Ní freagra ar bith é an fuarchaoineachán faoi chostas fiosruithe

Sé dualgas an stáit saoránaigh a chosaint agus an dlí a chomhlíonadh gan scáth gan claonadh - nuair a sháraítear an dualgas sin caithfear an truailliú a fhiosrú

Ní freagra ar bith é an fuarchaoineachán faoi chostas fiosruithe

Cead cainte ag íobartaigh. Cluas le héisteacht le daoine a d’fhulaing, atá á gcrá fós ag pianta aigne agus coirp. Aitheantas ar deireadh do dhaoine gur staitisticí ab ea go leor acu go dtí seo. Breis is sé bliana fichead i ndiaidh bhuamáil an Fhíor-IRA ar an Ómaigh inar maraíodh 29 duine, ina measc bean a bhí ag súil le cúpla, agus inar gortaíodh os cionn 200 duine, tá an t-eolas atá ag teacht chun solais ag an bhfiosrú poiblí lá i ndiaidh lae tragóideach scáfar. Is léir nach bhfaighidh go leor faoiseamh lena mbeo ó uafás an 15 Lúnasa 1998.

Dúirt duine de na finnéithe go raibh súil acu go raibh na dúnmharfóirí a leag an buama ag éisteacht le toradh a saothair agus go mbeadh breith ar a n-aithreachas acu. Caolseans, faraor, ach chaithfí a bheith ag súil go gcuirfeadh a bhfuil curtha faoi bhráid an fhiosraithe oiread déistine agus alltachta ar dhaoine nach n-iompódh éinne eile ar an fhoréigean.

‘Sé cuspóir an fhiosraithe a fháil amach an bhféadfadh an t-ionsaí a bheith coiscthe, an ndearna laigí slándála ar dhá thaobh na teorann é níos éascaí ag na buamadóirí a sléacht a dhéanamh. Fiú má tá amhras ar roinnt an éireoidh leis an mBreitheamh Turnbull agus a fhoireann freagraí na gceisteanna sin a aimsiú, tá an deis seo dlite do na híobartaigh. Ba dhanartha an mhaise é d’éinne fiúntas an fhiosraithe a cheistiú.

Sin é atá déanta áfach i dtuairisc ó mheitheal mhachnaimh na heite deise sa Bhreatain, Policy Exchange agus ag iarSheansailéir an Státchiste, an Caomhach Jeremy Hunt. Ní hé fiosrú na hÓmaí go sonrach atá á cheistiú acu ach caiteachas poiblí ar oidhreacht na dTrioblóidí.

Ina réamhfhocal don bpáipéar ‘The £2billion+ cost of legacy in Northern Ireland’ a foilsíodh le linn an fhiosraithe san Ómaigh, dúirt Hunt gur beag machnamh a bhí déanta faoin gcostas san iomlán a bheadh i gceist, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh an brú airgeadais ar ranna rialtais i Londain agus i mBéal Feirste.

Ní nach ionadh mhaígh Hunt go ndearna na Tóraithe iarracht a dhul i ngleic le ceist na hoidhreachta, é ag cosaint an Achta a sháraigh cearta daonna agus nach raibh glacadh ag éinne leis ach acu féin.

Ní léir fós an gcomhlíonfaidh an Príomh-Aire Keir Starmer an gheallúint a thug sé is é sa bhfreasúra go gcuirfeadh sé an tAcht Oidhreachta agus Athmhuintearais lochtach ar ceal; dúirt Jeremy Hunt gur chosúil go raibh rialtas an Lucht Oibre ag cloí le ‘dleathaíocht’, beag beann ar chostas nó tairbhe. Chuir sé i leith an rialtais nach raibh an gnáthmhachnamh a dhéantar faoi chaiteachas á dhéanamh i dtaca le déileáil le hoidhreacht na coimhlinte i dTuaisceart Éireann.

D’áirigh údair an pháipéir go mbeadh costas £70 milliún ar fhiosrú na hÓmaí. Is ionann sin agus an ceathrú cuid dar leo den bhille as fiosrú Dhomhnach na Fola, £191milliún, cothrom le £290 milliún ar luach an lae inniu.

Ag cur fiosruithe Stevens faoi chlaonpháirteachas, obair an HET agus grúpaí fiosruithe eile faoi choireanna stairiúla, ionchoisní, cásanna sibhialta, cúisimh agus scéimeanna cúitimh san áireamh chomh maith le caiteachas ar an bhfiosrú poiblí atá geallta ar mharú Pat Finucane, ba é meastachán Policy Exchange go mbeidh costas suas le £2.7 billiún ar oidhreacht na dTrioblóidí .

Díol suntais ag éinne a bheadh ag breathnú go fuarchúiseach ar an meastachán sin ó ghrúpa a chreideann gur cheart stop a chur le fiosruithe is ea é go ndéantar neamhshuim de na polasaithe slándála agus cinntí polaitiúla faoi ndear fiosruithe a bheith éilithe. Murach séanadh agus bréaga ní bheadh gá le fiosrú poiblí faoi Dhomhnach na Fola, ar £191milliún.

Murach claonpháirteachas a bheith forleathan –ach séanta – ní bheadh gá le caiteachas ar fhiosruithe iomadúla John Stevens agus na trí cinn a d’eascair as iniúchadh an Bhreithimh Corey. Chosain siad sin breis is £113 milliún ar fad. Murach ionchoisní tráthúla a bheith ceilte ar íobartaigh, ní bheadh gá le £55milliún a ceadaíodh sa chéad seo d’ionchoisní maidir le heachtraí a tharla suas le caoga bliain ó shin.

Níl leithscéal as foréigean na bparaimíleatach ná cosaint air agus ba iadsan, idir phoblachtánaithe agus dílseoirí, ba mhó a bhí freagrach as daoine a mharú. Ach sé dualgas an stáit saoránaigh a chosaint agus an dlí a chomhlíonadh gan scáth gan claonadh. Nuair a sháraítear an dualgas sin caithfear an truailliú a fhiosrú.

Ní freagra ar bith é an fuarchaoineachán faoi chostas – go háirithe ó iarsheansailéir i rialtas a rinne ciseach den eacnamaíocht. Masla i gceann na héagóra a bheadh ann dá mbainfeadh rialtas Starmer leas as tuairimí ar nós na gcinn ó Policy Exchange mar leithscéal chun beart críochnúil maidir le hoidhreacht na dtrioblóidí a sheachaint.

Fág freagra ar 'Ní freagra ar bith é an fuarchaoineachán faoi chostas fiosruithe'