ina targaid i ré na cogaíochta hibridí'