Níl cur síos ar an ardmheas a bhí ar Mhaidhcín Dan Ó Droighneáin, an t-iománaí ab fhearr a tháinig as Cois Fharraige

Bhain Maidhcín Dan Ó Droighneáin, nó ‘Tex’ mar a bhí aithne air, cáil amach mar iománaí le foirne na Gaillimhe ach bhí sé sáite i bpobal a cheantair dhúchais

Níl cur síos ar an ardmheas a bhí ar Mhaidhcín Dan Ó Droighneáin, an t-iománaí ab fhearr a tháinig as Cois Fharraige

Ar an 6ú Nollaig 1930 a saolaíodh Maidhcín, an dara mac ag Dan Sheáin Mhic Ó Droighneáin as an Tuar Beag agus ag Sailí Mhicil Liam Ó Conghaile as Ros an Mhíl.

Bhí a dheartháir Seán, trócaire air féin, níos sine ná é. Ina dhiaidh tháinig Taimín agus Máirtín.

Bhí sinsir Mhaidhcín an-sáite i nGluaiseacht na Poblachta. Bhí a uncail Micheál Ó Droighneáin ina cheannasaí ar Bhriogáid an IRA in Oirthear Chonamara. Uncail eile dó Máirtín gníomhach freisin, mar a bhí a athair Dan.

Bhí teach a mhuintire ar cheann díobh siúd a dhóigh na Black and Tans i ngníomh díoltais i mBealtaine na bliana 1921.

Beagán faoi dheich mbliana fichead ina dhiaidh sin liostáil Maidhcín Dan sa gCéadchath Gaelach ar an Rinn Mhór i nGaillimh.

Bhí fáilte mhór san arm an uair sin roimh fhir-óga láidre, lúfara, go háirithe iad siúd a bhí oilte i gcúrsaí spóirt.

Ní raibh duine ab oiriúnaí ná an t-earcach as an Tuar Beag – cúpla orlach le cois na 6 troithe, caol agus aclaí dá réir.

Ansiúd a baisteadh an leasainm air a ghreamaigh dó an chuid eile dá shaol …….‘Tex’.

Ba san arm a fuair sé an chéad deis a chuid aclaíochta a chur in iúl. Togha iománaí a bhí ann ar fhoirne an Chéad Chathláin agus bhí sé foirfe freisin sa reathaíocht trastíre agus sa gcró dornálaíochta.

Tar éis cúpla bliain a chaitheamh ar an Rinn Mhór, fuair Tex job a d’fheil níos fearr arís dó – ag obair i gceann a d’fhág i measc an phobail é lá i ndiaidh lae, eisean ag baint astu-san agus iadsan ag baint as.

Chaith sé na blianta ina fhear posta – ar a rothar ar dtús, sular trustaíodh leis an gcarr é, ag iompar a gcuid postais chuig pobail pharóistí an Chnoic agus an Spidéil.

Níl cur síos ar an ardmheas a bhí ag an bpobal sin air, ní nach iontas, mar bhí an croí mór, an fhoighid agus an soilíos chomh mór ina phearsantacht agus a bhí an gean, an t-ómós, an discréid agus an ghnaíúlacht.

Bhí an meas céanna air sa gcuid is faide soir de Dhoire Locháin agus a bhí sa gcoirnéal is faide siar de Chor na Rón.

Phós sé Máire Pheitir (Ní Chualáin), a bhfuil aithne mhaith leis na blianta uirthi féin as a cuid aisteoireachta agus a cuid amhránaíochta, agus bhí triúr clainne orthu, Sailí, Dónal agus Piaras.

Nuair a bunaíodh Cumann Iománaíochta an Spidéil sna 1950idí bhí Maidhcín Dan ar dhuine dá chuid réaltaí agus i 1955 bhí sé ar an gcéad iománaí de chuid an chumainn a d’imir do Ghaillimh.

Thug sé bonn Craoibhe Chonnacht leis an bhliain sin agus bhí ar an bpainéal ar bhuaigh Corcaigh orthu i gCluiche Ceannais Sóisearach na hÉireann in Aonach Urmhumhan.

Is beag a d’easaontódh gurbh é Tex an t-iománaí ab fhearr a tháinig as an gceantar ariamh agus is comhartha ar a chumas iomána go raibh sé in ann áit a bhaint amach ar an bhfoireann sin nuair a chuimhníonn tú ar an am nach raibh baint ar bith ag an bhfocal ‘sóisearach’ le grád na hiomána.

Ba í an fhoireann shinsir an ceann ab fhearr a bhí ag contae agus an ceann sóisir an dara ceann ab fhearr. Cruthúnas air sin is ea gur imir ceathrar a bhí ar an bhfoireann le Tex, – Tim Sweeney, Fergus Benson, Pakie Burke agus P.J. Lally le sinsir na Gaillimhe i gcluiche ceannais na hÉireann 1958 in aghaidh Thiobraid Árann.

Dhá bhliain dár gcionn ba le Tex arís a bhain an eachtra ba mhó go dtí sin i stair iomána an Spidéil nuair a d’imir sé, i gCluiche Ceannais ar Pháirc an Chrócaigh – an cluiche ceannais sóisearach arís in aghaidh Luimnigh – an chéad duine ón gcumann a d’imir ansiúd, de réir mo bharúla.

I lár na páirce a bhí Tex roghnaithe, an áit ab ansa leis, ach cúpla lá sular imríodh Cluiche Ceannais 1957 thit aighneas mór amach in iomáint na Gaillimhe.

Seachtain na himeartha, cuireadh Jimmy Burke an Turlaigh Mhóir ar fionraí siocair eachtra a tharla i gcluiche idir iadsan agus Cumann Uí Mhaoilíosa, ar an Domhnach.

Bhí an Búrcach le bheith ag imirt mar lántosach ar fhoireann na Gaillimhe i bPáirc an Chrócaigh agus ní hamháin anois nach raibh aon fháil air siúd sa gcluiche mór, ach dhiúltaigh beirt eile as an Turlach, a bhí roghnaithe, imirt ach an oiread.

Sa mullach air sin d’fhág gortú nach raibh Tim Sweeney in ann a dhul chun páirce agus aistríodh Maidhcín siar mar lánchúlaí ar dheis, áit nár chleacht sé, agus buadh ar Ghaillimh 7-15, 5-8.

Galway’s efforts deserved something better than a 13 point beating” a dúirt Scéala Éireann lá arna mhárach….”Ned Kenny, Eddie Duggan, Tom Broderick and Tex Thornton, were the pick of the backs,” a dúirt an Curadh Connachtach.

Trí bliana dár gcionn bhí Maidhcín ar fhoireann Chois Fharraige a bhuaigh Craobh Shóisir Iomána Iarthar na Gaillimhe – an chéad chraobh a bhuaigh siad ariamh.

Roinnt blianta ina dhiaidh sin, nuair a thit foireann an Spidéil as a chéile de bharr na himirce, chuaigh an Droighneánach i mbun imeartha le Rathún. Is beag suim a bhí aige bualadh suas ar a rothar ar an Tuar Beag agus a dhul go Páirc na Sceiche, áit a dtagadh muintir Rathúin le chéile. Agus iad fillte as pé áit a mbíodh an imirt ar bun, théadh sé in airde ar an rothar arís le dul abhaile – aistear fillte 30 míle nó beagnach leathchéad ciliméadar.

Nuair a athbhunaíodh cumann an Spidéil i dtús na 1960idí bhí Maidhcín leo arís agus é ar an bhfoireann a bhuaigh Craobh an Iarthair 3 bliana as a chéile.

Le linn an achair sin athbhunaíodh Cumann Micheál Breathnach, an cumann peile a bhí ina pharóiste dúchais – Paróiste an Chnoic agus chomh maith le bheith ag imirt na hiomána leis an Spidéal, d’imir an Droighneánach peil ar fhoireann na mBreathnaigh.

Léifear Aifreann na marbh do Mhaidhc Dan Ó Droighneáin i Séipéal an Spidéil ag meán lae inniu agus cuirfear é tar éis an Aifrinn i Reilig Mhaírois, ar an gCloich Mhóir.

Fág freagra ar 'Níl cur síos ar an ardmheas a bhí ar Mhaidhcín Dan Ó Droighneáin, an t-iománaí ab fhearr a tháinig as Cois Fharraige'

  • Muiris Ó Scanaill

    Chuala mé scéal – níl fhios agam an bhfuil sé fíor nó nach bhfuil ach is scéal maith é – nuair nach raibh Tex ag déanamh a dhóthain traenáil le foireann an Spidéil go gcuirfeadh rúnaí an chumainn leitir sa bposta cuile lá chuig na Breatnaigh i Leitir Fir. Arnó bheadh ar Tex ansin, siúl isteach go Leitir Fir leis an leitir, míle isteach ó Bhothluisce Uachtair agus míle eile amach arís. Ní bheadh leitir ar bith sa gclúdach, ach bhainfeadh sé siúlóid as Tex, cineál traenáil.

    Go ndéana Dia trócaire ar an duine uasal, lách.

  • Pól Ó Grífín

    Scéal fíor-shuimiúil faoi fhear le fuinneamh as an ghnáth, i mo thuairim. Go ndéana Dia trócaire ar a anam.